Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Comhphlé leis na Saoránaigh

Freastail ar sheisiún saor in aisce den Chomhphlé leis na Saoránaigh d’fhonn tionchar a imirt ar an díospóireacht faoin Eoraip.

Díospóireachtaí poiblí ar bheartais an Aontais

Is éard is Comhphlé na Saoránach ann ná sraith díospóireachtaí poiblí le Coimisinéirí Eorpacha agus lucht déanta cinntí an Aontais, cuir i gcás feisirí de Pharlaimint na hEorpa agus polaiteoirí náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla.

Seisiún ceisteanna agus freagraí a bhíonn sna himeachtaí. Deis is ea iad le ceisteanna a chur ar pholaiteoirí de chuid an Aontais, do chuid tuairimí a nochtadh dóibh agus insint dóibh faoin difear a dhéanann beartais an Aontais dóibh. Is féidir leat do chuid smaointe faoina bhfuil i ndán don Eoraip a chur in iúl chomh maith.

Eagraítear na seisiúin i gcathracha ar fud an Aontais Eorpaigh, bíonn siad saor in aisce agus déantar roinnt mhaith acu a chraoladh go beo ar líne.

Is féidir leat páirt a ghlacadh sa díospóireacht ar Twitter freisin ach úsáid a bhaint as an haischlib #EUdialogues.

Faigh amach na dátaí agus ionaid na gComhphléití leis na Saoránaigh atá ar na bacáin.