Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

Sainordú an Oifigigh Cosanta Sonraí (OCS)

Tá OCS amháin nó níos mó ná sin ag gach institiúid lena chinntiú go gcuirtear prionsabail na cosanta sonraí pearsanta i bhfeidhm.

Is é sainordú an Oifigigh Cosanta Sonraí (OCS) a chinntiú go n-urramaíonn na rialaitheoirí a n-oibleagáidí um chosaint sonraí agus go gcuirtear na daoine is ábhair do na sonraí ar an eolas faoina gcearta agus faoina n-oibleagáidí de bhun Rialachán (AE) 2018/1725.

Cinntíonn an OCS go neamhspleách go gcuirtear forálacha Rialachán (AE) 2018/1725 i bhfeidhm go hinmheánach agus coinníonn sé clár poiblí ina bhfuil na hoibríochtaí próiseála atá déanta ag an gCoimisiún.

Tá Comhordaitheoir Cosanta Sonraí (CCS) ceaptha ag an gCoimisiún i ngach ardstiúrthóireacht (AS). Tá údar maith leis sin de bharr mhéid na hinstitiúide agus an ghá atá le ról comhordúcháin sna hardstiúrthóireachtaí éagsúla. Ina theannta sin ceapadh OCS ar leith don Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF).