Tá gá le roinnt beart ar leibhéal an Aontais Eorpaigh chun creat dlíthiúil an Aontais a oiriúnú go dtí deireadh na hidirthréimhse an 31 Nollaig 2020.
Féadfaidh na hoiriúnuithe sin a bheith ina “mbearta ullmhachta” (i.e. bearta atá le glacadh in aon chás); nó bearta chun an Comhaontú um Tharraingt Siar a chur chun feidhme, lena n-áirítear an Prótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann.
Ó thaobh foirm dhlíthiúil, féadfaidh na bearta sin a bheith ina ngníomhartha reachtacha arna nglacadh ag comhreachtóirí an Aontais Eorpaigh, gníomhartha tarmligthe, gníomhartha cur chun feidhme, nó bearta eile.
Gheobhaidh tú thíos liosta de na bearta a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Na bearta ullmhachta
Nasc Seasta Mhuir nIocht:
- Leasú ar an gcoincheap faoi “údarás sábháilteachta náisiúnta”
- Cumhachtú na Fraince chun comhaontú idirnáisiúnta leis an Ríocht Aontaithe a shocrú, a shíniú agus a thabhairt i gcrích
- Údaruithe sábháilteachta agus deimhnithe sábháilteachta
Earraí a d’fhéadfaí a úsáid le haghaidh pionós an bháis nó céasta
Caighdeáin mhargaíochta - torthaí agus glasraí
Caighdeáin mhargaíochta - leannlusanna
Caighdeáin mhargaíochta - uibheacha
Clár um rialú le haghaidh uasteorainneacha iarmhair lotnaidicídí
SPS – idirthuras agus trasloingsiú
Dearbhuithe iontrála achomair agus dearbhuithe réamh-imeachta
Ábhar iomadaithe plandaí - torthaí
SPS – an Bhreatain Mhór agus Spleáchríocha na Corónach a “liostú”
- Ainmhithe dobharshaothraithe
- Eachainmhithe
- Feoil úr
- Éanlaith chlóis
- Leipiridigh agus eile
- Táirgí déiríochta
- Féar tirim agus tuí
- Táirgí iascaigh agus táirgí eile
- Plandaí agus táirgí plandaí (I)
- Plandaí agus táirgí plandaí (II)
- Stádas ESB
- Táirgí feola ar leith
- Seamhan mucach
- Seamhan buaibheach
- Suthanna buaibheacha
- Seamhan caorach agus gabhair
- Plean chun faireachán a dhéanamh ar iarmhar
Bearta reachtacha chun an Comhaontú um Tharraingt Siar a chur chun feidhme, lena n-áirítear an Prótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann
Stádas saor ó ghalar Thuaisceart Éireann:
- Galair ainmhithe talún
- Galair ainmhithe uisceacha
- Galair in ainmhithe dobharshaothraithe agus ainmhithe uisceacha fiáine
- Galar crúb is béil, fiabhras na muc, fliú éanúil agus galar Newcastle
Marc sláinte ar fheoil ar leith
Marc aitheantais ar tháirgí ar leith de bhunadh ainmhíoch
Sláinte plandaí – bearta níos déine
Rialacha tionscnaimh i socruithe fabhracha trádála an Aontais