
Teannas domhanda atá ag dul in olcas, rioscaí slándála méadaithe, saincheisteanna a bhaineann leis an athrú aeráide, praghsanna luaineacha fuinnimh agus brúnna costais maireachtála, cuireann siad go léir isteach go mór ar gheilleagar na hEorpa. Cuireann na brúnna sin isteach ar theaghlaigh agus ar ghnólachtaí freisin. Mar fhreagairt air sin, tá treoraíocht bheartais leagtha amach ag an gCoimisiún Eorpach do na tíortha den Aontas chun cabhrú leo iomaíochas an Aontais a athbheochan. Chomh maith leis sin, stiúrann an treoraíocht na tíortha den Aontas i dtreo neamhspleáchas straitéiseach níos fearr, athléimneacht agus comhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta, agus an inbhuanaitheacht fhioscach á coinneáil ar bun ag an am céanna.
Tuarascálacha tíre
Sna tuarascálacha tíre don bhliain seo, déanann an Coimisiún anailís ar fhorbairtí eacnamaíocha agus sóisialta i ngach tír den Aontas agus déanann sé measúnú ar a mhéid atá na moltaí tírshonracha a glacadh in 2025 á gcur i bhfeidhm acu. Bunaithe ar na torthaí, cuireann sé moltaí spriocdhírithe ar fáil do na tíortha den Aontas chun gníomhú i réimsí beartais áirithe, cuir i gcás
– laghdú a dhéanamh ar bhacainní ar an margadh aonair
– borradh a chur faoin infheistíocht sa taighde agus san fhorbairt
– pinsin i scéimeanna pinsin fhorlíontaigh a chur chun cinn
– poist ar ardchaighdeán a chur chun cinn
– an bhochtaineacht a chomhrac
– inacmhainneacht tithíochta a chinntiú
– dlús a chur leis an aistriú chuig fuinneamh glas inacmhainne
Rinne an Coimisiún measúnú freisin ar an dul chun cinn atá déanta ag na tíortha den Aontas lena mbaineann i dtaobh a bpleananna struchtúracha fioscacha meántéarmacha a chur i bhfeidhm agus i dtaobh míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a bheith ann i gcás na seacht dtír den Aontas a roghnaíodh le dul faoi ghrinn-athbhreithniú i dtuarascáil 2026 maidir leis an sásra foláirimh.
Ina theannta sin, i dtuarascálacha faireachas iarchláir, rinne an Coimisiún measúnú ar staid eacnamaíoch, fhioscach agus airgeadais na dtíortha den Aontas a bhain tairbhe as cláir cúnaimh airgeadais, inar díríodh ar a gcumas aisíocaíochta.
Molann an Coimisiún nuashonrú a dhéanamh ar threoirlínte do bheartas fostaíochta agus tosaíochtaí coiteanna a leagan síos do bheartais náisiúnta fostaíochta agus shóisialta chun iad a dhéanamh níos cothroime agus níos cuimsithí. Cumhdaíonn siad sin gnéithe nua atá dírithe ar cháilíocht poist a fheabhsú chomh maith le hinfheistíocht a dhéanamh i gcaipiteal daonna, trí scileanna agus oideachas a neartú.
Chun na tosaíochtaí sin a bhaint amach, tá gá le hathchóirithe agus infheistíocht leanúnach ar fud an Aontais. Sa chomhthéacs sin, tá ról lárnach fós ag an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (STA), ag an mBeartas Comhtháthaithe agus ag ionstraimí maoiniúcháin eile de chuid an Aontais maidir le tacú le hiarrachtaí athchóirithe agus infheistíochtaí straitéiseacha na dtíortha den Aontas.
Pléifidh an Grúpa Euro agus Comhairle an Aontais Eorpaigh anois na doiciméid a chuirtear i láthair i bPacáiste Earraigh Sheimeastar Eorpach 2026, d’fhonn an treoraíocht a chuirtear ar fáil a fhormhuiniú.
Tuilleadh eolais
Ceisteanna agus freagraí maidir le Pacáiste Earraigh Sheimeastar Eorpach 2026
Pacáiste Earraigh Sheimeastar Eorpach 2026 – Doiciméid
Leathanaigh na dtíortha - Geilleagar agus Airgeadas - An Coimisiún Eorpach
- Dáta foilsithe
- 3 Meitheamh 2026
- Údar
- Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide