Tá sé ag éirí níos áisiúla agus níos inbhuanaithe taisteal ar an traein san Eoraip a bhuí le tionscnaimh de chuid an Aontais Eorpaigh le déanaí. Tháinig rialacháin nua i bhfeidhm le déanaí maidir leis an ngréasán tras-Eorpach iompair (TEN-T) chun nascacht iarnróid a fheabhsú agus chun gur glaise a bheadh sé taisteal a dhéanamh. Is éard a chiallaíonn an méid sin seirbhísí iarnróid níos fearr agus níos éifeachtaí ar fud na hEorpa.Cuid lárnach de na hiarrachtaí sin is ea Plean Gníomhaíochta an Aontais chun borradh a chur faoi sheirbhísí iarnróid fadraoin agus trasteorann do phaisinéirí. Is é is aidhm dó an trácht iarnróid ardluais a dhúbailt faoi 2030 agus a mhéadú faoi thrí faoi 2050. Seoladh an plean in 2021 agus dírítear ann ar bhacainní a bhaint, idir-inoibritheacht a fheabhsú, bonneagar iarnróid paisinéirí a nuachóiriú, agus ar cháilíocht na seirbhísí a fheabhsú ar fud na dtíortha san Aontas.Chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt don taisteal trasteorann, d’fhógair an Coimisiún Eorpach a thacaíocht do 10 dtionscadal phíolótacha chun borradh a chur faoi sheirbhísí iarnróid trasteorann. Cuirfidh sé sin feabhas ar naisc iarnróid trasteorann ar fud an Aontais agus fágfaidh sé go mbeidh an taisteal níos tapúla, níos éasca agus níos inacmhainne.Is féidir le taistealaithe óga tairbhe ar leith a bhaint as an gclár DiscoverEU, clár a chuireann pasanna taistil saora ar fáil go rialta do dhaoine atá 18 mbliana d’aois chun taisteal ar fud na hEorpa ar an traein. Spreagann an clár seo malartú cultúrtha agus leagann sé béim ar na buntáistí timpeallachta a bhaineann le taisteal ar an traein. Ba cheart go bhfoilseofaí an chéad ghlao eile ar iarratais i bhfómhar 2024.Tá béim shuntasach ar chearta paisinéirí i mbeartas iompair an Aontais freisin. Cosnaítear taistealaithe san Eoraip go maith ar eagla go rachadh rud éigin amú le linn a dturais. Le cearta paisinéirí an Aontais cumhdaítear moilleanna, cealuithe agus fadhbanna inrochtaineachta.Tá sé i gceist ag an Aontas rogha an-tarraingteach a dhéanamh den taisteal traenach trí rialacháin a fheabhsú, pleananna uaillmhianacha a chruthú agus tacú le cláir speisialta. Is é is aidhm do na hiarrachtaí sin taisteal d’iarnród a dhéanamh níos inbhuanaithe, níos éifeachtúla agus dea-nasctha ar fud na hEorpa.Tuilleadh eolaisPlean Gníomhaíochta chun borradh a chur faoi sheirbhísí iarnróid fadraoin agus trasteorann do phaisinéiríAn Eoraip a nascadh le chéile ar an traein: 10 seirbhís phíolótacha de chuid an Aontais chun borradh a chur faoin taisteal trasteorann d’iarnródStraitéis maidir le soghluaisteachtDiscoverEUBíodh do chearta mar phaisinéir AE ar eolas agat sula dtaistealaíonn túCearta paisinéirí iarnróidAg taisteal duit san Eoraip 2024 Sonraí Dáta foilsithe17 Iúil 2024ÚdarArd-Stiúrthóireacht na Cumarsáide