Bainfidh an Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Chosaiv, Montainéagró, an Mhacadóin Thuaidh agus an tSeirbia. tairbhe as plean fáis nua €6 bhilliún do na Balcáin Thiar. Leis an bplean, tabharfar roinnt de na tairbhí a bhaineann le ballraíocht san Aontas Eorpach don réigiún roimh an aontachas, cuirfear borradh faoin bhfás eacnamaíoch agus cuirfear dlús leis an gcóineasú socheacnamaíoch a bhfuil géarghá leis. Ba cheart go gcuirfeadh an plean fáis dlús suntasach le próiseas an mhéadaithe agus le fás eacnamaíoch an réigiúin. Tá an plean fáis nua bunaithe ar cheithre cholún, is iad sin: Comhtháthú eacnamaíoch an réigiúin le margadh aonair an Aontais an fheabhsú Borradh a chur faoi chomhtháthú eacnamaíoch laistigh de na Balcáin Thiar tríd an gCómhargadh Réigiúnach Dlús a chur le hathchóirithe bunúsacha Cúnamh airgeadais a mhéadú chun tacú leis na hathchóirithe Beidh ar chomhpháirtithe na mBalcán Thiar príomh-athchóirithe a chur i gcrích chun na cistí a leithdháileadh a fháil. Iarrfar orthu clár oibre athchóirithe a ullmhú a bheidh bunaithe ar mholtaí atá ann cheana ó na tuarascálacha maidir le méadú agus ó na cláir um athchóiriú eacnamaíoch. Is é an Coimisiún a dhéanfaidh measúnú ar na cláir oibre sin agus a ghlacfaidh iad. Is beartas ríthábhachtach le haghaidh an Aontais Eorpaigh é an méadú go fóill. Is chun leas polaitiúil, slándála agus eacnamaíoch an Aontais féin é ballraíocht iomlán an Aontais do na Balcáin Thiar, agus freagróidh sí mianta na ndaoine sa réigiún. Tuilleadh eolais Bileog eolais faoin bplean fáis nua do na Balcáin Thiar Eoraip níos láidre sa Domhan Preaseisiúint: Plean Fáis nua do na Balcáin Thiar curtha i láthair ag an gCoimisiún, plean ina bhfuil €6 bhilliún de dheontais agus d’iasachtaí chun dlús a chur leis an gcóineasú eacnamaíoch leis an Aontas An tAontas Eorpach agus na Balcáin Thiar Beartas um Méadú Ceisteanna agus freagraí faoin bplean fáis nua do na Balcáin Thiar Sonraí Dáta foilsithe8 Samhain 2023ÚdarArd-Stiúrthóireacht na Cumarsáide