Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

An tAontas Eorpach agus na Náisiúin Aontaithe – spriocanna coiteanna i gcomhair todhchaí inbhuanaithe

Is comhpháirtithe nádúrtha iad an tAontas Eorpach agus na Náisiúin Aontaithe i múnlú an domhain ionas go mbeidh sé níos sábháilte agus níos fearr. Chuige sin, tacaíonn an tAontas leis an iltaobhachas éifeachtach agus le hord idirnáisiúnta atá bunaithe ar rialacha, ord a bhfuil na Náisiúin Aontaithe ina chroílár. Is mór an rath atá ar chaibidlíocht an Aontais i réimse na SDGanna, uirlis úsáideach atá siad a úsáid chun spriocanna forbartha inbhuanaithe, luachanna agus cuspóirí an Aontais a chur chun cinn ar fud an domhain, agus creat comhroinnte a sholáthar a bheidh úsáideach i gcomhair comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta. Dá bhrí sin, is chun leasa an Aontais ról mór a bheith aige i gcur chun feidhme Chlár Oibre 2030 ar fud an domhain trína chuid gníomhaíochta seachtraí.

Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe

I mí Mheán Fómhair 2015, ag Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe, shínigh tíortha ó cheithre chearda an domhain Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe agus na 17 Sprioc Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) atá ann.

Is éard a gheall na ceannairí domhanda seo: deireadh na bochtaineachta, cosaint an phláinéid, cinntiú na síochána, agus rathúnas do chách.

I dteannta le Comhaontú Pháras maidir leis an Athrú Aeráide, is éard atá i gClár Oibre 2030 an clár i dtreo domhan ní b’fhearr, an creat domhanda le haghaidh comhair idirnáisiúnta san fhorbairt inbhuanaithe, mar aon leis na gnéithe eacnamaíocha, sóisialta, comhshaoil agus rialachais atá á lua leis.

Is tábhachtach an rud dul chun cinn leanúnach a dhéanamh i dtreo na spriocanna forbartha inbhuanaithe, a bheith i gcaidreamh le tíortha comhpháirtíochta agus leis an tsochaí shibhialta, sin agus le hionadaíocht an Aontais ar fhóraim idirnáisiúnta ardleibhéil, lena n-áirítear Fóram Polaitiúil Ardleibhéil na Náisiún Aontaithe maidir le Forbairt Inbhuanaithe, agus is tábhachtach sin chun tiomantas agus ceannaireacht an Aontais i leith na forbartha inbhuanaithe a chur chun cinn, agus chun aghaidh a thabhairt ar thionchar COVID-19 ar fud an domhain.

Image showing the seventeen sustainable development goals

Fóram Polaitiúil Ardleibhéil maidir leis an bhForbairt Inbhuanaithe

An Fóram Polaitiúil Ardleibhéil, sin é príomhardán na Náisiún Aontaithe i dtaobh leis an bhforbairt inbhuanaithe. Tá ról lárnach aige san obair leantach agus san athbhreithniú ar Chlár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe agus na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) ar an leibhéal domhanda.

2021: Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe mar chompás do théarnamh na hEorpa

Tionólfar cruinniú an FPA in 2021 ón 6 go dtí an 15 Iúil 2021 faoi choimirce na Comhairle Eacnamaíochta agus Sóisialta.

I gcomhthéacs an Fhóraim Pholaitiúil Ardleibhéil, eagróidh an tAontas imeacht imeallach an 14 Iúil 2021 a dhíreoidh ar úsáid Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe i gcomhair théarnamh na hEorpa agus chun todhchaí ní b’fhearr a thógáil trí shamhail nua fáis. Ag an ócáid sin, déanfar machnamh ar ghníomhaíocht an Aontais i gcur chun feidhme na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, agus beidh béim ar chur chuige iomlán rialtais, sin agus ar an dearcadh domhanda i leith an téarnaimh mar aon leis ar an ngá le comhpháirtíocht láidir dhomhanda, agus beifear ag féachaint chun cinn ar na deiseanna agus ar an gcaoi ab fhearr chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin idirnasctha a bhaineann le téarnamh inbhuanaithe ar gach leibhéal.

Is rud iad na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe 2030 a bhfuil an Coimisiún Eorpach tiomanta dó, agus cuireann sé an Margadh Glas i gcroílár a chuid iarrachtaí téarnaimh. Bí leis na Coimisinéirí Urpilainen agus Gentiloni agus fiosraigh na scéalta sochair, na dúshláin agus na ceachtanna a foghlaimíodh le linn phaindéim COVID-19 fad atá an Eoraip ag cur na mbonn fúithi arís.

Fóram Polaitiúil Ardleibhéil 2020

Tionóladh cruinniú an Fhóraim Pholaitiúil Ardleibhéil faoin bhforbairt inbhuanaithe in 2020 ón 7 go dtí an 16 Iúil 2020, cruinniú a bhí faoi choimirce na Comhairle Eacnamaíochta agus Sóisialta. Le linn an chruinnithe sin, bhí fóram trí lá na n-airí ann ón 14 go dtí an 16 Iúil 2020.

Seo é an téama a bhí ann: ‘Gníomh luathaithe agus conairí claochlaitheacha: deich mbliana na gníomhaíochta agus an fhorbairt inbhuanaithe a réadú’.

I bhFóram Polaitiúil Ardleibhéil 2020, phléigh na rannpháirtithe an tionchar atá ag paindéim COVID-19 ar na spriocanna forbartha inbhuanaithe. Is éard ba lón machnamh dóibh an chaoi ar féidir leis an gcomhphobal idirnáisiúnta freagairt don phaindéim ar bhealach a chuireann ar an mbóthar ceart sinn chun na spriocanna forbartha inbhuanaithe a aimsiú, chun dlús a chur leis an dul chun cinn go ceann deich mbliana nuair a bheifear an gníomhú chun an fhorbairt inbhuanaithe a chur i gcrích.

Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe SDG Moment 2020

Tionóladh an chéad SDG Moment de Dheich mBliana na Gníomhaíochta Dé hAoine, an 18 Meán Fómhair 2020. Is é Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe a thionóil é. Is tionól fíorúil a bhí ann.

Níl againn ach 10 mbliana Clár Oibre 2030 a chur i gcrích, níl an saol mór ar an mbóthar ceart chuige sin, agus méadaíodh fós ar an neamhionannas le linn phaindéim COVID-19, rud a chuir spriocanna áirithe ar gcúl. An t-athrú aeráide, an neamh-chomhionannas idir na hinscní, agus an bhochtaineacht: sin iad na saincheisteanna is práinní, agus ní gan toil pholaitiúil agus uaillmhian a tharlóidh téarnamh ar fónamh.

Fóram Polaitiúil Ardleibhéil 2019

Cruinniú an fhóraim pholaitiúil ardleibhéil maidir le forbairt inbhuanaithe in 2019, is cruinniú é a tionóladh faoi choimirce na Comhairle Eacnamaíochta agus Sóisialta ón 9 go dtí an 18 Iúil 2019. Le linn an chruinnithe sin, bhí fóram trí lá na n-airí ann ón 16 go dtí an 18 Iúil 2019.

An 18 Iúil 2019, d’eagraigh an Coimisiún imeacht ardleibhéil ag an bhFóram Polaitiúil Ardleibhéil i Nua-Eabhrac inar chuir sé i láthair cur chuige an Aontais maille le