Inneachar an leathanaighInneachar an leathanaigh Freagra Ba cheart go mbeadh sé chomh héasca céanna toiliú a tharraingt siar agus a bheidh sé é a thabhairt. Má tharraingítear toiliú siar, ní féidir le do chuideachta/d’eagraíocht na sonraí a phróiseáil a thuilleadh. Nuair a tharraingítear toiliú siar, ní mór do do chuideachta/d’eagraíocht a chinntiú go scriostar na sonraí, seachas más féidir iad a phróiseáil ar fhoras dlíthiúil eile (cuir i gcás, ceanglais stórála nó a mhéid is gá chun an conradh a chomhlíonadh). Má bhí na sonraí á bpróiseáil chun cúpla críoch, ní féidir le do chuideachta/d’eagraíocht na sonraí pearsanta a úsáid le haghaidh na coda sin den phróiseáil ar tarraingíodh an toiliú siar ina leith ná le haghaidh aon cheann de na críocha, ag brath ar chineál tharraingt siar an toilithe. Sampla Cuireann tú nuachtlitir ar líne ar fáil. Tugann do chliant a thoiliú liostáil leis an nuachtlitir ar líne, toiliú a thugann an cead duit na sonraí ar fad maidir leis na rudaí a bhfuil suim aige iontu a phróiseáil chun próifíl a chur le chéile de na hailt a mbreathnaíonn sé orthu. I ndiaidh bliana, cuireann sé ar an eolas thú nach mian leis an nuachtlitir ar líne a fháil a thuilleadh. Ní mór duit na sonraí pearsanta ar fad a bhaineann leis an duine sin agus a bailíodh i gcomhthéacs na liostála leis an nuachtlitir a scriosadh ó do bhunachar sonraí, an próifíl/na próifílí a bhaineann leis an duine sin san áireamh. Tagairtí Airteagal 7 agus Aithrisí (32), (33), (42), (43) agus 58 de RGCS Treoirlínte EDPB maidir le toiliú faoi Rialachán 2016/679