Ba é 2025 an séasúr falscaithe ba mheasa san Eoraip ó cuireadh tús leis na taifid. Leis an athrú aeráide, tá méadú ag teacht ar an mbaol falscaithe, ó thaobh déine agus minicíochta de araon. Tá cur chuige nua curtha chun cinn ag an gCoimisiún maidir le bainistiú riosca falscaithe, mar atá straitéis lena gcuirtear treoir ar fáil maidir le conas falscaithe a chosc, ullmhú dóibh, freagairt orthu agus téarnamh uathu ar bhealach níos fearr. Cuirfidh an méid sin feabhas ar athléimneacht na hEorpa i gcoinne falscaithe agus cuideoidh sé chun daoine agus an comhshaol araon a chosaint.Tá sé ríthábhachtach dúlra na hEorpa a athbhunú, ós rud é gur féidir le héiceachórais shláintiúla dhea-bhainistithe laghdú a dhéanamh ar an mbaol a bhaineann le teagmhais fhoircneacha agus an tionchar a bhíonn acu. Sin an tábhacht a bhaineann le cosc, agus sin an fáth a bhfuil an méid seo a leanas á dhéanamh ag an gCoimisiún:comhairle a chur ar fáil faoi conas dul i ngleic le hoiriúnú don athrú aeráide ar láithreáin Natura 2000, agus conas pleanáil tírdhreacha athléimnigh a chur chun cinnmíniú a thabhairt ar an gcaoi ar féidir le tíortha an Aontais láithreáin Natura 2000 a bhainistiú i gcásanna éigeandálaa mholadh do thíortha an Aontais cosc falscaithe agus ullmhacht ina leith a chomhtháthú sa phleanáil spásúlachta Chun cuidiú leis an ullmhúchán, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas freisin: cúnamh a thabhairt do thíortha an Aontais ina bpleanáil fhadtéarmach trí threoirlínte nuashonraithe maidir le measúnú rioscaféachaint le saoránaigh a rannpháirtiú san ullmhacht i leith falscaithe i gcomhréir leis an straitéis um aontas na hullmhachtaleanúint de chomhraiceoirí dóiteáin a chur in áit go réamhchoisctheach i limistéir lena mbaineann riosca agus malartú saineolaithe comhraic dóiteáin a chur chun cinnan Córas Eorpach Faisnéise maidir le Dóiteáin Foraoise a fhorbairt a thuilleadh, chun feabhas a chur ar a uirlisí luathrabhaidh agus monatóireachta dóiteáinsamhaltú riosca Eorpach a fhorbairt, ina measc sin tús áite a thabhairt d’uirlisí samhaltaithe falscaithe le cúnamh ón intleacht shaorgaAr ndóigh, cuideoidh pleanáil níos fearr le freagairt níos fearr a thabhairt ar fhalscaithe, chomh maith. Chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt d’iarrachtaí freagartha, leathnófar cabhlach comhraic dóiteáin rescEU trí 12 eitleán comhraic dóiteáin, chomh maith le 5 héileacaptar, a sholáthar. Maidir le téarnamh tar éis falscaithe, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún sonraí a bhailiú chun tuiscint níos fearr a fháil ar na rioscaí sláinte fadtéarmacha a bhíonn roimh chomhraiceoirí dóiteáin, mar gheall ar dhálaí contúirteacha agus substaintí tocsaineacha. Oibreoidh sé freisin chun dea-chleachtais a chomhroinnt maidir le modhanna téarnaimh iardhóiteáin, agus chun tacú le hathchóiriú iarthubaiste i dtreo éiceachórais atá níos athléimní ó thaobh na haeráide de.Chun na bearta sin go léir a chur chun feidhme, oibreoidh an Coimisiún go dlúth le tíortha an Aontais agus le réigiúin, an pobal cosanta sibhialta, bainisteoirí talún agus páirtithe leasmhara eile ann. Déanfar an dul chun cinn a athbhreithniú go rialta agus a thuairisciú d’institiúidí ábhartha an Aontais.Tuilleadh eolaisPreaseisiúint – Straitéis nua seolta ag an gCoimisiún chun dul i ngleic le bagairt mhéadaitheach na bhfalscaitheCeisteanna agus freagraí i leith bainistiú comhtháite riosca falscaitheBileog eolais – Bainistiú comhtháite riosca falscaithe Sonraí Dáta foilsithe25 Márta 2026ÚdarArd-Stiúrthóireacht na Cumarsáide