Tionóladh an chéad Fhóram Global Gateway sa Bhruiséil an 25 agus an 26 Deireadh Fómhair. Thug sé le chéile breis agus 40 ionadaí rialtais ardleibhéil ón Aontas Eorpach agus ó gach cearn den domhan, institiúidí airgeadais agus ionadaithe gnó chun labhairt faoi riachtanais infheistíochta an domhain, réitigh a phlé agus comhpháirtíochtaí nua a sheoladh. Dhírigh an plé ar an bhfuinneamh glas agus hidrigin, ar an taighde agus oideachas, ar amhábhair chriticiúla agus ar chonairí iompair. Síníodh raon comhaontuithe agus gealltanais infheistíochta sna réimsí sin an uair seo le comhpháirtithe ó gach cearn den domhan. An oíche roimh an bhFóram, tháinig Ardán Global Gateway um Idirphlé leis an tSochaí Shibhialta agus leis na hÚdaráis Áitiúla le chéile den chéad uair riamh. Tabharfaidh an tArdán sin deis don tsochaí shibhialta agus do na húdaráis áitiúla páirt a ghlacadh in Global Gateway agus i gcur i bhfeidhm céimneach tionscadal i réimsí éagsúla. Tuilleadh eolais Fóram Global Gateway Global Gateway Féach ar fhíseán ón bhFóram Féach agus léigh an ráiteas ón Uachtarán von der Leyen Preaseisiúint: Tús á chur leis an bhFóram Global Gateway chun borradh a chur faoi infheistíochtaí inbhuanaithe sa bhonneagar Sonraí Dáta foilsithe26 Deireadh Fómhair 2023ÚdarArd-Stiúrthóireacht na Cumarsáide