Forbhreathnú
Ar an leathanach gréasáin seo tá
- eolas faoi shuirbhéanna margaidh, seisiúin eolais agus tairiscintí oscailte os cionn €140, 000 arna seoladh ag Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
- eolas faoi nósanna imeachta soláthair eile arna seoladh ag Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
- naisc chuig eolas gaolmhar, cuir i gcás glaonna ar thairiscintí ó Ionadaíochtaí an Choimisiúin sna Ballstáit agus fógraí faoi dhámhachtain conarthaí le déanaí
Chun liostaí níos iomláine a fháil, féach na glaonna ar thairiscintí ó fhoinsí eile, cuir i gcás na cinn seo a leanas:
Spriocdháta 19/08/2026 – Córas Dinimiciúil Ceannaigh le haghaidh Seirbhísí Cumarsáide
Nuashonrú 07/11/2022
An 29/07/2021, d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide (COMM), glao nua ar Iarrataí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ar pháirt a ghlacadh i gCóras Dinimiciúil Ceannaigh (CDC) le haghaidh Seirbhísí Cumarsáide (2022/S 139-395986), a bhfuil sé mar aidhm aige seirbhísí cumarsáide casta a chur ar fáil (le béim ar leith ar straitéis agus ar thraschruthú).
Tá sé beartaithe ag AS COMM an CDC sin a úsáid i mí na Nollag 2022 ar a dhéanaí chun tús a chur le mionchomórtas dar luach tuairim agus €30 milliún.
Cé go bhfuil teorainn ama ceithre bliana le dul isteach sa CDC féin, ní bheidh gach mionchomórtas ar oscailt ach do chuideachtaí a ligeadh isteach sa CDC cheana nuair a bheidh an mionchomórtas á sheoladh.
Iarrthóirí ar spéis leo páirt a ghlacadh sna comórtais atá le teacht aníos faoin CDC, ní mór dóibh clárú ar ardán CDC.
Nuashonrú 19/10/2021
Faoi mar a luaitear san fhógra thíos, is ar an 8 Deireadh Fómhair 2021 a seoladh an chéad mhionchomórtas faoin gCóras Dinimiciúil Ceannaigh i gcomhair Seirbhísí Cumarsáide (2021/S 145-384395). Na hoibreoirí eacnamaíocha ar spéis leo clárú ar ardán CDC, molann AS COMM go láidir dóibh an nasc atá san fhógra seo a úsáid ionas go bhféadfaidh siad páirt a ghlacadh sna mionchomórtais atá ar na bacáin faoi na seacht gcatagóir seirbhísí atá beartaithe sa CDC seo.
An 29 Iúil 2021 d’fhoilsigh Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide (COMM) sa Choimisiún Eorpach glao ar iarrataí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ar pháirt a ghlacadh i gCóras Dinimiciúil Ceannaigh (CDC) le haghaidh Seirbhísí Cumarsáide (2021/S 145-384395), ina bhfuil 7 gcatagóir a bhaineann le seirbhísí cumarsáide, seirbhísí a chumhdaíonn pleanáil agus ceannach na meán go sonrach.
Tá sé beartaithe ag AS COMM úsáid a bhaint as CDC Catagóir 1: Pleanáil agus ceannach do na meáin i mí Dheireadh Fómhair 2021 ar a dhéanaí chun tús a chur leis an gcéad mhionchomórtas dar luach tuairim is €20 milliún de réir mar a mheastar.
Cé go bhfuil teorainn ama ceithre bliana le dul isteach sa CDC féin, ní bheidh gach mionchomórtas ar oscailt ach do chuideachtaí a ligeadh isteach sa CDC cheana nuair a bheidh an mionchomórtas á sheoladh.
Iarrthóirí ar spéis leo páirt a ghlacadh sna comórtais atá le teacht aníos faoin CDC, ní mór dóibh clárú ar ardán CDC.
Spriocdháta 13/08/2027 – Córas Dinimiciúil Ceannaigh a bhaineann le rannpháirtíocht na saoránach agus le pléphróisis
Nuashonrú 29/09/2023
An 19 Iúil 2023 d’fhoilsigh Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide (COMM) sa Choimisiún Eorpach glao ar Iarrataí in in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ar pháirt a ghlacadh i gCóras Dinimiciúil Ceannaigh (CDC) a bhaineann le rannpháirtíocht na saoránach agus le pléphróisis agus atá roinnte i gceithre chatagóir (438876-2023; 437370-2023; 438340-2023; 438461-2023) .
Déanfar na chéad mhionchomórtais faoi Chatagóir 1 – Próisis Rannpháirteacha agus Pléphróisis Uile-Eorpacha nó Ilnáisiúnta (438876-2023) agus faoi Chatagóir 4 – Socrú, Modhnóireacht agus Anailís na nArdán Digiteach (438461-2023) a sheoladh go han-luath. Cé go bhfuil teorainn ama ceithre bliana le dul isteach sa CDC féin, ní bheidh gach mionchomórtas ar oscailt ach do chuideachtaí a ligeadh isteach sa CDC cheana nuair a bheidh an mionchomórtas á sheoladh. Molann AS COMM do na hoibreoirí eacnamaíocha uile ar spéis leo é a n-iarratas a chur isteach ar ardán Mercell, ionas go mbeidh siad in ann páirt a ghlacadh sna mionchomórtais sin atá ar na bacáin faoin CDC.
