Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

Bearta nua chun dul i ngleic le gáinneáil ar dhrugaí agus chun cuidiú le sláinte agus slándáil na hEorpa a chosaint

  • Alt nuachta
  • 4 Nollaig 2025
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  • Am léitheoireachta: 2 nóiméad
Sniffer dog with handler inspect container

 

Is gnó coiriúil domhanda í an gháinneáil ar dhrugaí a bhaineann an bonn den tsláinte agus den tslándáil san Eoraip. Líonraí coiriúla a dhíolann drugaí aindleathacha amhail cócaon agus drugaí sintéiseacha, spreagann siad foréigean agus éilliú ar ár sráideanna. Is fadhb mhéadaitheach í mí-úsáid drugaí, go háirithe i measc an aosa óig. Tá an Coimisiún Eorpach ag freagairt ar an dúshlán sin le straitéis agus plean gníomhaíochta nua maidir le drugaí chun deireadh a chur le gáinneáil ar dhrugaí isteach san Aontas. 

Athraíonn gáinneálaithe drugaí a mbealaí gáinneála go minic agus bíonn siad ag feidhmiú ar líne níos minice ná riamh. Rachaidh an straitéis i ngleic leis an iompraíocht sin trí dhíriú ar 5 phríomhréimse, is iad sin: 

  •  Ullmhacht agus freagairt ar bhagairtí a bhaineann le drugaí a fheabhsú
  • An tsláinte phoiblí a chosaint, trí bhearta coisctheacha, cóireála agus athimeasctha a neartú
  • An tslándáil a neartú, le rialacha níos déine i gcoinne na coireachta eagraithe
  • Bearta chun díobháil a bhaineann le drugaí a chosc atá dírithe ar dhaoine óga a chosaint ar earcaíocht sa choireacht eagraithe  
  • Comhpháirtíochtaí níos láidre le tíortha nach Ballstáit den Aontas iad  

Lena sainordú nua níos láidre, beidh ról lárnach ag Gníomhaireacht Drugaí an Aontais Eorpaigh maidir le tacú le tíortha an Aontais sna réimsí gníomhaíochta sin atá beartaithe. 

Déanfar comhlánú ar an straitéis le plean gníomhaíochta lena ndíreofar ar an méid seo a leanas: 

  • Dul in oiriúint do bhealaí agus do mhodhanna atá ag teacht chun cinn a úsáideann líonraí coiriúla
  • An choireacht a chosc agus an foréigean a bhaineann le drugaí a laghdú, go háirithe i measc an aosa óig
  • Dlús a chur leis an gcomhar idir údaráis forfheidhmithe dlí, údaráis bhreithiúnacha agus údaráis chustaim
  • Aghaidh a thabhairt ar dhúshlán na ndrugaí sintéiseacha agus na réamhtheachtaithe drugaí (ceimiceáin a úsáidtear chun drugaí a mhonarú)
  • Taighde, forbairt agus nuálaíocht a chur ar aghaidh  
  • An comhar idirnáisiúnta a neartú agus comhpháirtíochtaí leis na príomhthíortha a threisiú a thuilleadh. 

Tá rialacha nua molta ag an gCoimisiún Eorpach freisin chun faireachán agus rialú réamhtheachtaithe drugaí agus réamhtheachtaithe a dhéanamh níos soiléire agus níos simplí. Áirítear ar na bearta nua atá beartaithe tuairisciú fíor-ama ar urghabhálacha suntasacha réamhtheachtaithe drugaí agus toirmeasc ar réamhtheachtaithe. 


Tuilleadh eolais 

Bileog eolais 
Straitéis Drugaí an Aontais - An Imirce agus Gnóthaí Baile - An Coimisiún Eorpach 
Plean Gníomhaíochta an Aontais i gcoinne na gáinneála ar dhrugaí - An Imirce agus Gnóthaí Baile 
Preaseisiúint: Straitéis Drugaí nua an Aontais agus Plean Gníomhaíochta an Aontais i gcoinne na gáinneála ar dhrugaí curtha i láthair ag an gCoimisiún chun saoránaigh a chosaint agus chun cur isteach ar líonraí coiriúla 

 

Sonraí

Dáta foilsithe
4 Nollaig 2025
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide