Inniu déanaimid comóradh ar an Lá Idirnáisiúnta um Idirdhealú Ciníoch a Dhíothú Tá an tAontas Eorpach bunaithe ar luachanna an mheasa ar dhínit agus ar chearta an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas agus ar an gcomhionannas. Níor cheart idirdhealú a dhéanamh ar aon duine san Aontas ar bhonn a thionscnaimh chiníoch nó eitnigh. In 2020 chuir an Coimisiún Eorpach dlús lena chuid oibre chun dul i ngleic le fadhbanna leanúnacha agus chuir sé an chéad Phlean Gníomhaíochta de chuid an Aontais maidir le Frithchiníochas i láthair, plean lenar bunaíodh sraith beart agus lenar tugadh le chéile gníomhaithe ar gach leibhéal chun aghaidh a thabhairt ar an gciníochas ar bhealach níos éifeachtaí san Aontas. Ina ainneoin sin, tá fadhbanna áirithe fós ann. Léiríodh i suirbhé ón Aontas ó 2023 go measann ar níos mó ná a leathchuid de na rannpháirtithe go bhfuil idirdhealú forleathan ina dtír i leith na Romach (65%), i ngeall ar dhath an chraicinn (61%) nó i ngeall ar bhunús eitneach (60%). In 2023 thuairiscigh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha nach bhfuil feabhas tagtha ar an scéal ó thaobh ciapadh agus foréigean in aghaidh daoine de bhunadh na hAfraice agus in aghaidh Moslamach de san Aontas ó bhí 2016 ann. Tharla an méid is mó idirdhealaithe agus daoine ag cuardach lóistín, ag lorg poist, ag an obair agus san oideachas. Tá gá ar leith le tuilleadh gníomhaíochta. Agus mar chuid dá thosaíochtaí nua, tá an Coimisiún ag obair ar Straitéis nua de chuid an Aontais maidir le Frithchiníochas, ionas nach mbeidh aon áit ag an gciníochas san Aontas. Le haghaidh tuilleadh eolais, féach: Plean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh maidir le Frithchiníochas 2020-2025 Suirbhé Eorabharaiméadair maidir le hidirdhealú san Aontas Eorpach - Nollaig 2023 Tuarascáil: Saol an duine ghoirm san Aontas Tuarascáil: Saol an Mhoslamaigh san Aontas Comhlachtaí comhionannais chun cóir chomhionann agus neamh-idirdhealú a chur chun cinn Sonraí Dáta foilsithe21 Márta 2025ÚdarArd-Stiúrthóireacht na Cumarsáide