Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Deiseanna maoiniúcháin le haghaidh gnólachtaí beaga

Na príomhdheiseanna maoiniúcháin

An rochtain atá ag fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) ar mhaoiniú agus ar mhargaí a éascú

Is éard is aidhm do Chlár an Mhargaidh Aonair an rochtain atá ag FBManna ar mhaoiniú agus ar mhargaí a éascú. Is í Gníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí agus na bhFiontar Beag agus Meánmhéide (EISMEA) a bhainistíonn an clár.

FBManna a thacaíonn le líonraí fuinnimh, iompair agus digiteacha an Aontais Eorpaigh

Tá FBManna incháilithe freisin chun maoiniú a fháil ón tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, ar clár é lena maoinítear tionscadail i réimsí an fhuinnimh, an iompair agus TFC. Tá snáithí SCE á mbainistiú ag an nGníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an Aeráid, Bonneagar agus Comhshaol (CINEA) agus an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an tSláinte agus an Digitiú (HaDEA).

FBManna i réimse an taighde agus na nuálaíochta

Is é Fís Eorpach príomhchlár maoiniúcháin an Aontais don taighde, an clár a tháinig i gcomharbacht ar Fís 2020. Tacaíonn sé le tionscadail taighde i neart réimsí éagsúla, atá idir lámha ag eagraíochtaí agus ag taighdeoirí aonair.

FBManna i réigiúin na hEorpa

Is éard is aidhm do bheartas comhtháthaithe an Aontais Eorpaigh éagothromaíochtaí ó thaobh saibhris idir na réigiúin éagsúla san Eoraip a laghdú. Dírítear leis ar infheistíocht a dhéanamh sna réigiúin, sna cathracha agus san fhíorgheilleagar d'fhonn fás agus poist a spreagadh. Tugtar aghaidh leis an mbeartas sin ar an athrú aeráide agus ar spleáchas an Aontais ar iompórtálacha fuinnimh agus laghdaítear an bhochtaineacht agus an t-eisiamh sóisialta dá bharr.

Príomhthosaíocht i mbeartas comhtháthaithe an Aontais is ea tacaíocht a thabhairt do FBManna. Tá gach Ballstát freagrach as an maoiniúchán a bhainistiú ar a chríoch féin.

Tacaíocht a thabhairt do FBManna in earnáil na talmhaíochta

Leis an gComhbheartas Talmhaíochta (CBT) cuirtear maoiniú ar fáil do ghnólachtaí beaga trí na nithe seo a leanas:

Deiseanna maoiniúcháin eile le haghaidh FBManna

  • Cuireann an Coimisiún Eorpach deontais ar fáil chun tacú le tionscadail nó le heagraíochtaí a bhfuil sé d'aidhm acu leas an Aontais Eorpaigh a dhéanamh. Féadfaidh FBManna agus páirtithe leasmhara eile iarratas a dhéanamh trí fhreagra a thabhairt ar ghlaonna ar thograí faoi chláir mhaoiniúcháin an Aontais. Baineann an Coimisiún leas freisin as conarthaí poiblí chun earraí agus seirbhísí a cheannach. Is trí ghlaonna ar thairiscintí a roghnaítear na soláthraithe.
  • Tá tacaíocht ar fáil d'fhiontraithe agus do ghnólachtaí ó raon leathan clár de chuid an Aontais trí institiúidí áitiúla airgeadais. A bhuí leis an tairseach ‘Rochtain ar Mhaoiniú’ is féidir cuardach a dhéanamh le haghaidh maoiniú ón Aontas Eorpach do thionscadail amhail iasachtaí, ráthaíochtaí agus cistiú cothromais chomh maith le mórán tionscadal eile nach iad.
  • Leis an tSaoráid Mhicreamhaoiniúcháin, ar cuid de Chlár an Aontais Eorpaigh um Fhostaíocht agus Nuálaíocht Shóisialta í, cuidítear le hearnáil na FBManna trí iasachtaí suas le €25,000 a chur ar fáil do dhaoine aonair atá ag iarraidh gnólacht beag a chur ar bun nó a fhorbairt.
  • Le Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) cuirtear tacaíocht ar fáil do FBManna ionas gur féidir leo cur lena n-iomaíochas, cuir i gcás trí oiliúint a chur ar fáil dóibh.
  • A bhuí leis an gCiste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (CEMID) tá leibhéil bhreise tacaíochta le fáil do FBManna ar an ábhar gur FBManna iad formhór mór na ngnólachtaí in earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe.
  • an clár LIFE um ghníomhú ar son na haeráide, atá á bhainistiú ag CINEA, cuidíonn sé le cuideachtaí á dtáirgí, teicneolaíochtaí, seirbhísí agus próisis ghlasa a chur ar an margadh trí mhaoiniú a chur ar fáil do na tionscadail ar a dtugtar tionscadail atá gar don mhargadh
  • Deiseanna maoiniúcháin i réimse na forbartha