Bainfidh oiliúnaithe ar fud an Aontais tairbhe as tréimhsí oiliúna ar chaighdeán níos fearr a bhuí le tograí nua ón gCoimisiún. Cuirfidh siad feabhas ar dhálaí oibre na n-oiliúnaithe agus cuirfidh siad na dálaí sin i bhfeidhm, agus cinnteoidh siad gur féidir le gach duine tréimhse oiliúna a dhéanamh, beag beann ar a gcúlra socheacnamaíoch nó ar a míchumas, tríd an méid seo a leanas a dhéanamh: feabhas a chur ar ábhar foghlama pá cothrom a chinntiú cuidiú le hoiliúnaithe a gcearta saothair a éileamh rochtain ar chosaint shóisialta leordhóthanach a mholadh dul i ngleic le poist rialta atá á gceilt mar thréimhsí oiliúna bealaí a chruthú chun míchleachtas agus drochdhálaí oibre a thuairisciú rochtain chomhionann ar dheiseanna oiliúna a chur chun cinn obair hibrideach agus cianobair a cheadú gairmthreoir agus meantóireacht a thairiscint gach cineál tréimhse oiliúna a chumhdach Leagtar amach i gcreat an Aontais atá ann faoi láthair maidir le tréimhsí oiliúna 21 phrionsabal cáilíochta chun foghlaim agus dálaí oibre ardcháilíochta a chinntiú. Áirítear orthu sin fógraí folúntais soiléire, comhaontuithe tréimhsí oiliúna i scríbhinn, cuspóirí foghlama atá sainithe go soiléir, agus eolas trédhearcach maidir le luach saothair agus cosaint shóisialta. Leis na rialacha nua, treiseofar an creat sin atá ann cheana a luaithe a ghlacfar é, mar a d’iarr an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa agus Parlaimint na hEorpa. Is bealach tábhachtach iad tréimhsí oiliúna chun taithí phraiticiúil a fháil, chun scileanna nua a fhoghlaim nó chun post a fháil. I gcás fostóirí, meallann tréimhsí oiliúna daoine, cuirtear oiliúint orthu a bhuí leo, agus coinnítear iad le haghaidh post ansin. Léiríodh i suirbhé Eorabharaiméadair a rinneadh le déanaí go ndearna 78% d’Eorpaigh óga tréimhse oiliúna amháin ar a laghad, agus go bhfuair 68% díobh post ina dhiaidh sin. Íocadh níos mó ná leath de na hintéirneachtaí sin agus bhí rochtain iomlán nó páirteach ag 61% de na freagróirí ar chosaint shóisialta. Tuilleadh eolais Tréimhsí oiliúna san Aontas Eorpach Preaseisiúint: Bearta déanta ag an gCoimisiún chun feabhas a chur ar cháilíocht na dtréimhsí oiliúna san Aontas Eorpach Suirbhéanna Eorabharaiméadair ar thréimhsí oiliúna Bliain Eorpach na Scileanna Tairseach Eorpach na hÓige Clár oiliúna Blue Book an Choimisiúin Sonraí Dáta foilsithe20 Márta 2024ÚdarArd-Stiúrthóireacht na Cumarsáide