
‘Le cúig mhí anuas, ní hamháin gur cuireadh le mo mhuinín agus leis an dóchas atá agam go bhféadfainn post a bheith agam in institiúidí an Aontais amach anseo, ach rinne mé cairdeas buan, fuair mé taithí luachmhar agus tá cuimhní anois agam a fhanfaidh liom i bhfad tar éis dheireadh na tréimhse oiliúna.’ Sin mar a labhair Laura ón bhFionlainn faoi Chlár Oiliúna Blue Book de chuid an Choimisiúin Eorpaigh. Bunaíodh an clár sin in 1960, agus tugann sé deis do thart ar 1,000 duine ó gach cearn den Aontas agus níos faide i gcéin 5 mhí de thaithí phraiticiúil a fháil i gceapadh beartas agus i riarachán an Aontais dhá uair sa bhliain.
Tréimhsí oiliúna le pá atá i gceist agus is féidir le hintéirneachtaí a bheith ag súil le thart ar €1,538 in aghaidh na míosa de liúntas maireachtála. Na daoine a n-éiríonn leo, faigheann siad deis le dul ag obair i dtimpeallacht ilchultúrtha, scileanna gairmiúla a fhorbairt, agus léargas a fháil ar oibríochtaí institiúidí an Aontais.
Níl aon teorainn aoise ann d’iarratasóirí. Caithfidh gnáthchéim ardoideachais 3 bliana a bheith críochnaithe agat agus ní mór 2 theanga oifigiúla de chuid an Aontais ar a laghad a bheith ar do thoil agat. Ní mór an Béarla, an Fhraincis nó an Ghearmáinis a bheith ar cheann de na teangacha sin. Den chéad uair riamh, tá an clár oscailte anois do chéimithe gairmoideachais agus gairmoiliúna (VET), mar sin mura ndeachaigh tú chun na hollscoile, d’fhéadfá a bheith incháilithe fós.
Chun iarratas a dhéanamh ar intéirneacht, beidh ort cuntas EU Login a chruthú ar dtús agus ansin foirm iarratais chomhlánaithe agus doiciméid tacaíochta riachtanacha a chur isteach.
Cuirtear tús leis na hintéirneachtaí i mí an Mhárta agus i mí Dheireadh Fómhair gach bliain. Is é Márta-Iúil 2027 an chéad tréimhse oiliúna eile ar féidir leat clárú lena déanamh. Beidh go dtí an 4 Meán Fómhair 2026 agat chun d’iarratas a chur isteach.
Cuimhnigh go bhfuil na hintéirneachtaí oscailte do shaoránaigh uile an Aontais, agus tá líon teoranta áiteanna ann freisin do náisiúnaigh tríú tír i ranna ar leith de chuid an Aontais. Cosúil le Kezia a thaistil ón Indinéis chun páirt a ghlacadh sa tréimhse oiliúna Blue Book: ‘Is taithí dhochreidte é seo do dhuine nach saoránach den Aontas é. Is maith liom cuimsitheacht an Choimisiúin Eorpaigh. Tá scileanna á bhfoghlaim agam freisin a chuideoidh liom i mo ghairmréim mar ailtire, uirbeoir agus taighdeoir!’
Mar sin, déan deifear agus cuir d’iarratas isteach anois!
Tuilleadh eolais
Tairseach Eorpach na hÓige – conas iarratas a dhéanamh ar chlár oiliúna Bluebook
Tréimhsí oiliúna in institiúidí, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí an Aontais Eorpaigh
- Dáta foilsithe
- 22 Iúil 2026
- Údar
- Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide