
An 24 Bealtaine 2026, ceiliúraimid 10 mbliana ó tháinig an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) i bhfeidhm. Thug an dlí cinniúnach sin smacht ceart do mhuintir na hEorpa ar shonraí pearsanta den chéad uair, agus d’athraigh sé an saol ar líne ó bhonn.
Cor cinniúnach i gcearta na saoránach
Roimh RGCS, bhíodh éagsúlacht mhór sna rialacha lena gcosnaítí do shonraí pearsanta ó thír go chéile san Aontas, agus ba mhinic a bhíodh do chearta doiléir. D’athraigh RGCS an méid sin.
Ar fud an Aontais, tá sé de cheart agat anois fios a bheith agat cé na sonraí a bhailítear fút, cén fáth a mbailítear iad, agus cé leis a nochtar iad. Is féidir leat rochtain ar do shonraí a iarraidh, a iarraidh go gceartófaí nó go scriosfaí iad, agus do thoiliú a tharraingt siar tráth ar bith.
Tá feidhm ag na cearta sin is cuma cé acu le gnólacht beag áitiúil nó le corparáid ilnáisiúnta atá tú ag plé. Cuideachtaí nár chloígh leis na rialacha, bhí iarmhairtí suntasacha i gceist leo; ina measc sin cuid de na fíneálacha ba mhó a eisíodh riamh i gcoinne mórghnólachtaí.
Samhail do thíortha ar fud an domhain
Déanann údaráis cosanta sonraí RGCS a fhorfheidhmiú ar fud an Aontais i ngach ceann de 27 mBallstát an Aontais, rud a fhágann go dtacaítear le do chearta cibé áit a bhfuil tú san Eoraip.
Spreag an rialachán dlíthe comhchosúla maidir le cosaint sonraí i dtíortha eile ar fud an domhain. An rud ar cuireadh tús leis mar ghnás Eorpach, is caighdeán domhanda anois é, agus cuireann sé leis an aitheantas idirnáisiúnta atá ag dul i méid gur ceart bunúsach é an príobháideachas.
Daoine a chosaint i dtimpeallacht dhigiteach athraitheach
Ní leis féin a sheasann RGCS. Le deich mbliana anuas, tá sraith leathan rialacha digiteacha forbartha ag an Aontas chun daoine a chosaint ar líne:
- Leis an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha, tugtar ardáin mhóra ar líne chun cuntais as ábhar díobhálach
- Leis an Gníomh um Margaí Digiteacha téitear i ngleic le cleachtais éagóracha na ngeatóirí teicneolaíochta is mó
- Leis an nGníomh um an Intleacht Shaorga, cinntítear go n-urramaíonn na córais intleachta saorga a úsáidtear san Eoraip do chearta agus do shábháilteacht
Trí thionscnaimh amhail an plean gníomhaíochta maidir leis an gcibearbhulaíocht agus an aip Eorpach fíorúcháin aoise, táimid ag obair chun a chinntiú gur féidir le páistí a bheith sábháilte ar líne freisin.
I dteannta a chéile, teachtaireacht shimplí atá sna hiarrachtaí sin: san Aontas Eorpach, is ar na daoine a fhreastalaíonn an saol ar líne, seachas a mhalairt.
Tuilleadh eolais
- Dáta foilsithe
- 22 Bealtaine 2026
- Údar
- Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide