Ár ndóigh bheatha Eorpach a chur chun cinnÁr saoránaigh agus ár luachanna a chosaint Ár ngealltanais a chomhlíonadh I ndomhan atá ag éirí níos dothuartha de réir a chéile, tá ina thosaíocht dúinn ár saoránaigh a chosaint agus ár slándáil choiteann a chinntiú. I bhfianaise bagairtí atá ag teacht chun cinn agus ag síorathrú, roghnaíomar cur chuige iomlánaíoch i leith na slándála agus d’oibríomar ar uirlisí chun muintir na hEorpa a choinneáil sábháilte. Rinneamar ár dteorainneacha seachtracha a chosaint agus chinntíomar a ndea-fheidhmiú, agus rinneamar maoirseacht ar mhéadú sábháilte rathúil limistéar Schengen. Agus tar éis chogadh foghach na Rúise gan údar i gcoinne na hÚcráine, chuireamar dlús lenár gcumais chosanta agus neartaíomar ár gcomhpháirtíocht le ECAT. Agus imní mhéadaitheach ar mhuintir na hEorpa maidir le saincheist na himirce agus an tearmainn, dhíríomar ár n-aird freisin ar chomhchóras a fhorbairt chun an imirce a bhainistiú. Is éard a d’eascair as an obair sin an Comhshocrú maidir le hImirce agus Tearmann, le nach bhfágtar aon Bhallstát ina aonar chun dul i ngleic leis an mbrú a bhaineann leis an imirce agus lena láimhseáiltear an tearmann ar bhealach díniteach inbhuanaithe. Bhaineamar leas freisin as acmhainneacht dhearfach na himirce, trí chomhpháirtíochtaí tallainne a sheoladh le príomhthíortha comhpháirtíochta. Agus COVID-19 sáraithe againn, gheallamar go n-ullmhóimid an tAontas ar bhealach níos fearr chun aghaidh a thabhairt ar éigeandálaí sláinte poiblí amach anseo. Chun an méid sin a bhaint amach, thosaíomar ar an Aontas Sláinte Eorpach a thógáil, ina n-ullmhaíonn tíortha uile an Aontais agus ina bhfreagraíonn siad le chéile ar ghéarchéimeanna sláinte. Tá an tAontas seo ag déanamh deimhin de go bhfuil soláthairtí leighis ar fáil, inacmhainne agus nuálach, agus go n-oibreoidh na tíortha le chéile chun feabhas a chur ar chosc, cóireáil agus iarchúram i gcás gach cineáil galar, an ailse ina measc. Na gealltanais a comhlíonadh An imirce a bhainistiú Ghlacamar an Comhshocrú maidir le hImirce agus Tearmann in 2024, lena mbunaítear córas aontaithe chun an imirce a bhainistiú ar bhealach inbhuanaithe, agus sásraí dlúthpháirtíochta i measc na mBallstát atá ag tabhairt aghaidh ar bhorradh imirce.Tháinig an Treoir maidir le Cárta Gorm i bhfeidhm i mí na Samhna 2021, rud a d’fhág go raibh oibrithe ardcháilithe ó thíortha nach den Aontas iad in ann tairbhe a bhaint as nósanna imeachta meara um ligean isteach chun teacht agus cur le hiomaíochas eacnamaíoch an Aontais.Ullmhaíodh Comhpháirtíochtaí Tallainne le príomhthíortha comhpháirtíochta, ina measc sin Maracó, an Túinéis, an Éigipt, an Bhanglaidéis agus an Phacastáin.In 2023, mholamar Linn Tallainne an Aontais a nascfaidh fostóirí san Aontas le cuardaitheoirí idirnáisiúnta poist.Rinneadh gníomhaireacht lánfheidhme um thearmann den Oifig Tacaíochta Eorpach do Chúrsaí Tearmainn: Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann, ag a bhfuil níos mó uirlisí chun tacú leis na Ballstáit ó thaobh bainistiú