Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Ráiteas maidir le cosaint sonraí - Comhphlé leis na saoránaigh

Lexislación

Tá an chosaint a thugtar do dhaoine aonair i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta bunaithe ar Rialachán (CE) 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L8 12/01/2001). Tá an phróiseáil sonraí sin dleathach de réir Airteagal 5(d) den Rialachán sin ("Tá a thoiliú tugtha go soiléir ag an duine is ábhar do na sonraí") 

Cur síos ar an tseirbhís

Is éard atá sa tseirbhís seo uirlis chun imeachtaí a chlárú. Is féidir le saoránaigh clárú chun freastal ar Chomhphlé na Saoránach tríd an bhfoirm chlárúcháin ar líne a líonadh. Is ionann clárú agus toiliú ríomhphost a fháil ina ndeimhneofar gur rannpháirtí tú agus ceann eile ina mbeidh litir bhuíochais a fháil tar éis an imeachta. Féadfar na sonraí a bhaileofar a úsáid chun nuachtlitreacha a sheoladh amach anseo ní hamháin maidir leis an imeacht féin ach maidir le himeachtaí eile amach anseo a thiocfaidh as Comhphlé na Saoránach chomh maith le suirbhéanna. Ní mór d'úsáideoirí a dtoiliú a thabhairt go sainráite tríd an ticbhosca cuí a roghnú agus is féidir leo diúltú bheith páirteach trí dhul i dteagmháil leis an rialaitheoir sonraí trí ríomhphost.

Cé na sonraí a bhailímid?

Bailímid agus próiseálaimid faisnéis faoi d'ainm, do shloinne agus do ríomhphost agus iarraimid ort do thoiliú a thabhairt dúinn dul i dteagmháil leat amach anseo maidir le Comhphlé na Saoránach.

Cé aige a mbeidh rochtain ar do shonraí?

Beidh rochtain ag líon teoranta d'oibrithe i gceanncheathrú an Choimisiúin Eorpaigh ar do shonraí pearsanta. Tá na hoibrithe sin ag obair i réimsí na cumarsáide agus na tacaíochta teicniúla. Ní roinnimid aon sonraí pearsanta le tríú páirtithe.

Conas a dhéanfar do chuid sonraí a stóráil?

Déanfar do shonraí pearsanta a stóráil ar ár ríomhairí atá á mbainistiú ag uirlis ríomhaireachta a d'fhorbair Roinn Faisnéisíochta an Choimisiúin Eorpaigh (DG DIGIT). Tá na freastalaithe sin suite inár n-áitreabh i Lucsamburg. Urramaítear na rialacha maidir le rúndacht agus cosaint sonraí pearsanta le linn na próiseála i gcomhréir le Rialachán (CE) 45/2001.

Cá fhad a choimeádfar na sonraí?

Nuair a chláróidh tú le haghaidh imeachta, coimeádfar do shonraí pearsanta inár mbunachar sonraí go ceann trí bhliana. Tar éis na tréimhse sin scriosfar na sonraí lena bhféadfaí thú a aithint ach coimeádfar na sonraí a bhféadfaí úsáid staitistiúil a bhaint astu.

Cén chaoi ar féidir leat do shonraí a sheiceáil, a athrú nó a scriosadh?

Chun do shonraí a athrú, a sheiceáil nó a scriosadh, ní mór duit dul i dteagmháil leis an rialaitheoir sonraí.

Rialaitheoir sonraí

Má tá ceist ar bith agat nó iarratais a bhaineann leis an bhfaisnéis a sheol tú isteach chun clárú don nuachtlitir nó má tá gearán agat maidir le bailiú agus úsáid do shonraí pearsanta, ná bíodh leisce ort dul i dteagmháil leis an rialaitheoir sonraí. An tUasal joachim [dot] ottatec [dot] europa [dot] eu (Joachim OTT), Ceann Aonaid Chomhphlé na Saoránach, DG COMM C2, 1049, an Bhruiséil, an Bheilg.

Gearáin

Is féidir gearáin, i gcás easaontas leis an rialaitheoir, a sheoladh chuig an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí