Ar thug tú aon rud difriúil faoi deara le déanaí faoi na caipíní ar bhuidéil phlaisteacha? Níl ansin ach ceann amháin de na bearta chun dul i ngleic le truailliú plaisteach. Is ábhar tábhachtach inár ngeilleagar iad plaistigh, ábhar atá i ngach áit inár saol laethúil ach a d’fhéadfadh drochthionchar a imirt ar an gcomhshaol agus ar an tsláinte nuair a bhaintear mí-úsáid astu.Ón 3 Iúil, ní mór do bhuidéil phlaisteacha aon úsáide a dhíoltar san Aontas Eorpach a bheith ceangailte dá gcaipíní nó dá gcláir. Cé go bhfuil an chosúlacht air gur athrú beag é seo, d'fhéadfadh tionchar ollmhór a bheith aige. Tá caipíní plaisteacha nó cláir phlaisteacha mar chuid de bheagnach 26 mhilliún tonna de dhramhaíl phlaisteach a ghintear gach bliain san Eoraip, agus tagann cuid mhaith di i dtír ar thránna ar fud an domhain. Is plaisteach é thart ar 80% den bhruscar muirí. Cén fáth ar tugadh isteach an t-athrú ar chaipíní? Níl ann ach ceann amháin de thorthaí dhlí an Aontais maidir le plaistigh aon úsáide. Is cuid é an dlí sin de straitéis níos leithne de chuid an Aontais maidir le plaistigh chun an comhshaol agus sláinte an duine a chosaint trí thruailliú plaisteach agus bruscar muirí a laghdú agus trí dhlús a chur lenár n-aistriú chuig geilleagar plaisteach atá ciorclach agus tíosach ar acmhainní. Leagtar amach sa straitéis an chaoi a bhfuil sé beartaithe ag an Aontas dramhaíl phlaisteach a laghdú ar fud speictream iomlán an táirgthe phlaistigh. Ní ‘i gcoinne plaisteach’ atá an Treoir maidir le Plaistigh Aon Úsáide. Is i gcoinne úsáid neamh-inbhuanaithe plaisteach agus bruscar plaisteach atá sé. Seo a leanas cuid de na réimsí ina bhfuil an tAontas Eorpach ag obair chun truailliú plaisteach a laghdú. Plaistigh aon úsáide Is é atá i gceist le táirgí plaisteacha aon úsáide táirgí a úsáidtear uair amháin, nó ar feadh tréimhse ghearr, sula gcaitear amach iad. Faoi rialacha an Aontais maidir le plaistigh aon úsáide, tá an tAontas ag dul i ngleic leis na 10 n-earra phlaisteacha aon úsáide is coitianta a fhaightear ar thránna na hEorpa agus tá roghanna malartacha inbhuanaithe á gcur chun cinn aige. Is iad seo a leanas na 10 n-earra: Baitíní cadáis Sceanra, plátaí, soip agus meascthóirí Balúin agus maidí le haghaidh balún Coimeádáin bhia Cupáin le haghaidh deochanna Coimeádáin dí Bunanna toitíní Málaí plaisteacha Paicéid agus cumhdaigh Ceirtíní taise agus earraí sláintíochta I gcás ina bhfuil roghanna malartacha inbhuanaithe ar fáil go héasca agus ar phraghas réasúnta, cuirtear cosc ar tháirgí plaisteacha aon úsáide ó mhargadh an Aontais. Baineann sé sin le baitíní cadáis, sceanra, plátaí, soip, meascthóirí, balúin agus coimeádáin bhia agus dí atá déanta de pholaistiréin bhorrtha, chomh maith le gach táirge atá déanta de phlaistigh ocsó-indíghrádaithe. I gcás táirgí plaisteacha aon úsáide eile, tá an tAontas ag díriú ar a n-úsáid a theorannú, cuir i gcás trí cheanglais dearaidh a thabhairt isteach, amhail caipíní a nascadh le buidéil. Málaí plaisteacha Is minic nach n-úsáidtear málaí siopadóireachta plaisteacha éadroma ach uair amháin, ach tógann sé na céadta bliain orthu díghrádú go hiomlán sa timpeallacht nádúrtha. Tá siad ar cheann de na deich n-earra bruscair is coitianta san Eoraip. Faoin Treoir maidir le Málaí Plaisteacha, ceanglaíonn an tAontas ar na Ballstáit bearta a dhéanamh chun a chinntiú go mbeidh teorainn le tomhaltas málaí siopadóireachta plaisteacha éadroma agus go mbainfear amach spriocanna bliantúla tomhaltais. Sonraítear ann freisin nach bhféadfaidh tíortha an Aontais cead a thabhairt málaí siopadóireachta plaisteacha den sórt sin a sholáthar saor in aisce ag díolphointe earraí nó táirgí, mura bhfuil rogha mhalartach ann atá chomh héifeachtach céanna. Pacáistíocht phlaisteach Le rialacha an Aontais maidir le pacáistíocht, déantar bearta náisiúnta maidir le dearadh pacáistíochta agus bainistiú dramhaíola ó phacáistíocht a chomhchuibhiú, chomh maith le hardleibhéal cosanta comhshaoil a sholáthar. Sa leasú is déanaí ar na rialacha sin tá bearta nuashonraithe chun táirgeadh dramhaíola ó phacáistíocht a chosc, agus athúsáid, athchúrsáil agus cineálacha eile aisghabhála dramhaíola ó phacáistíocht a chur chun cinn, in ionad a diúscartha deiridh. Leagtar síos sna rialacha sprioc 50% den phacáistíocht phlaisteach a athchúrsáil faoi 2025 agus 55% faoi 2030. Micreaphlaistigh Is píosaí beaga plaistigh iad micreaphlaistigh, a bhíonn níos lú ná 5mm de ghnáth. Bíonn siad marthanach, an-soghluaiste agus deacair a bhaint as an dúlra. Tá méadú ag teacht ar an méid micreaphlaisteach atá le fáil sa chomhshaol, san fharraige agus san ithir ina measc, agus i mbia agus in uisce óil. Meastar go scaoiltear idir 200 agus 600 linn snámha de mhéid Oilimpeach de mhicreaphlaisteach go neamhbheartaithe isteach sa chomhshaol gach bliain. In 2023 ghlac an Coimisiún Eorpach srian REACH ar mhicreaphlaistigh a chuirtear le táirgí d’aon ghnó agus togra le haghaidh dlí maidir le caillteanas millíní plaisteacha sa chomhshaol a chosc. Tá sé d’aidhm ag an Aontas scaoileadh micreaphlaisteach a laghdú 30% faoi 2030. Ar mhaith leat cabhrú ar do leibhéal féin? Gach bliain, i gcomhpháirtíocht leis na Náisiúin Aontaithe agus ‘Na Smurfs’, eagraíonn an tAontas Eorpach feachtas múscailte feasachta ar a dtugtar #EUBeachCleanup. Mar chuid den fheachtas tarraingítear aird ar thránna agus bruacha abhann agus reáchtáiltear imeachtaí glantacháin éagsúla ar fud an domhain. Glac páirt in imeacht gar duit nó cuir do cheann féin ar bun! Tuilleadh eolais Beartas an Aontais maidir le plaistigh An Straitéis um Plaistigh Plaistigh aon úsáide san Aontas Málaí plaisteacha san Aontas Eorpach Pacáistíocht san Aontas Eorpach #EUBeachCleanupSrian REACH Sonraí Dáta foilsithe14 Lúnasa 2024ÚdarArd-Stiúrthóireacht na Cumarsáide