
Is saoránaigh den Aontas agus saoránaigh nach den Aontas iad araon atá faoi réir seiceálacha córasacha ar an láthair nuair a thrasnaíonn siad teorainneacha seachtracha an Aontais. Rinneadh beagnach 600 milliún trasnú a thaifeadadh in 2023 féin. Chun dlús a chur le rialuithe teorann agus chun taisteal níos rianúla agus níos sláine a chinntiú, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún pasanna agus cártaí aitheantais a dhigitiú d’aon duine atá ag teacht isteach i limistéar Schengen nó ag dul amach as.
Go sonrach, tá an méid seo a leanas curtha ar aghaidh ag an gCoimisiún:
- creat comhchoiteann maidir le dintiúir taistil dhigiteacha a úsáid
- feidhmchlár nua darb ainm ‘Feidhmchlár an Aontais um Thaisteal Digiteach’ chun go bhféadfaidh taistealaithe a ndintiúir taistil dhigiteacha a chruthú agus a stóráil
Is éard atá sna dintiúir taistil dhigiteacha leagan digiteach de na sonraí atá stóráilte ar phasanna agus ar chártaí aitheantais. Áirítear orthu eolas atá i slis an phas nó an chárta aitheantais, íomhá d’aghaidh an tsealbhóra san áireamh, ach ní áirítear méarloirg an tsealbhóra. Is féidir doiciméad taistil digiteach a stóráil ar ghuthán póca agus, a luaithe a bheidh sé ar fáil, i bhFeidhmchlár an Aontais um Thaisteal Digiteach. Beidh sé go hiomlán deonach do thaistealaithe an leagan digiteach seo dá ndoiciméid a iarraidh nó a úsáid, saor in aisce.
Le scéim den sórt sin, féadfar an méid seo a leanas:
- An tslándáil a fheabhsú: is deacra a bheidh sé do chalaoiseoirí doiciméid bhréige a úsáid nó dul trí theorainneacha Schengen gan bhrath.
- Éifeachtúlacht na rialuithe teorann a fheabhsú: a bhuí le réamhsheiceálacha is féidir a dhéanamh le dintiúir taistil dhigiteacha, féadfaidh na húdaráis bainistithe teorainneacha díriú go díreach ar smuigleáil imirceach agus ar choireacht trasteorann a bhrath
- Trasnuithe teorann níos rianúla agus níos tapúla a chur ar fáil: féadfaidh taistealaithe a bpasanna digiteacha nó a gcártaí aitheantais digiteacha a chur isteach roimh an turas le haghaidh réamhsheiceáil teorann
- Ualaí riaracháin a laghdú do shaoránaigh den Aontas: Féadfaidh na tíortha den Aontas ligean do na saoránaigh cártaí aitheantais digiteacha a úsáid le haghaidh cineálacha eile cláraithe agus aitheantais.
Beidh Feidhmchlár an Aontais um Thaisteal Digiteach ar fáil do gach saoránach den Aontas agus do dhaoine nach saoránaigh den Aontas iad a bhfuil pas bithmhéadrach nó cárta aitheantais den Aontas acu, agus iad ag taisteal chuig Limistéar Schengen nó amach as. A bhuí leis an bhfeidhmchlár, beidh taistealaithe in ann dintiúir taistil dhigiteacha a chruthú agus a bpleananna taistil agus a ndoiciméid taistil a chur faoi bhráid na n-údarás teorann roimh ré, chun dlús a chur le seiceálacha ag an teorainn. Beidh toiliú an úsáideora de dhíth i leith an fheidhmchláir sula ndéanfar sonraí pearsanta a phróiseáil. Cuirfear oiliúint ar na húdaráis teorann freisin maidir le rialacha slándála sonraí agus cosanta sonraí sula gceadófar dóibh rochtain a fháil ar na sonraí.
Is faoi Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus faoi Pharlaimint na hEorpa atá sé anois teacht ar chomhaontú maidir leis na tograí. A luaithe a ghlacfar iad, forbrófar Feidhmchlár an Aontais um Thaisteal Digiteach agus na caighdeáin theicniúla is gá.
Tuilleadh eolais
An Tiachóg Eorpach Céannachta Digití
- Dáta foilsithe
- 8 Deireadh Fómhair 2024
- Údar
- Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide