Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

Aitheantas do thábhacht na meabhairshláinte ag an obair Lá Domhanda na Meabhairshláinte

  • Alt nuachta
  • 10 Deireadh Fómhair 2024
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  • Am léitheoireachta: 2 nóiméad
Sympathetic woman hugging friend with EMPATHY and SUPPORT

 

Is rómhinic a bhíonn ar dhaoine a mbíonn dúshláin mheabhairshláinte rompu aghaidh a thabhairt ar mhíthuiscint, diúltú agus leithlisiú. Tá sé ríthábhachtach dul i ngleic leis sin chun sochaithe níos sláintiúla agus níos cuimsithí a bhaint amach. Sin an fáth a ndéanaimid Lá Domhanda na Meabhairshláinte a cheiliúradh gach bliain an 10 Deireadh Fómhair. Téama na bliana seo ná tús áite a thabhairt don mheabhairshláinte ag an obair. 

Chun an ócáid thábhachtach seo a chomóradh, tá Pacáiste Tacaíochta an Aontais maidir le stiogma curtha i láthair ag an gCoimisiún. Oibreoidh an Coimisiún leis na húdaráis náisiúnta chun é a chur i bhfeidhm, agus chun iad a nascadh le grúpaí abhcóideachta meabhairshláinte, chun beartais chuimsitheacha eolasacha a cheapadh. 

Tá níos mó i gceist le dul i ngleic leis an stiogma ná ceapadh beartas amháin, agus sin an fáth ar sheol an Coimisiún an feachtas nua ‘In this together’ [‘Ní neart go cur le chéile’] chomh maith. Déanfar teagmháil le daoine leis an bhfeachtas ar fud an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar mhíthuiscintí agus chun tuiscint agus glacadh níos fearr a chur chun cinn maidir leis an meabhairshláinte. Tacóidh an feachtas le gníomhaíocht náisiúnta san oideachas chomh maith trí ábhair theagaisc a dháileadh ar scoileanna ar fud na hEorpa chun feasacht a mhéadú agus an mheabhairshláinte a normalú.

Ina theannta sin, foilsíodh rianaire nuashonraithe inniu chun monatóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn atá á dhéanamh maidir leis an 20 tionscnamh suaitheanta atá ina gcuid de chur chuige cuimsitheach an Aontais i leith na meabhairshláinte. Leis an gcur chuige sin, a cuireadh i bhfeidhm in 2023, tá deiseanna maoiniúcháin €1.23 billiún ann lena dtacófar go díreach agus go hindíreach leis na Ballstáit. Is é is aidhm dó an méid seo a leanas a chinntiú: (i) cosc leordhóthanach agus éifeachtach, (ii) rochtain ar chóireáil agus cúram meabhairshláinte ardchaighdeáin agus inacmhainne, agus (iii) athimeascadh sa tsochaí tar éis téarnaimh. 

De réir suirbhé de chuid an Aontais in 2023, bhí fadhbanna mothúchánacha nó síceasóisialta ag nach mór duine amháin as gach beirt (46% de dhaonra an Aontais), amhail dúlagar nó imní, sna 12 mhí roimhe sin. Tá go leor i ngeall leis, agus is é sin an fáth a bhfuil an tAontas tiomanta todhchaí a mhúnlú ina ndéanfar meabhairshláinte gach duine a chothú agus a chosaint agus ina mbeidh meas uirthi.

Tuilleadh eolais

Ráiteas ón gCoimisinéir Kyriakides roimh Lá Domhanda na Meabhairshláinte

Cur chuige cuimsitheach an Aontais i leith na meabhairshláinte

An mheabhairshláinte san Aontas Eorpach

Físeán: Feachtas maidir le stiogma agus idirdhealú i leith na meabhairshláinte - Príomhscannán

Sonraí

Dáta foilsithe
10 Deireadh Fómhair 2024
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide