Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach
  • Alt nuachta
  • 29 Eanáir 2025
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  • Am léitheoireachta: 3 nóiméad

An tAontas Eorpach a stiúradh i dtreo iomaíochas inbhuanaithe níos fearr

Woman working with a robot

 

Tá creat nua curtha i láthair ag an gCoimisiún Eorpach chun táirgiúlacht eacnamaíoch a spreagadh arís agus chun buntáiste iomaíoch an Aontais a dhaingniú. Leis an gCompás Iomaíochais, déantar forbairt ar na moltaí a leagtar amach i dtuarascáil Mario Draghi maidir lena bhfuil i ndán do thodhchaí iomaíochas na hEorpa. Stiúrfaidh sé obair an Aontais maidir le hiomaíochas sna cúig bliana amach romhainn agus athróidh sé moltaí na tuarascála ina ngníomhaíochtaí nithiúla ar mhaithe le rathúnas an Aontais amach anseo.  

Tá córas láidir ceart agus luachanna ag an Aontas, Margadh Aonair, bonneagar den chéad scoth agus lucht saothair oilte, ach aithnítear sa Chompás nach mór níos mó a dhéanamh chun a chinntiú go gcoinneoidh an Eoraip suas le mórgheilleagair eile i ndomhan atá dúshlánach agus atá ag éirí níos iomaíche. Agus iarracht á déanamh i gcónaí aeráidneodracht an Aontais a dhaingniú, leagtar amach ann bealach don Eoraip le go mbeidh sí ina háit a ndéanfar teicneolaíochtaí agus táirgí glana amach anseo a cheapadh, a mhonarú agus a chur ar an margadh. 

Sainaithnítear trí phríomhréimse gníomhaíochta sa Chompás, is iad sin: 

  • Nuálaíocht – Ní mór don Aontas an bhearna nuálaíochta a dhúnadh trí thimpeallacht a chruthú ina mbeidh rath ar ghnólachtaí nuathionscanta nuálacha, ar cheannaireacht thionsclaíoch éifeachtach agus ar scaipeadh teicneolaíochtaí I measc na dtionscnamh nithiúil ón gCoimisiún tá ‘Cur i bhfeidhm na hIntleachta Saorga’ agus ‘Gigeamhonarchana Intleachta Saorga’ chun glacadh tionsclaíoch IS a spreagadh; pleananna gníomhaíochta d’ardábhair, agus do theicneolaíochtaí candamacha, biteicneolaíochta, róbataice agus spáis; agus Straitéis an Aontais um Ghnólachtaí Nuathionscanta agus Gnólachtaí atá ag Méadú lena dtabharfar aghaidh ar na bacainní atá ag cur cosc ar chuideachtaí nua teacht chun cinn agus méadú. 
  • Dícharbónú agus iomaíochas – Cuideoidh an tAontas chun praghsanna arda luaineacha fuinnimh a laghdú trí Phlean Gníomhaíochta um Fhuinneamh Inacmhainne. Leagfar amach ann cur chuige atá dírithe ar iomaíochas i leith an dícharbónaithe trína Chomhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan atá ar na bacáin, agus le Gníomh Luasaire um Dhlús a Chur leis an Dícharbónú Tionsclaíoch, leathnófar an ceadú brostaithe chuig earnálacha atá i mbun aistrithe. Seolfaidh sé pleananna gníomhaíochta freisin d’earnálacha dianfhuinnimh, cuir i gcás cruach, miotail agus ceimiceáin. 
  • Slándáil agus athléimneacht – Laghdóidh an tAontas spleáchais agus méadóidh sé a athléimneacht agus a shlándáil trí leanúint de chomhpháirtíochtaí trádála éifeachtacha a thógáil le geilleagair ar fud an domhain. Trí réimse nua Comhpháirtíochtaí um Thrádáil agus Infheistíocht Ghlan, cuideoidh sé chun soláthar amhábhar, fuinneamh glan, breoslaí iompair inbhuanaithe agus teicneolaíocht ghlan a dhaingniú ó gach cearn den domhan. Déanfaidh sé athbhreithniú freisin ar rialacha soláthair phoiblí chun tosaíocht Eorpach a thabhairt isteach sa soláthar poiblí le haghaidh earnálacha agus teicneolaíochtaí criticiúla 

Beidh cúig ghníomhaíocht thrasearnálacha mar bhonn taca faoi na gníomhaíochtaí sin, is iad sin: 

  • Simpliú tríd an ualach rialála agus riaracháin ar ghnólachtaí a laghdú go mór 
  • Bacainní ar an Margadh Aonair a laghdú trína Straitéis Chothrománach maidir leis an Margadh Aonair 
  • An t-iomaíochas a mhaoiniú trí Aontas Coigiltis agus Infheistíochta Eorpach a bhunú 
  • Scileanna agus poist ardcháilíochta a chur chun cinn trí Aontas Scileanna  
  • Comhordú níos fearr ar bheartais ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta trí Uirlis um Chomhordú Iomaíochais a thabhairt isteach 

Is é an Compás Iomaíochais an chéad mhórthionscnamh de chuid an Choimisiúin i sainordú 2024-2029. 

Tuilleadh eolais 

Iomaíochas na hEorpa a neartú 

Tuarascáil Draghi 

Teachtaireacht - Compás Iomaíochais don Aontas Eorpach 

Bileog eolais maidir leis an gCompás Iomaíochais 

Preaseisiúint: Compás de chuid an Aontais chun an t-iomaíochas a fháil ar ais agus rathúnas inbhuanaithe a dhaingniú 

 

Sonraí

Dáta foilsithe
29 Eanáir 2025
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide