Déanfaidh an Coimisiún, in éineacht leis na Ballstáit, measúnuithe riosca ar cheithre réimse teicneolaíochta criticiúla do shlándáil eacnamaíoch an Aontais faoi dheireadh 2023. Seo a leanas an méid a chlúdófar: leathsheoltóirí ardfhorbartha an intleacht shaorga an ríomhaireacht chandamach an bhiteicneolaíocht Roghnaigh an Coimisiún na ceithre réimse sin mar na réimsí is mó ardriosca ó thaobh slándáil teicneolaíochta agus sceitheadh teicneolaíochta de ó liosta de dheich réimse teicneolaíochta criticiúla. Tá an cleachtadh sin ina chuid den Straitéis Eorpach um Shlándáil Eacnamaíoch, mí an Mheithimh 2023. I bhfianaise phaindéim COVID-19, ionradh na Rúise ar an Úcráin, méadú an teannais gheopholaitiúil agus athruithe móra teicneolaíochta, is mian leis an Aontas a bheith in ann an baol don tslándáil eacnamaíoch a shainaithint agus a mheasúnú go comhpháirteach, úsáid a bhaint as na huirlisí atá ar fáil, agus cinn nua a fhorbairt i gcás inar gá. Tuilleadh eolais Geilleagar a fhóireann do dhaoine Preaseisiúint: Molann an Coimisiún measúnuithe riosca a dhéanamh ar cheithre réimse teicneolaíochta criticiúla Bileog eolais faoin Straitéis Eorpach um Shlándáil Eacnamaíoch Sonraí Dáta foilsithe3 Deireadh Fómhair 2023ÚdarArd-Stiúrthóireacht na Cumarsáide