Barr ár gcumais a bhaint amach
I bhfianaise na ndúshlán déimeagrafach os ár gcomhair sa lá atá inniu ann, ní mór dúinn gach ball dár sochaithe éagsúla a chumasú agus úsáid a bhaint as a gcumas. Is gá go mbeidh na deiseanna céanna ann do gach duine a bhfuil na mianta céanna acu, agus tá sé sin ar cheann de phríomhthosaíochtaí Choimisiún von der Leyen. Domhan a thógáil a bhfuil comhionannas inscne ann, is príomhchuspóir eile é sin atá comhtháthaithe i ngníomhaíochtaí seachtracha an Aontais.
I dtreo an chomhionannais inscne
Bunluach de chuid an Aontais Eorpaigh is ea an comhionannas idir mná agus fir. Deich mbliana tar éis don Choimisiún treoir a mholadh ar dtús chun cothromaíocht inscne ar bhoird cuideachtaí a fheabhsú, tháinig na comhreachtóirí ar chomhaontú, a bhuí le hiarracht athnuaite Choimisiún von der Leyen. Ina theannta sin, sheol an clár Fís Eorpach an tionscadal píolótach women techEU chun mná a chur ar thús cadhnaíochta sa domhainteicneolaíocht.
Pá comhionann as obair chomhionann
Is fadhb i gcónaí í idirdhealú pá ag an obair. Dá bhrí sin, i mí an Mhárta 2021, chuir an Coimisiún moladh i láthair le haghaidh treoir chun neartú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm phrionsabal an phá chomhionainn as obair chomhionann trí shásraí trédhearcachta pá agus forfheidhmithe.

Is cúis mhór imní é an foréigean inscnebhunaithe i gcónaí don iomarca ban san Aontas. I mí an Mhárta 2022, mhol an Coimisiún rialacha uile-Aontais chun deireadh a chur le foréigean inscnebhunaithe in aghaidh na mban agus le foréigean teaghlaigh. Leis an treoir atá beartaithe, déanfar coir as an éigniú bunaithe ar easpa toilithe agus as ciorrú ball giniúna ban araon. Déanfaidh sé coir freisin as an gcibearfhoréigean bunaithe ar ghnéas agus ar inscne.

Sochaí ionchuimsitheach a bhaint amach
Tá an Coimisiún Eorpach tiomanta do shochaí iolraíoch, atá comhionann ó thaobh inscne de agus cuimsitheach, sochaí ina gcaitear go cothrom le daoine LADTIA+, le mionlaigh nó le daoine faoi mhíchumas. Oibríonn Tascfhórsa tiomnaithe um Chomhionannas chun comhionannas a phríomhshruthú i ngach réimse beartais. Tá an Coimisiún ag obair leis na Ballstáit chun pleananna gníomhaíochta náisiúnta LADTIA+ agus frithchiníochais a fhorbairt, a ghlacadh agus a chur chun feidhme. Mar chaomhnóir na gConarthaí, ní bhíonn aon drogall ar an gCoimisiún nósanna imeachta um shárú i gcoinne sáruithe ar chearta bunúsacha a thionscnamh, mar a tharla, mar shampla, i ndáil le sáruithe i gcoinne an phobail LADTIA+ san Ungáir agus sa Pholainn.
- Deireadh Fómhair 2021An frithsheimíteachas a chomhrac
I straitéis an Aontais maidir leis an bhfrithsheimíteachas a chomhrac agus saol na nGiúdach a chothú leagtar amach sraith beart chun dlús a chur leis an gcomhrac i gcoinne gach cineáil frithsheimíteachais – ach freisin, den chéad uair riamh, chun oidhreacht agus cultúr na nGiúdach a chur chun cinn agus chun an frithsheimíteachas a chomhrac lasmuigh den Aontas Eorpach. Tá na Ballstáit ag obair ar phleananna gníomhaíochta náisiúnta anois agus beidh siad curtha i gcrích faoi dheireadh 2022.
- Mí na Nollag 2021An fhuathchaint agus an fhuathchoireacht a choiriúlú
Ghlac an Coimisiún na chéad chéimeanna i dtreo an liosta de choireanna an Aontais a leathnú chun an fhuathchaint agus an fhuathchoireacht a chuimsiú.
- Márta agus Aibreán 2022Pleananna LADTIA+ agus frithchiníochais a chur chun feidhme
D’eisigh an Coimisiún treoirlínte maidir le pleananna náisiúnta frithchiníochais agus pleananna náisiúnta LADTIA+ a fhorbairt, a ghlacadh agus a chur chun feidhme faoi seach.

