Is é an beartas comhtháthaithe príomhbheartas infheistíochta an Aontais Eorpaigh. Tá ról lárnach aige ó thaobh éagothromaíochtaí a laghdú idir réigiúin an Aontais de chun comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a chur chun cinn, agus chun an tAontas a dhéanamh níos iomaíche, níos inbhuanaithe agus níos cothroime. Faoin athbhreithniú meántéarma ar an mbeartas comhtháthaithe, tá an Coimisiún Eorpach ag moladh leasuithe ar dhlíthe atá ann cheana agus tá sé ag iarraidh ar thíortha an Aontais a gcláir chomhtháthaithe a choigeartú chun infheistíocht a dhéanamh i dtosaíochtaí straitéiseacha an Aontais. Léiríonn na tosaíochtaí na dúshláin is práinní atá roimh an Aontas, ina measc sin feabhas a chur ar iomaíochas, cosaint, slándáil agus tacaíocht an Aontais le haghaidh réigiúin na teorann oirthearaí, chomh maith le tithíocht inacmhainne, athléimneacht i réimse an uisce, agus an t-aistriú fuinnimh. Go sonrach, tá sé beartaithe aige an méid seo a leanas a dhéanamh: iomaíochas na hEorpa a neartú agus an bhearna nuálaíochta a dhúnadh trí thacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa a chur ar fáil d’fhiontair mhóra i réimsí ríthábhachtacha, amhail cosaint, teicneolaíochtaí straitéiseacha, agus dícharbónú tacú leis an tionscal cosanta agus tacú le réigiúin na teorann oirthearaí trína chur ar a gcumas do thíortha an Aontais an maoiniúchán comhtháthaithe atá ann faoi láthair a úsáid chun bonneagar athléimneach a thógáil chun an tsoghluaisteacht mhíleata a éascú. Tacóidh sé freisin le hacmhainneachtaí táirgiúla na bhfiontar beag agus mór in earnáil na cosanta ar fud réigiúin uile an Aontais. tithíocht inacmhainne a mhéadú trí chabhrú le tíortha an Aontais aghaidh a thabhairt ar an mbearna infheistíochta tithíochta, trí mhéid an mhaoiniúcháin a mhéadú faoi dhó faoin mbeartas comhtháthaithe atá tiomnaithe do thithíocht inacmhainne athléimneacht i réimse an uisce a fheabhsú trí thíortha an Aontais a spreagadh chun níos mó infheistíochta a dhéanamh san athléimneacht i réimse an uisce, ina measc sin digitiú an bhonneagair uisce agus laghdú thionchar na dtriomach agus an ghaineamhlaithetacú leis an aistriú fuinnimh trí idirnascairí fuinnimh a chur chun cinn (cáblaí talún agus fomhuirí lena nasctar córais leictreachais na dtíortha comharsanachta) agus bonneagar athluchtúcháin a chur ar bunMar dhreasacht airgeadais chun infheistíocht a dhéanamh i dtosaíochtaí straitéiseacha, beidh tíortha agus réigiúin an Aontais in ann tús áite a thabhairt do chistí in 2026, agus tairbhe á baint acu as suas le 30% den réamh-mhaoiniú le haghaidh tionscadail a fhorbraítear faoi na tosaíochtaí straitéiseacha. Tá an Coimisiún ag iarraidh an ghníomhaíocht ath-chlársceidealaithe comhtháthaithe a thabhairt i gcrích le tíortha agus réigiúin an Aontais in 2025 ionas gur féidir tús a chur leis na cláir nua a chur i bhfeidhm go luath in 2026. Tuilleadh eolais Kohesio: féach leat tionscadail de chuid an Aontais i do réigiúnsa Torthaí a bhaint amach le chéile agus ár nAontas a ullmhú don todhchaí Físeán: Conas is féidir réigiúin na hEorpa a neartú? An beartas comhtháthaithe nuachóirithePreaseisiúint: Beartas comhtháthaithe nuachóirithe chun borradh a chur faoi thosaíochtaí straitéiseacha an AontaisCeisteanna agus freagraí maidir le leasuithe ar reachtaíocht an bheartais comhtháthaithe Sonraí Dáta foilsithe1 Aibreán 2025ÚdarArd-Stiúrthóireacht na Cumarsáide