Ní saoránaigh den Aontas Eorpach amháin a bhaineann leas as an tsaorghluaiseacht laistigh den Aontas. Ó glacadh rialacha comhchuibhithe de chuid an Aontais maidir le taisteal le peataí, tá an ceart chun saorghluaiseachta anois ag na cait, na madraí agus, go deimhin, na firéid chomh maith. Má tá tú ag taisteal an samhradh seo san Aontas in éineacht le do chompánach ceithre chos, déan cinnte go bhfuil a bpas peata AE cothrom le dáta. Is éard atá sa phas peata AE cur síos ar do pheata agus sonraí faoi, ina measc sin a mhicrishlis nó a chód tatú, chomh maith lena thaifead vacsaínithe confaidh agus sonraí teagmhála an tréidlia a d’eisigh an pas. Is féidir leat pas peata AE a fháil do do mhadra, do chat nó d’fhiréad ó aon tréidlia údaraithe.. Is é an ceanglas is tábhachtaí, a bhfuil feidhm aige freisin maidir le peataí atá ag taisteal chuig an Aontas ó thír nach bhfuil san Aontas, go bhfuil vacsaíniú do pheata i gcoinne an chonfaidh cothrom le dáta. Agus, i gcás ina bhfuil tú ag taisteal chuig tír atá saor ón bpéist ribíneach ‘Echinococcus multilocularis’ (mar atá Éire, Tuaisceart Éireann, an Fhionlainn, an Iorua agus Málta), tá sé tábhachtach cóir leighis a chur ar do pheata i gcoinne na péiste ribíní sin roimh ré. Tá roinnt eisceachtaí le tabhairt faoi deara. Ó 2021 i leith, níl pasanna peata AE a eisíodh do chónaitheoirí na Breataine bailí níos mó chun taisteal le peataí ón mBreatain chuig tír den Aontas Eorpach nó chuig Tuaisceart Éireann. Is fiú a thabhairt faoi feara freisin nach bhfuil pas peata AE bailí ach amháin do chait, do mhadraí agus d’fhiréid. Má tá éan, reiptíl, creimire nó coinín agat, ba cheart duit seiceáil a dhéanamh ar rialacha náisiúnta na tíre a bhfuil sé beartaithe agat dul chuici chun eolas a fháil faoi na coinníollacha iontrála. Má tá tú ag taisteal le do pheata ó thír nach den Aontas Eorpach í isteach san Aontas, ‘deimhniú AE sláinte ainmhithe’ is ea é an doiciméad nach mór duit a thaispeáint. Cosúil le pas peata AE, tá sonraí i ndeimhniú AE sláinte ainmhithe maidir le sláinte agus céannacht do pheata agus maidir lena vacsaíniú i gcoinne confaidh. Ba cheart é a fháil ó thréidlia oifigiúil Stáit i do thír féin tráth nach déanaí ná 10 lá sula dtaga do pheata isteach san Aontas Eorpach. Ba cheart duit dearbhú i scríbhinn a chur i gceangal le deimhniú AE sláinte ainmhithe do pheata ina luaitear gur ar chúiseanna neamhthráchtála atá sé á athlonnú. Is féidir leat taisteal le suas le cúig pheata, ach má tá níos mó ná cúig pheata agat (madraí, cait nó firéid) ní mór duit cruthúnas a thabhairt go bhfuil siad ag glacadh páirte i gcomórtas, taispeántas nó imeacht spóirt agus go bhfuil siad níos sine ná 6 mhí d’aois. Agus mura bhfuil sé beartaithe agat dul in éineacht le do pheata agus é ag taisteal, ní mór duit cead i scríbhinn a thabhairt do dhuine eile dul in éineacht le do pheata thar do cheann. Mar sin féin, caithfidh tú teacht le chéile le do pheata arís laistigh de 5 lá óna athlonnú. Tuilleadh eolais Taisteal le peataí agus le hainmhithe eile san Aontas Eorpach Gluaiseacht peataí Rialacha náisiúnta maidir le taisteal le peataí eile Sonraí Dáta foilsithe6 Lúnasa 2025ÚdarArd-Stiúrthóireacht na Cumarsáide