Ag filleadh léi abhaile tar éis luí na gréine, baineann bean a cluasáin dí, casann sí síos a cochall, agus coinníonn sí súil ar gach fear a théann thar bráid. Tá sí ag smaoineamh i gcónaí ar an bhfear a lean abhaile í agus a rinne ionsaí uirthi. Tá sí ar dhuine as gach triúr ban a d’fhulaing foréigean fisiciúil agus/nó gnéasach le 12 mhí anuas agus nár inis a scéal do dhuine ar bith.Idir an dá linn, tá grúpa ban ann atá ag filleadh ó mhórshiúl ar son chearta na mban. Siúlann roinnt fear thar bráid, iad ag béicíl agus ag comharthú ón taobh eile den tsráid. Toisc go gceapann fear amháin as gach seisear go bhfuil sé inghlactha a bheith ag béicíl ar mhná. Ar an drochuair, tá an-chur amach ag go leor mná san Eoraip ar eachtraí den sórt sin. Rud eile atá an-choitianta ná gurb iad na mná a dhéanann an chócaireacht agus/nó an obair tí ar bhonn laethúil níos mó ná 60% den am. Léiríonn an méid sin nach bhfuil an dul chun cinn i dtreo an chomhionannais inscne ag bogadh ar aghaidh tapa go leor. Tá an t-uafás rudaí normalacha idirdhealaitheacha struchtúracha ann a mhaireann go fóill inár sochaithe, agus ní mór aghaidh a thabhairt orthu agus iad a shárú.Sin é an fáth go bhfuil an Coimisiún Eorpach ag treisiú a thiomantais don chomhionannas inscne inniu, roimh Lá Idirnáisiúnta na mBan an 8 Márta, le fís fhadtéarmach chun dul chun cinn a dhéanamh. Leis an Treochlár nua um Chearta na mBan, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún an bealach a réiteach tuilleadh i dtreo na nithe seo a leanas:saoirse ó fhoréigean inscnebhunaithena caighdeáin sláinte is airdepá comhionann agus cumhachtú eacnamaíochcothromaíocht oibre agus saoil agus cúramcomhdheiseanna fostaíochta agus dálaí oibre leordhóthanachaoideachas cuimsitheach ar ardchaighdeánrannpháirtíocht pholaitiúil agus ionadaíocht chomhionannsásraí institiúideacha a dhéanann beart de réir briathair maidir le cearta na mbanTá sé mar aidhm ag an Treochlár cur leis an dul chun cinn suntasach a baineadh amach faoin Straitéis maidir le Comhionannas Inscne 2020-2025. A bhuí leis an straitéis sin, tá dul chun cinn stairiúil déanta san Aontas le cúig bliana anuas, le rialacha maidir le trédhearcacht pá, le cothromaíocht inscne ar bhoird cuideachtaí, agus le foréigean in aghaidh na mban a chomhrac. I dTuarascáil 2025 maidir le Comhionannas Inscne san Aontas a foilsíodh inniu freisin, tugtar forléargas níos mionsonraithe ar an dul chun cinn sin agus ar na réimsí ina bhfuil gá le tuilleadh gníomhaíochta. Tuilleadh eolaisPreaseisiúint: Treochlár chun cearta na mban a neartú curtha i láthair ag an gCoimisiúnTeachtaireacht ón gCoimisiún: Treochlár um Chearta na mBanDearbhú prionsabal le haghaidh sochaí atá comhionann ó thaobh inscne de Tuarascáil Bhliantúil maidir le Comhionannas Inscne Actions for gender equalityAn Straitéis maidir le Comhionannas Inscne Sonraí Dáta foilsithe7 Márta 2025ÚdarArd-Stiúrthóireacht na Cumarsáide