Mar chuid den ghealltanas laghdú 30% a dhéanamh faoi 2030 ar thruailliú ó mhicreaphlaistigh chun an comhshaol a chosaint, tá bearta glactha ag an gCoimisiún lena gcuirfear srian ar mhicreaphlaistigh a chuirtear le táirgí d’aon ghnó. Cuirfidh na rialacha nua cosc ar thart ar leathmhilliún tona micreaphlaisteach a scaoileadh isteach sa chomhshaol agus cuirfidh siad cosc ar a ndíol. Ní bhíonn na micreaphlaistigh ag bith-dhíghrádú ná ní féidir iad a bhaint den chomhshaol a luaithe a chuirtear ann iad. Táthar tar éis micreaphlaistigh a fháil in éiceachórais mhuirí, fionnuisce agus talún, agus i mbia agus in uisce óil chomh maith. Fuarthas amach i staidéir saotharlainne go mbíonn éifeachtaí diúltacha ag nochtadh micreaphlaisteach ar orgánaigh bheo. Cumhdaíonn na srianta nua táirgí coiteanna ina bhfuil micreaphlaistigh amhail an t-ábhar líonta gráinneach a úsáidtear ar dhromchlaí saorga spóirt – arb é an fhoinse is mó de mhicreaphlaistigh d’aon ghnó sa chomhshaol é – chomh maith le cosmaidí, glantaigh, gealra, leasacháin, bréagáin, cógais leighis agus feistí leighis. Tuilleadh eolais An Comhaontú Glas don Eoraip Micreaphlaistigh Preaseisiúint: Ghlac an Coimisiún bearta chun srian a chur ar mhicreaphlaistigh a chuirtear le táirgí d’aon ghnó Ceisteanna agus freagraí maidir leis na srianta Tuilleadh eolais faoi mhicreaphlaistigh ón nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán Físeán – cén dóigh a dtéann na micreaphlaistigh isteach sna lochanna? Sonraí Dáta foilsithe25 Meán Fómhair 2023ÚdarArd-Stiúrthóireacht na Cumarsáide