Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

Dhá bhliain ar aghaidh, tá an tAontas ag seasamh go daingean leis an Úcráin i gcónaí

  • Alt nuachta
  • 23 Feabhra 2024
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  • Am léitheoireachta: 2 nóiméad

 

An 24 Feabhra 2022 chuir fórsaí armtha na Rúise tús le hionradh mór ar an Úcráin. I bhfianaise an fhogha gan chúis gan údar sin, tá an tAontas ag seasamh go daingean leis an Úcráin feadh an bhealaigh.

Le dhá bhliain anuas, tá an tAontas i gceannas ar iarrachtaí idirnáisiúnta chun tacú leis an Úcráin sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma agus chun an Rúis a thabhairt chun cuntais as a coireanna. I measc ár ngníomhaíochtaí ar son na hÚcráine tá an méid seo a leanas:

  • tacaíocht dar luach breis agus €88 mbilliún a chur ar fáil. San áireamh leis sin tá thart ar €28 mbilliún chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais mhíleata agus chosanta ar an láthair
  • sásra nua tacaíochta a sheoladh lena gcuirfear iasachtaí agus deontais ar fáil dar luach suas le €50 billiún san iomlán. Cuideoidh sé sin chun an Úcráin a atógáil tar éis an chogaidh agus athchóirithe a dhéanamh ar a bealach chun ballraíocht san Aontas a bhaint amach
  • cead a thabhairt chun tús a chur leis an gcaibidlíocht maidir leis an Úcráin a theacht isteach san Aontas
  • go leor smachtbhannaí fairsinge a thabhairt isteach in éadan na Rúise agus a luchta tacaíochta, agus an 13ú pacáiste san áireamh a glacadh an 23 Feabhra 2024.

Thaistil Uachtarán an Choimisiúin, Ursula von der Leyen, go Cív cothrom an lae a cuireadh tús leis an gcogadh chun ómós a thabhairt do fhrithbheartaíocht na hÚcráine, rud atá ina léaró dóchais do dhaoine ar fud an domhain a sheasann ar son na saoirse. Mheabhraigh sí tiomantas daingean na hEorpa tacú leis an Úcráin a fhad is gá.

Thug sí ómós do na hÚcránaigh atá ag troid ar son shlándáil na hilchríche ar fad. ‘Sin an fáth a bhfuil an tAontas Eorpach ar fad taobh thiar díbh. Seasaimid go daingean leis an Úcráin, níos daingne ná riamh, le teann airgeadais, eacnamaíochta, míleata agus moráltachta, thar aon rud eile, go dtí go mbeidh bhur dtír saor ar deireadh’, a dúirt sí.

I gCív d’fhógair an tUachtarán von der Leyen go n-osclófaí Oifig Nuálaíochta Cosanta nua chun comhar slándála idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin a threisiú agus a fheabhsú. Thug sí 50 carr a chuir an tAontas ar fáil d’údaráis náisiúnta na hÚcráine freisin. Tacóidh na carranna le coireanna cogaidh a imscrúdú agus a ionchúiseamh i gcríocha dí-áitithe agus i limistéir máguaird.

Tuilleadh eolais

Ag seasamh leis an Úcráin, feadh an bhealaigh

Scéal 2 bhliain de thacaíocht ón Aontas Eorpach don Úcráin

Cúnamh ón Aontas Eorpach don Úcráin

Tacaíocht mhíleata ón Aontas Eorpach don Úcráin

An tSaoráid don Úcráin

Ráiteas ón Uachtarán von der Leyen ag an bpreasagallamh le hUachtarán na hÚcráine, Zelenskyy

Preaseisiúint: Carranna á dtabhairt ag an Uachtarán von der Leyen d’fhórsaí slándála na hÚcráine

Preaseisiúint: An 13ú pacáiste smachtbhannaí in aghaidh na Rúise glactha ag an Aontas

Sonraí

Dáta foilsithe
23 Feabhra 2024
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide