Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

Cothroime agus sábháilteacht a chinntiú: dleacht chustaim €3 i dtaobh beartáin ar luach íseal

  • Alt nuachta
  • 29 Meitheamh 2026
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  • Am léitheoireachta: 2 nóiméad
Customs checks of packages - Liege airport, Belgium

 

An 1 Iúil 2026 tabharfaidh an tAontas dleacht chustaim shealadach €3 isteach i dtaobh beartáin ar luach íseal a iompórtáiltear ó áit éigin lasmuigh den Aontas, rud a dhéanfar tríd an ríomhthráchtáil thar aon ní eile. Cuimseoidh sé sin raon leathan táirgí a cheannaítear ar líne go hiondúil, éadaí, bréagáin, earraí leictreonacha, agus earraí tomhaltais eile ar fiú suas le €150 iad,. cuir i gcás.

Gach aon lá, tagann na milliúin beartán ar luach íseal isteach san Aontas. Lear mór de na táirgí sna beartáin sin, ní chomhlíonann siad caighdeáin sábháilteachta an Aontais, déantar tearcluacháil orthu, nó dearbhaítear iad go bréagach chun dleachtanna custaim a sheachaint. Ina theannta sin, an díolúine reatha ó dhleachtanna custaim, tugann sí buntáiste éagórach do dhíoltóirí nach den Aontas iad thar ghnólachtaí ar san Aontas a dhéanann siad táirgí a mhonarú nó a dhíol.

In aghaidh na hítime a ghearrfar an dleacht nua, agus ní ar chainníocht a bheidh sí bunaithe, ach ar aicmiú taraife. Is éard a bheidh i gceist leis sin, go praiticiúil: 

  • má cheannaíonn duine cúig t-léine, dleacht chustaim €3 a ghearrfar (ós leis an aicmiú taraife céanna a bhaineann gach ceann de na t-léinte)
  • má cheannaíonn duine trí t-léine agus uaireadóir, dleacht chustaim €6 a ghearrfar (ós le dhá aicmiú taraife ar leith a bhaineann na t-léinte agus an t-uaireadóir faoi seach)

Beidh an díoltóir nó an t-iompórtálaí freagrach as an dleacht a dhearbhú agus a íoc mar chuid den phróiseas custaim.

Cuideoidh an beart nua ó thaobh iomaíocht níos cothroime a chruthú i gcomhair ghnólachtaí an Aontais, cosaint níos fearr a thabhairt do thomhaltóirí ar tháirgí neamhshábháilte, dul i ngleic leis an gcalaois chustaim, agus aghaidh a thabhairt ar údair imní ó thaobh an chomhshaoil de a eascraíonn ón oll-loingseoireacht. 

Tá an tAontas ag obair chun nósanna imeachta custaim a nuachóiriú ar mhaithe leis an margadh aonair a neartú agus lena chinntiú go mbeidh sé ina chothrom iomaíochta i measc na ngnólachtaí ar fad a dhíolann isteach san Aontas, agus go gcomhlíonfar rialacha sábháilteachta agus comhlíontachta an Aontais chomh maith.

Tuilleadh eolais

Preaseisiúint: dleachtanna custaim i gcás beartáin bheaga

Ceisteanna coitianta

Dáta foilsithe
29 Meitheamh 2026
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide

An nuacht ghaolmhar