tearmainn agus glactha de.Imscaradh foireann Frontex ag teorainneacha seachtracha an Aontais agus beidh 10,000 ball sa Bhuanchór faoi 2027.Leis an gComhaontas Domhanda chun Smuigleáil Imirceach a Chomhrac (2023) agus le reachtaíocht nuashonraithe, neartaíodh iarrachtaí chun smuigleáil a chomhrac, le tacaíocht ó Europol. Limistéar Schengen a mhéadú Méadaíodh limistéar Schengen go rathúil chun an Chróit, an Rómáin agus an Bhulgáir a chur san áireamh, agus tugadh a rialachas agus a rialacha cothrom le dáta. An sceimhlitheoireacht agus an choireacht eagraithe a chomhrac Rinneadh gníomhaíochtaí nithiúla chun bagairtí sceimhlitheoireachta a chosc agus chun freagairt orthu ar bhealach níos fearr, bunaithe ar an gClár Oibre Frithsceimhlitheoireachta a cuireadh i láthair in 2020.I mí Feabhra 2021, tháinig rialacha nua i bhfeidhm maidir le rialú treisithe ar airm thine atá i seilbh dhlíthiúil agus rochtain ar phléascáin.Sheolamar Comhghuaillíocht na gCalafort Eorpach chun athléimneacht na gcalafort a mhéadú i gcoinne an insíothlaithe choiriúil trí threisiú a dhéanamh ar obair na n-údarás custaim, forfheidhmiú an dlí, agus gníomhaithe poiblí agus príobháideacha sna calafoirt ar fud an Aontais.I mí Iúil 2024, tháinig rialacha athbhreithnithe i bhfeidhm chun gáinneáil ar dhaoine a chomhrac. Leis na rialacha sin, cuirtear pósadh éigeantais, uchtú neamhdhleathach agus máthairionadaíocht leis mar chineálacha dúshaothraithe. Comhar póilíneachta Neartaíodh sainorduithe Europol agus Eurojust in éineacht le hacmhainní nua chun tacú le póilíní náisiúnta in imscrúduithe trasteorann, agus freagairt níos tapúla ar an gcoireacht eagraithe agus ar an sceimhlitheoireacht. Bonneagar criticiúil agus cibear-athléimneacht a neartú Tháinig an Treoir maidir le hAthléimneacht Eintiteas Criticiúil i bhfeidhm in 2023, lenar neartaíodh ár n-athléimneacht in aghaidh guaiseacha nádúrtha, ionsaithe sceimhlitheoireachta, sabaitéireachta agus éigeandálaí poiblí d’eintitis chriticiúla.Le Treoir NIS2, leathnaítear rialacha cibearshlándála chun earnálacha nua a chumhdach, amhail soláthraithe teileachumarsáide, seirbhísí poist, riarachán poiblí agus cúram sláinte.Leis an nRialachán maidir le hathléimneacht dhigiteach oibríochtúil, rud atá i bhfeidhm ó 2023 i leith, cinntítear gur féidir leis an earnáil airgeadais san Eoraip leanúint de bheith ag feidhmiú i gcónaí i gcás suaitheadh oibríochtúil.Leis an nGníomh um Chibear-Athléimneacht, rud a comhaontaíodh in 2023, cuirtear feabhas ar leibhéal cibearshlándála na dtáirgí digiteacha, ó mhonatóirí leanaí, uaireadóirí cliste, agus cluichí ríomhaireachta go ballaí dóiteáin agus ródairí. Mí-úsáid ghnéasach leanaí a chomhrac In 2022 mholamar reachtaíocht chun mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a chosc agus a chomhrac, chun leanaí a chosaint san fhíorshaol agus ar líne araon. An tAontas Sláinte Eorpach Bhunaigh an Coimisiún a Údarás um Ullmhacht agus Freagairt i dtaca le hÉigeandáil Sláinte (HERA) chun a chinntiú go mbeidh an tAontas agus na Ballstáit réidh