Ag tógáil ar an Idirphlé Beartais leis an Aos Óg den chéad 100 lá den sainordú nua, tá díospóireacht nua ar líne á seoladh ag an gCoimisiún anois ar Ardán Rannpháirtíochta na Saoránach. Leis sin, tugtar isteach na téamaí is suntasaí a tharraing daoine óga anuas i bplé oscailte uile-Aontais. Is tionscnamh bliantúil é an tIdirphlé Beartais leis an Aos Óg lena dtugtar an deis do dhaoine óga teagmháil dhíreach a bheith acu le Coimisinéirí Eorpacha agus a dtuairimí a roinnt i dtaca le tionscnaimh bheartais an Aontais. Le linn an chéad bhabhta, eagraíodh an tIdirphlé Beartais leis an Aos Óg ar fud na hEorpa: Reáchtáil 26 chloigeann de na Coimisinéirí idirphléití chuir níos mó ná 400 duine óg a gcuid smaointe agus ábhar imní in iúl phléigh siad saincheisteanna práinneacha éagsúla, an t-athrú aeráide agus an beartas talmhaíochta, fostaíocht don aos óg agus cuimsiú sóisialta ina measc. Foilseofar tuarascáil maidir leis na hidirphléití agus na díospóireachtaí. Cuirfidh sé le beartais a fhorbairt a mbíonn tionchar acu ar dhaoine óga ar fud an Aontais.Léirítear i suirbhé a rinne an tAontas le déanaí go mbeadh suim ag 67% d’Eorpaigh óga freastal ar idirphlé lena bpiaraí agus le hionadaithe an Aontais maidir le hábhair spéise do thodhchaí an Aontais.Athdhearbhaítear i dTuarascáil an Aontais ar an Óige 2024 tiomantas an Choimisiúin a chinntiú go mbeidh guthanna daoine óga lárnach i gcónaí i gceapadh beartais an Aontais. Leagtar amach inti na dúshláin atá roimh Eorpaigh óga, agus leagtar béim ag an am céanna ar bheartais an Aontais atá ag teacht chun cinn agus atá dírithe ar fheabhas a chur ar a saol. Léirítear inti freisin go bhfuil dearcadh dearfach ar an Aontas ag beagnach 60% d’Eorpaigh óga.Dá bhrí sin, beidh sé fós ar cheann de phríomhthosaíochtaí an Choimisiúin tacú le daoine óga agus éisteacht lena dtuairimí, i bhfianaise Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh tar éis 2027 a ullmhú freisin. Tuilleadh eolais Ardán Rannpháirtíochta na SaoránachIdirphlé maidir le Beartas don Óige Tairseach Eorpach na hÓige An Eoraip agus tusa: Glac páirt Preaseisiúint: Rannpháirtíocht na hóige leathnaithe ag an gCoimisiún le Tuarascáil nua ar an Óige, suirbhé Eorabharaiméadair agus díospóireacht ar líne Sonraí Dáta foilsithe25 Márta 2025ÚdarArd-Stiúrthóireacht na Cumarsáide