Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Iomaíochas na hEorpa a neartú

Cúlra

Sa lá atá inniu ann tá an Eoraip ar cheann de na réigiúin is iomaíche, is dinimiciúla agus is nuálaí ar domhan. Mar sin féin, tá roinnt dúshláin stairiúla tagtha chun cinn le blianta beaga anuas, mar shampla paindéim COVID-19 agus cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine.  

Cé gur éirigh leis an Aontas Eorpach teacht slán as na géarchéimeanna sin, chuir siad isteach go mór ar ár n-iomaíochas foriomlán.

Cén fáth ar gá dúinn cur lenár n-iomaíochas?

Ón méid atá tar éis titim amach le ceithre bliana anuas, is léir gan aon agó a thábhachtaí atá sé ár n-iomaíochas agus ár Margadh Aonair a neartú. [...] Ní mór déanamh amhlaidh ionas go bhféadfaimid na teicneolaíochtaí atá de dhíth orainn don dá aistriú a fhorbairt agus a chur in úsáid ar scála. Tá sé riachtanach freisin más mian linn a bheith inár ngníomhaithe den chéad scoth sa réimse digiteach, seachas a bheith inár dtomhaltóirí táirgí nó seirbhísí digiteacha a tháirgtear in áit éigin eile.

Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh

Tá an domhan ina mairimid ag athrú mar gheall ar dhúshláin atá ag dul i méid amhail an t-athrú aeráide, an intleacht shaorga agus teannas geopholaitiúil. Chun go mbeidh rath orainn sa saol nua seo, ní mór dúinn a chinntiú gur áit í an Eoraip inar féidir leanúint den fhás agus den nuálaíocht a chothú.  

Beidh gnólachtaí Eorpacha in ann dul san iomaíocht go rathúil sa mhargadh domhanda ach an tAontas a bheith níos iomaíche. Is féidir linn an méid sin a bhaint amach trí thimpeallacht a chruthú inar féidir leo táirgí, seirbhísí nó réitigh a fhorbairt atá níos fearr, níos éifeachtaí agus níos nuálaí ná táirgí a n-iomaitheoirí idirnáisiúnta.  

Ár mbuntáiste iomaíoch a athbhunú

Táimid tar éis ár mbonn tionsclaíoch a neartú agus an Eoraip a dhéanamh níos fabhraí don infheistíocht tríd an méid seo a leanas a dhéanamh: 

Plean cúig phointe le haghaidh Eoraip níos iomaíche

Chun a chinntiú gur féidir linn leanúint de leibhéil arda rathúnais a bhaint amach do gach duine san Aontas, táimid ag cur an iomaíochais i gcroílár ár gcláir oibre eacnamaíoch do 2024 agus ina dhiaidh. 

Tar éis thuarascáil Enrico Letta maidir le Margadh Aonair an Aontais, leag an tUachtarán von der Leyen cúig phríomhréimse gníomhaíochta amach chun iomaíochas na hEorpa a neartú a thuilleadh: 

Níos mó caipitil a chur ar fáil do ghnólachtaí Eorpacha

€300 billiún
Coigilteas Eorpach a infheistítear thar lear gach bliain
€470 billiún
Maoiniú a d’fhéadfadh cuideachtaí Eorpacha a thiomsú dá gcuirfimis Aontas na Margaí Caipitil i gcrích

Gach bliain aistrítear €300 billiún de choigilteas Eorpach thar lear mar gheall ar ilroinnt ár gcórais margaí caipitil. Dá gcuirfimis Aontas na Margaí Caipitil i gcrích, d’fhéadfadh cuideachtaí san Aontas maoiniú breise €470 billiún a thiomsú in aghaidh na bliana. D’fhéadfaí an caipiteal sin a úsáid chun nuálaíocht, fás agus cruthú fostaíochta a spreagadh ar fud na mór-roinne. 

Chun Aontas na Margaí Caipitil a chur i gcrích, ní mór dúinn an méid seo a leanas a dhéanamh:  

  • na rialacha náisiúnta maidir le dócmhainneacht a chomhchuibhiú 
  • táirgí coigiltis trasteorann a chruthú d’infheisteoirí miondíola 
  • an mhaoirseacht ar na gníomhaithe margaidh is tábhachtaí a neartú ar an leibhéal Eorpach 

An neamhspleáchas fuinnimh a bhaint amach agus fuinneamh níos saoire a chinntiú

A bhuí le gníomhaíochtaí an Aontais tar éis ionradh na Rúise ar an Úcráin, bhíomar in ann filleadh ar na costais fuinnimh a bhí ann roimh an gcogadh. Mar sin féin, tá tionchar fós ag praghas an fhuinnimh ar iomaíochas na hEorpa. Chun ár mbuntáiste iomaíoch a fháil ar ais, ní mór dúinn leanúint de na costais fuinnimh a ísliú. 