le gníomhú i bhfianaise bagairtí sláinte trasteorann.Bhunaíomar Comhaontas um Tháirgí Íocshláinte Criticiúla chun dúshláin agus réitigh bheartais ar ghanntanais cógas leighis a shainaithint, agus i mí na Nollag 2023 chuireamar an chéad leagan de liosta an Aontais de chógais leighis chriticiúla i láthair.Comhaontaíodh Spás Eorpach Sonraí Sláinte in 2024 lenar féidir le daoine a gcuid sonraí sláinte a rialú agus a úsáid ar fud an Aontais agus lena gcothaítear margadh aonair le haghaidh seirbhísí agus táirgí sláinte digiteacha.In 2021 sheolamar Plean Sáraithe Ailse na hEorpa, lena gcuirfear maoiniú €4 bhilliún ar fáil chun an ailse a chomhrac. Foghlaim tuilleadh faoin méid atá déanta ag an gCoimisiún chun an imirce a bhainistiú ar bhealach freagrach agus chun an Eoraip a dhéanamh níos sláine Réimsí beartaisImirce agus tearmannAn imirce a bhainistiú go fadtéarmach, agus ag an am céanna soiléireacht agus dálaí cuibhiúla a chur ar fáil do dhaoine a thagann isteach san AontasAontas Sláinte na hEorpaSláinte mhuintir na hEorpa a chosaint agus freagairt go comhpháirteach ar ghéarchéimeanna sláinte trasteorannAontas Slándála na hEorpaÁr saoránaigh a chosaint agus aghaidh a thabhairt ar na dúshláin slándála atá os comhair ár sochaí agus ár ndaonlathasOideachas agus an oiliúintTacú leis an oideachas san Eoraip trí thionscnaimh éagsúlaMeabhairshláinteCur chuige cuimsitheach a fhorbairt i leith na meabhairshláinte agus aghaidh a thabhairt ar dhúshláin tríd an Tionscnamh ‘Níos Sláintiúla le Chéile’ agus trí ghníomhaíochtaí ardtionchair a chur chun feidhme, ó chosc réamhghníomhach go cuimsiú sóisialtaCearta bunúsachaAn t-idirdhealú a chomhrac agus comhionannas inscne a chur chun cinn, go háirithe tríd an smacht reachta agus cearta bunúsacha a chosaintAn frithsheimíteachas a chomhracAn frithsheimíteachas a chosc, saol na nGiúdach a chosaint agus a chothú, agus taighde, oideachas agus cuimhneachán i dtaca leis an Uileloscadh a chur chun cinn
Imirce agus tearmannAn imirce a bhainistiú go fadtéarmach, agus ag an am céanna soiléireacht agus dálaí cuibhiúla a chur ar fáil do dhaoine a thagann isteach san Aontas
Aontas Sláinte na hEorpaSláinte mhuintir na hEorpa a chosaint agus freagairt go comhpháirteach ar ghéarchéimeanna sláinte trasteorann
Aontas Slándála na hEorpaÁr saoránaigh a chosaint agus aghaidh a thabhairt ar na dúshláin slándála atá os comhair ár sochaí agus ár ndaonlathas
MeabhairshláinteCur chuige cuimsitheach a fhorbairt i leith na meabhairshláinte agus aghaidh a thabhairt ar dhúshláin tríd an Tionscnamh ‘Níos Sláintiúla le Chéile’ agus trí ghníomhaíochtaí ardtionchair a chur chun feidhme, ó chosc réamhghníomhach go cuimsiú sóisialta
Cearta bunúsachaAn t-idirdhealú a chomhrac agus comhionannas inscne a chur chun cinn, go háirithe tríd an smacht reachta agus cearta bunúsacha a chosaint
An frithsheimíteachas a chomhracAn frithsheimíteachas a chosc, saol na nGiúdach a chosaint agus a chothú, agus taighde, oideachas agus cuimhneachán i dtaca leis an Uileloscadh a chur chun cinn