Inneachar an leathanaighInneachar an leathanaigh Buiséad an Aontais Eorpaigh Tarraingíonn buiséad an Aontais Eorpaigh acmhainní ar leibhéal na hEorpa le chéile. Chomh maith le tosaíochtaí an Aontais a chistiú, maoinítear leis tionscadail mhóra bhonneagair agus taighde freisin. Cuidíonn sé freisin chun na freagairtí ar dhúshláin a sháraíonn a theorainneacha, ar nós phaindéim an choróinvíris, an athraithe aeráide agus bhagairt na sceimhlitheoireachta, a chistiú. Tá buiséad an Aontais comhlántach le buiséid náisiúnta thíortha an Aontais: seachnaítear leis dúbailt iarrachtaí agus cuirtear i bhfeidhm é nuair is éifeachtaí airgead a chaitheamh ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, ná ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach nó náisiúnta. Baineann buiséad an Aontais leis an dlúthpháirtíocht freisin – cuireann sé ar a chumas don Aontas tacú leis na Ballstáit nach bhfuil chomh saibhir sin ina bhforbairt eacnamaíoch. A bhuí leis, is féidir leis an Aontas lámh chuidithe a thabhairt do thíortha an Aontais nuair a bhuaileann tubaistí nádúrtha iad. Ciallaíonn an dlúthpháirtíocht tacú le do chomharsana nó le tríú tíortha eile freisin, agus cuidiú le feabhas a chur ar shaolta a saoránach. Le buiséad an Aontais Eorpaigh, ligtear don Aontas a ról mar ghníomhaire domhanda a choimeád agus a neartú fiú, agus ligtear dó, in éineacht lena Bhallstáit, a stádas mar phríomhdheontóir cabhrach forbartha agus daonnúla an domhain a choimeád. Féach ar an bhfíseán Aghaidh a thabhairt ar ghéarchéim an choróinvíris Tá raon leathan beart curtha i bhfeidhm ag an gCoimisiún Eorpach chun freagairt don ghéarchéim a cruthaíodh de dheasca phaindéim an choróinvíris, ar nós na mbeart seo a leanas: cuireadh iasachtaí suas le €100 billiún ar fáil le haghaidh scéimeanna gearrthéarmacha fostaíochta faoi chlár SURE cruthaíodh Tionscnamh Infheistíochta mar Fhreagairt ar an gCoróinvíreas (CRII) agus Tionscnamh Infheistíochta mar Fhreagairt ar an gCoróinvíreas Plus (CRII+) chun ligean do thíortha an Aontais úsáid a bhaint as cistiú beartais comhtháthaithe chun tacú leis na hearnálacha is mó i mbaol ón bpaindéim síníodh conarthaí le sé chuideachta cógaisíochta lena áirithiú go mbeidh rochtain ag daoine ar vacsaíní COVID‑19 slógadh €2.7 billiún faoin Ionstraim Tacaíochta Éigeandála chun cuidiú le tíortha san Aontas costas airgeadais láithreach na paindéime a mhaolú cuireadh suas le €806.9 billiún i bpraghsanna reatha ar fáil faoi chiste téarnaimh NextGenerationEU chun cuidiú le téarnamh níos glaise, níos digití agus níos inbhuanaithe a chinntiú Freagairt an Aontais Eorpaigh ar phaindéim an Choróinvíris Baineann gach aon duine leas as buiséad an Aontais Eorpaigh Ní bhaineann buiséad an Aontais le tíortha a bheith ag ligean chucu agus uathu, agus níor bhain riamh. Bhain sé i gcónaí le hacmhainní a chomhthiomsú, seasamh le chéile in aghaidh dúshláin ghnáchcomónta agus breisluach Aontais Eorpaigh a chruthú. Bhain sé i gcónaí le cuidiú le muintir na hEorpa saolta níos fearr a bheith acu. Tá locht, dá bhrí sin, ar an insint faoin méid a fhaigheann gach tír san Aontas ón mbuiséad i gcomparáid leis an méid a ranníocann siad leis. Ní chuirtear san áireamh san insint sin na buntáistí a fhaigheann na Ballstáit ón margadh aonair. Ní thomhaistear ann ach an oiread na deiseanna gnó a chruthaíonn an beartas comhtháthaithe – príomhbheartas infheistíochta an Aontais – do ghnólachtaí ar fud an Aontais. Rannchuidíonn an tAontas ar bhealach suntasach le geilleagair a Bhallstát agus tugtar neamhaird foriomlán air sin sna ríomhanna sin. De réir sonraí le déanaí a cuireadh le chéile in 2019, bhain na Ballstáit níos mó ná a sé oiread leasa as an margadh aonair i gcomparáid lena ranníocaíochtaí. Is é sin toradh aon le sé ar infheistíochtaí. Tá an cóimheas idir leasanna agus ranníocaíochtaí éagsúil ó thír go tír san Aontas, agus baineann Ballstáit áirithe níos mó leasa as. Tá sin amhlaidh toisc go dtugann an margadh aonair rochtain ar 450 milliún custaiméir agus cruthaítear leis deiseanna nach féidir le haon tír san Aontas ina aonar a chur ar fáil. Féach thíos tuilleadh samplaí den difríocht atá déanta ag buiséad an Aontais go dtí seo, agus an chaoi a leanfaidh sé air ag déanamh amhlaidh sa tréimhse 2021-2027. Dlús a chur le taighde agus nuálaíocht Tá taighde agus nuálaíocht ríthábhachtach chun fás amach anseo a chumasú. Leanfaidh clár taighde Fís Eorpach air ag cur tacaíocht luachmhar ar fáil do scoth na dtaighdeoirí agus na nuálaithe chun Eoraip ghlas, fholláin agus athléimneach a áirithiú. Is aidhm do na misin Eorpacha, mar shampla, 3 mhilliún beatha a shábháil ó ailse; 100 cathair neodrach ó thaobh aeráide de; aigéin, farraigí agus uiscí inmheánacha sláintiúla; ithreacha agus bia sláintiúil; agus réigiúin a bhfuil teacht aniar acu in aghaidh an athraithe aeráide a bhaint amach faoi 2030. Research and innovation An Plean Infheistíochta don Eoraip Ó bhí 2015 ann, tá an méid a leanas déanta ag an gCiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha thacaigh sé le breis agus 8.5 milliún post chuidigh sé le fuinneamh in‑athnuaite a chur ar fáil do 10 milliún teaghlach chuidigh sé le hidirlíon ardluais a chur ar fáil do 15 mhilliún teaghlach. Sa tréimhse 2021-2027, leanfaidh comharba an Phlean Infheistíochta don Eoraip, InvestEU, de thacú le hinfheistíochtaí san Eoraip. InvestEU Forbairt réigiúnach Déanfaidh Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) na rudaí a leanas maoineoidh sé seirbhísí feabhsaithe sláinte san Aontas Eorpach tacóidh sé le hinfheistíocht i ngnólachtaí beaga cuideoidh sé le neamhionannais idir réigiúin sa Eoraip a laghdú cuirfidh sé forbairt inbhuanaithe chun cinn cuirfidh sé feabhas ar rochtain ar mhargaí nua le haghaidh earraí, seirbhísí agus infheistíochtaí cuirfidh sé deiseanna soláthair phoiblí ar fáil le haghaidh bonneagair, teicneolaíochta faisnéise, taighde agus nuálaíochta EU regional and urban development Talmhaíocht agus an comhshaol Sa tréimhse 2021-2027 oibreoidh an comhbheartas talmhaíochta (CBT) chun rochtain ar bhia sábháilte, ardcháilíochta, inacmhainne, cothaitheach agus éagsúil a áirithiú, agus tacóidh sé leis an athrú i dtreo talmhaíocht agus forbairt tuaithe atá iomlán inbhuanaithe maoineoidh an clár LIFE tionscadail a dhírítear ar cháilíocht an aeir a fheabhsú agus speiceas plandaí agus ainmhithe atá faoi bhagairt faoi láthair a chaomhnú. tacóidh an Ciste nua um Aistriú Cóir leis an aistriú i dtreo na haeráidneodrachta trí thionchar an aistrithe sna réigiúin is mó a bhfuil tionchar orthu a mhaolú An comhbheartas talmhaíochta Troid in aghaidh na sceimhlitheoireachta Faoi bhuiséad an Aontais, atreiseofar an Ciste Slándála Inmheánaí chun cuidiú le feabhas a chur ar inniúlacht an Aontais aghaidh a thabhairt ar bhagairtí slándála ar na modhanna a leanas faisnéis a mhalartú measúnuithe riosca agus imscrúduithe comhpháirteacha a dhéanamh teicneolaíochtaí gnáchcomónta a úsáid agus oibriú as lámh a chéile chun aghaidh a thabhairt ar bhagairtí gnáchcomónta Ina theannta sin, leanfaidh an Ciste Eorpach Cosanta de chomhar cosanta idir tionscail de gach méid a chur chun cinn freisin. An Ciste Slándála Inmheánaí Aghaidh a thabhairt ar dhúshlán na himirce Is mó a nochtar tíortha áirithe san Aontas ná a chéile do bhrúnna áirithe imirce. An tacaíocht a chuirtear ar fáil chun teorainneacha seachtracha an Aontais a neartú, táthar ag cur leis sin in 2021-2027 chun an córas tearmainn laistigh den Aontas a chosaint. Gheobhaidh tíortha níos mó cistí ón Aontas freisin chun cuidiú leo an imirce isteach san Aontas a bhainistiú ar bhealach níos fearr, tríd an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex), cuir i gcás. An Ciste Tearmainn agus Imirce