Bronnadh an Gradam do Phríomhchathracha Ionchuimsithe agus Éagsúlachta na hEorpa den chéad uair i mí Aibreáin 2022 chun aitheantas a thabhairt don obair atá déanta ag bailte, cathracha agus réigiúin san Eoraip chun an t-ionchuimsiú a chur chun cinn agus sochaithe a chruthú atá saor ó idirdhealú agus fuath.

Leis an Ardán Míchumais tugtar deis eile do na páirtithe leasmhara ábhartha taithí agus dea-chleachtais a chomhroinnt, foghlaim óna chéile agus comhoibriú le chéile.
Tá Anna Ohnweiler ar bhean de bhunaitheoirí ‘Omas gegen rechts’ [Mamónna in aghaidh antoisceachas na heite deise] a throideann i gcoinne an fhrithsheimíteachais, an chiníochais agus an fhuatha ban.

Tacaíocht a thabhairt do leanaí ar fud an Aontais
Mí-úsáid ghnéasach leanaí a chomhrac
- I mí na Bealtaine 2022, mhol an Coimisiún reachtaíocht nua de chuid an Aontais chun mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a chosc agus a chomhrac. Leis na rialacha de chuid an Aontais atá beartaithe, cuirfear d’oibleagáid ar sholáthraithe seirbhíse ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí a bhrath, a thuairisciú agus a bhaint anuas.
- Lárionad an Aontais um Mí-Úsáid Ghnéasach Leanaí atá nua neamhspleách, oibreoidh sé i ndlúthchomhar leis na húdaráis náisiúnta um fhorfheidhmiú an dlí, le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar i bhForfheidhmiú an Dlí agus le grúpaí tacaíochta chun marthanóirí a tharrtháil agus a chumasú agus chun déantóirí na coire a thabhairt os comhair na cúirte.
Idirlíon níos fearr do leanaí
- In 2022, ghlac an Coimisiún straitéis nua Eorpach maidir le hidirlíon níos fearr do leanaí.
- Tháinig rialacha i bhfeidhm freisin maidir le hábhar sceimhlitheoireachta ar líne a bhaint anuas.
Dul i ngleic le míbhuntáiste agus eisiamh
- Leis an Ráthaíocht Eorpach do Leanaí, cuirtear treoir agus na modhanna ar fáil do na Ballstáit chun tacú le leanaí atá i ngátar trína chinntiú go mbeidh rochtain acu ar oideachas, ar ghníomhaíochtaí seach-churaclaim, ar bhéilí scoile sláintiúla agus ar chúram sláinte.
- In 2022, chuidigh an Coimisiún le 10 mBallstát a gcórais oideachais a dhéanamh níos ionchuimsithí trí thacú le hionchuimsiú leanaí faoi mhíchumas nó leanaí ó chúlra imirceach nó ó chúlraí leochaileacha.

Ó thosaigh an cogadh san Úcráin, tá níos mó ná 2 mhilliún leanbh ón Úcráin tar éis dídean a lorg san Aontas Eorpach. Tá na cearta céanna agus an chosaint chéanna ag na leanaí sin agus atá ag leanaí ar saoránaigh den Aontas Eorpach iad. B’ardú meanman é an fháilte a cuireadh rompu i scoileanna ar fud na mBallstát.
Cuidíonn Kiril Slavov, Bulgárach óg bodhar balbh a d’fhás aníos i Stócólm, le muintir na hÚcráine atá bodhar balbh teitheadh ón gcogadh agus a saol a atosú i Sóifia. Cabhraíonn sé leo trí aistriúchán a dhéanamh go teanga chomharthaíochta idirnáisiúnta, agus cabhraíonn sé leo obair a fháil.