Tá rudaí ag athrú chun feabhais anois, agus muid ag bogadh ó na heasnaimh gháis a bhí ann go flúirse gáis a d’fhéadfadh a bheith ann. In 2025 tiocfaidh méadú 50% ar an soláthar domhanda den ghás nádúrtha leachtaithe (GNL) mar gheall ar rabharta mór de thionscadail nua easpórtála GNL, rud a laghdóidh na praghsanna gáis go mór. 

Aghaidh a thabhairt ar an nganntanas scileanna

Níos lú ná 6%
sin an líon daoine san Aontas atá dífhostaithe, an líon is ísle riamh
Níos mó ná 75%
sin an líon daoine san Aontas atá fostaithe, an líon is airde riamh

Tá níos mó daoine ag obair anois ná ag am ar bith eile i stair na hEorpa. Mar sin féin, tá ganntanas lucht saothair romhainn go fóill, rud a bhféadfadh an tAontas aghaidh a thabhairt air tríd an méid seo a leanas a dhéanamh: 

  • oiliúint a chur ar an oiread daoine agus is féidir agus aghaidh a thabhairt ar an dífhostaíocht i measc na hóige 
  • rochtain na mban ar an margadh saothair a mhéadú 
  • réitigh níos solúbtha a chur ar fáil do dhaoine scothaosta 
  • daoine tréitheacha a mhealladh ón gcoigríoch 

Chun leanúint de bheith iomaíoch i ngeilleagar glas digiteach, ní mór don Aontas díriú ar a lucht saothair a uas-sciliú agus a athsciliú. Sin an fáth a bhfuilimid ag infheistiú €65 bhilliún trí NextGenerationEU agus trí Chiste Sóisialta na hEorpa Plus chun a chinntiú go mbeidh na scileanna is gá ag daoine chun go mbeidh rath orthu ina ngairmeacha beatha agus chun cur le nuálaíocht na hEorpa. 

An nuálaíocht dhigiteach a chothú

€150 billiún
Infheistíocht an Aontais sa nuálaíocht dhigiteach
€270 billiún
An tionchar a mheastar a bheidh ag rialacha nua sonraí ar OTI an Aontais faoi 2028

Chun an t-aistriú digiteach a éascú, tá an méid seo a leanas déanta ag an Aontas freisin: 

  • chruthaigh sé an Gníomh um an Intleacht Shaorga, an chéad chreat rialála riamh ar domhan le haghaidh na hintleachta saorga agus le haghaidh feidhmchláir intleachta saorga 
  • chuir sé an Gníomh um Rialachas Sonraí i bhfeidhm, lena bhféadfar spásanna coiteanna sonraí Eorpacha a chruthú chun sonraí a chomhthiomsú agus a chomhroinnt 
  • mhol sé an Gníomh um Shonraí chun comhroinnt sonraí a éascú do chuideachtaí, do dhaoine aonair agus don earnáil phoiblí 

Chun a chinntiú go mbeidh an t-aistriú digiteach sábháilte cothrom trédhearcach, tá an méid seo a leanas déanta ag an gCoimisiún: 

  • d’fhorbair sé an Gníomh um Margaí Digiteacha, lena méadaítear an deimhneacht dhlíthiúil do ghnólachtaí agus d’ardáin agus lena gcumhachtaítear FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta 
  • thug sé isteach an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha, rud a chuidíonn chun cosc a chur ar scaipeadh na faisnéise bréagaí ar líne 

Scód a ligean le hacmhainneacht iomlán na trádála

Níos mó ná €2 thrilliún
An méid airgid a gineadh le trádáil an Aontais in 2022
74
An líon tíortha a bhfuil comhaontú trádála ag an Aontas leo, rud a fhágann gurb é an líonra trádála is mó ar domhan é

Sin an fáth a leanfaidh an tAontas de bheith ag obair i dtreo trádáil oscailte chóir a chuireann deiseanna ar fáil dár gcuideachtaí. Déanfaimid amhlaidh trí níos mó comhaontuithe trádála a chaibidliú i dtreo margaí sábháilte oscailte agus tríd an Eagraíocht Dhomhanda Trádála a athchóiriú chun aghaidh níos fearr a thabhairt ar an trádáil dhigiteach agus ar an athrú aeráide.

Leanfaidh an tAontas dá mhargadh a chosaint agus oibreoidh sé i dtreo cothroime iomaíochta dhomhanda. Bainfear an méid sin amach trí bheith ag obair le comhpháirtithe (amhail G7) chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna a bhaineann le ró-acmhainneacht struchtúrach, agus trí chloí lenár sraith beart cosanta trádála ina bhfuil breis agus 170 ceann acu, lenar cosnaíodh os cionn 500,000 post san Aontas go dtí seo ar éifeachtaí dálaí éagóracha trádála.