Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach
  • Alt nuachta
  • 2 Deireadh Fómhair 2024
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  • Am léitheoireachta: 2 nóiméad

Breithniú déanta ag an gCoimisiún ar chur chuige Team Europe maidir le comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta a fhorbairt

Global Gateway in Cameroon

 

Le cúig bliana anuas, tá géarchéimeanna domhanda nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo tagtha chun cinn nárbh fhéidir le haon tír amháin dul i ngleic leo ina haonar. Sin an fáth ar tháinig institiúidí an Aontais, tíortha an Aontais, agus institiúidí airgeadais Eorpacha forbartha le chéile chun freagairt ar ghéarchéim COVID-19, i measc nithe eile, de mheon Team Europe mar a thugtar air. Thug an tAontas a shamhail maidir le comhar um fhorbairt cothrom le dáta freisin, agus d’imigh sé ón gcaidreamh idir deontóirí agus faighteoirí i dtreo comhpháirtíochtaí comhthairbheacha. Téann sé sin chun tairbhe do na pobail áitiúla agus neartaíonn sé an athléimneacht san Aontas agus ar fud an domhain. 

Tá breithniú déanta ag an gCoimisiún Eorpach anois ar chur chuige Team Europe maidir le comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta inbhuanaithe a chruthú. Thuairiscigh an Coimisiún go ndearna cur chuige Team Europe méadú ar scála, tionchar agus infheictheacht ghníomhaíochtaí an chomhair um fhorbairt inbhuanaithe agus gur chuir sé ar bun iad i gcomhthéacsanna a bhí deacair go minic, agus luachanna an Aontais á gcosaint go comhsheasmhach ag an am céanna.  

Mar shampla, is é cur chuige Team Europe príomhshásra seachadta straitéis infheistíochta Global Gateway an Aontais. Trí infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha inbhuanaithe, meastar go slógfaidh Global Gateway suas le €300 billiún faoi 2027. Idir 2021-2023, slógadh €179 mbilliún in infheistíochtaí i dtíortha comhpháirtíochta ar fud an domhain. Cuirfidh sé sin ar a gcumas do chomhpháirtithe an Aontais a sochaithe agus a ngeilleagair a fhorbairt, ach cruthóidh sé deiseanna freisin d’earnáil phríobháideach an Aontais infheistíocht a dhéanamh agus leanúint de bheith iomaíoch. 

Is ar chúig réimse infheistíochta inbhuanaithe tosaíochta ar fud an domhain a dhíríonn Global Gateway: 

  • Aeráid agus fuinneamh 
  • An t-aistriú digiteach 
  • Nascacht Iompair 
  • Sláinte 
  • Oideachas agus taighde 

Ina theannta sin, bíonn an tAontas rannpháirteach i gcomhthéacsanna agus i dtíortha leochaileacha, arb é príomhaidhm an Aontais aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna na leochaileachta agus tacú le bunriachtanais agus slite beatha na bpobal. Tá dlús curtha ag an Aontas freisin lena chuid oibre chun aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna na himirce, trí theagmháil níos mó a dhéanamh le tíortha tionscnaimh agus idirthurais. 

Le blianta beaga anuas, rinne an tAontas a rannpháirtíocht iltaobhach a neartú go mór le hinstitiúidí domhanda amhail na Náisiúin Aontaithe, G7/G20, agus institiúidí idirnáisiúnta airgeadais chun beartais dhomhanda a mhúnlú. 

Tuilleadh eolais 

Eoraip níos láidre sa domhan 

Amharcscéal faoin Eoraip níos láidre 

Global Gateway 

Comhpháirtíochtaí Idirnáisiúnta 

Preaseisiúint: Machnamh déanta ag an gCoimisiún ar straitéis na gComhpháirtíochtaí Idirnáisiúnta chun an teacht aniar a neartú sa bhaile agus thar lear 

 

Sonraí

Dáta foilsithe
2 Deireadh Fómhair 2024
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide