
Tá dlús á chur ag an gCoimisiún lena thacaíocht do ghnólachtaí nuathionscanta Eorpacha agus d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) ionas gur féidir leo intleacht shaorga iontaofa (IS) a fhorbairt lena n-urramófar luachanna agus rialacha an Aontais.
Cuimsítear mar chuid den phacáiste nua IS raon leathan beart chun tacú leis na gnólachtaí nuathionscanta sin agus leis an nuálaíocht, chomh maith le togra chun rochtain phribhléideach ar shár-ríomhairí a chur ar fáil do ghnólachtaí nuathionscanta IS agus don phobal nuálaíochta i gcoitinne. Ar na bearta sin tá:
- monarchana IS a bhunú agus a chinntiú gur féidir bonneagar sár-ríomhaireachta IS atá ar fáil do ghnólachtaí nuathionscanta a cheannach agus a uasghrádú
- cinneadh chun Oifig IS a bhunú laistigh den Choimisiún chun beartas IS a fhorbairt agus a chomhordú ar an leibhéal Eorpach, sin agus chun maoirseacht a dhéanamh ar an nGníomh um an Intleacht Shaorga a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú
- Teachtaireacht an Aontais maidir le Gnólachtaí Nuathionscanta agus Nuálaíocht IS ina leagfar amach príomhghníomhaíochtaí, cuir i gcás tacaíocht airgeadais agus chothromais, Spásanna Coiteanna Sonraí Eorpacha agus tionscnaimh eile.
Cuirfidh an Coimisiún ar bun freisin dhá Chuibhreannas don Bhonneagar Digiteach Eorpach, in éineacht le roinnt Ballstát. Forbróidh na grúpaí sin bonneagar coiteann Eorpach i dteicneolaíochtaí teanga agus uirlisí IS úrscothacha chun cabhrú le cathracha próisis a bharrfheabhsú, ó thrácht go bainistiú dramhaíola.
Le blianta fada, tá comhar maidir leis an intleacht shaorga á éascú agus á fheabhsú ag an gCoimisiún ar fud an Aontais chun borradh a chur faoina iomaíochas agus chun muinín atá bunaithe ar luachanna an Aontais a chinntiú. Gníomh an Aontais um an Intleacht Shaorga, a comhaontaíodh i mí na Nollag 2023, tá sé ar an gcéad dlí cuimsitheach ar domhan maidir leis an intleacht shaorga agus tacóidh sé le forbairt, cur i bhfeidhm agus glacadh IS iontaofa san Aontas.
Tuilleadh eolais
Barr feabhais agus iontaoibh san intleacht shaorga
Comhshocrú um an Intleacht Shaorga
An Comhghnóthas Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpach
- Dáta foilsithe
- 24 Eanáir 2024
- Údar
- Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide