Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

Incháilitheacht agus inghlacthacht

Ní mór don togra cloí leis na critéir incháilitheachta agus inghlacthachta a leagtar amach sna treoirlínte maidir le glao ar thairiscintí.

Incháilitheacht

Leagtar amach critéir shonracha do gach clár agus do gach glao. Bí cinnte, i gcónaí, na treoirlínte a sheiceáil. Tá roinnt seiceálacha incháilitheachta is féidir a dhéanamh. Mar shampla:

  • an bhfuil dóthain de na rannpháirtithe cearta ag an togra?

  • an bhfuil sé i gcomhréir leis an nós imeachta agus leis an spriocdháta lena leagan isteach?

Ach a leagtar isteach togra, déanann an Coimisiún:

  • a sheiceáil an bhfuil sé inghlactha (iomlán agus ullmhaithe i gceart) agus incháilithe

  • a iarraidh ar shaineolaithe neamhspleácha é a mheasúnú

 

Leagtar amach na critéir inghlacthachta agus incháilitheachta sna treoirlíntedo ghlaonna. Tá sampla le fáil anseo: Critéir inghlacthachta agus mheasúnaithe. Tá fáil ar na tagairtí ábhartha ansiúd freisin.

 

Inghlacthacht

Ní mór go gcloífeadh an t-iarratas le critéir áirithe chun a chinntiú go nglacfar leis. I measc na gcritéar sin, tá;

  • iarratas comhlánaithe maille leis na foirmeacha riachtanacha riaracháin, cur síos ar an togra agus aon doiciméid tacaíochta a luaitear sa ghlao. Ta sonraí maidir leis na doiciméid tacaíochta le fáil sna Critéir chaighdeánacha inghlacthachta

  • dréachtphlean leis na torthaí a chur ag obair agus a scaipeadh, mura dtugtar a mhalairt le fios i gcoinníollacha an ghlao. Ní bhíonn gá le dréachtphlean i gcás togra ag an gcéad chéim de phróiseas dé-chéimneach

  • beidh teorainn le líon na leathanach a cheadófar sa togra nó san iarratas, agus ní ceadmhach dó dul thar uaslíon na leathanach a luaitear sa teimpléad do thograí

 

Leagtar amach na critéir inghlacthachta agus incháilitheachta sna treoirlíntedo ghlaonna. Tá sampla le fáil anseo: Critéir inghlacthachta agus mheasúnaithe. Tá fáil ar na tagairtí ábhartha ansiúd freisin.