Nuashonrú 19/07/2023
An 19/07/2023 d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide (COMM), glao nua in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ar pháirt a ghlacadh i gCóras Dinimiciúil Ceannaigh atá roinnte i gceithre chatagóir (438876-2023; 437370-2023; 438340-2023; 438461-2023) agus díriú ar shaineolas agus ar acmhainneacht chun tacú lena riachtanais mhéadaitheacha i dtaca le rannpháirtíocht na saoránach a spreagadh sa cheapadh beartas.
Gach oibreoir eacnamaíoch atá in ann seirbhísí a sholáthar a bhaineann le rannpháirtíocht na saoránach agus le pléphróisis, iarrtar orthu a n-iarratas ar rannpháirtíocht a chur isteach.
Bheadh sé sin ina ábhar spéise go háirithe d’eagraíochtaí agus do chuideachtaí a bhfuil taithí acu ar fhormáidí rannpháirtíochta agus plé éagsúla a phleanáil, a dhearadh agus a chur chun feidhme; d’eintitis atá oilte sa tsampláil shrathaithe le haghaidh roghnú randamach rannpháirtithe ó gach cearn den Eoraip le haghaidh cleachtaí rannpháirtíochta ar scálaí éagsúla faoi stiúir an Choimisiúin; agus d’eintitis a bhfuil taithí acu ar ardáin dhigiteacha rannpháirtíochta a bhunú, a mhodhnú agus a anailísiú.
Is nós imeachta soláthair dhá chéim é an CDC, a bhíonn fós ar oscailt d’iontrálaithe nua le linn a shaolré. Ar an gcéad dul síos, iarrthóirí ar spéis leo dul isteach sa CDC, ní mór dóibh iarratas a chur isteach ar líne ar ardán Mercell.Nuair atá gá le seirbhísí, tabharfar cuireadh do gach rannpháirtí a ligtear isteach sa CDC tairiscintí a chur isteach chuig mionchomórtas ina sonrófar raon feidhme na seirbhísí is gá agus an chatagóir lena mbaineann.
D’fhéadfadh sé go mbeadh na chéad mhionchomórtais seolta cheana féin i bhfómhar 2023, go háirithe maidir le heagrú féideartha na bPainéal Saoránach Eorpach.
Spriocdháta 08/03/2031 – Córas Dinimiciúil Ceannaigh le haghaidh Seirbhísí Ceannaithe Meán
Nuashonrú 13/05/2026
Tá Córas Dinimiciúil Ceannaigh (CDC) foilsithe ag Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide (COMM) sa Choimisiún Eorpach le haghaidh straitéis mhór do na meáin, seirbhísí pleanála, ceannaigh agus oiriúnaithe sócmhainní.
Is féidir le cuideachtaí iarratas a dhéanamh chun páirt a ghlacadh sa CDC tráth ar bith idir seo agus an 8 Márta 2031.
Tá sé beartaithe ag AS COMM an chéad chomórtas a sheoladh faoi shamhradh 2026 chun conradh a dhámhachtain le méid measta sealadach €200 milliún. Na hoibreoirí eacnamaíocha uile a mbeidh a n-iarratais tríd an CDC próiseáilte faoin am a sheolfar an comórtas, tabharfar cuireadh dóibh tairiscint a chur isteach. Dá bhrí sin, cuireann AS COMM fáilte roimh na hoibreoirí eacnamaíocha leasmhara uile, nach ndearna iarratas tríd an CDC go fóill, a n-iarratas chun páirt a ghlacadh ann a chur isteach a luaithe is féidir, ionas nach gcaillfear aon deis.
Tá tuilleadh sonraí faoi conas iarratas a dhéanamh ar an CDC agus páirt a ghlacadh i mionchomórtais le fáil ar ardán Mercell.
Cúlra
Is nós imeachta soláthair dhá chéim é an CDC, a bhíonn fós ar oscailt d’iontrálaithe nua le linn a shaolré. Ar an gcéad dul síos, iarrthóirí ar spéis leo dul isteach sa CDC, ní mór dóibh iarratas a chur isteach ar líne ar ardán Mercell.
Is é cuspóir an chonartha straitéis, pleanáil, ceannach agus oiriúnú sócmhainní na meán a chumhdach, seirbhísí gaolmhara arna ndéanamh ag na hinstitiúidí Eorpacha rannpháirteacha mar Údaráis Chonarthacha san áireamh.
Baineann sé leis na nithe seo a leanas:
- Cuspóir na meán a leagan síos, deighilt an lucht féachana, straitéis na meán agus seirbhísí taighde agus comhairliúcháin gaolmhara;
- Pleananna meán a fhorbairt;
- Ceannach meán, caibidlíocht praghsanna san áireamh, bainistiú spáis na meán, monatóireacht, forbairt creata meastóireachta, tomhas agus tuairisciú feachtais (modheolaíochtaí cainníochtúla agus cáilíochtúla);
- D’fhéadfadh sé go n-áireofaí ar na gníomhaíochtaí cumarsáide foluiteacha fógrán aonair a chur i gcainéal meán sonrach amháin go feachtais ilchainéil (as líne, digiteach, gníomhachtuithe ó thaithí etc.) agus feachtais iltíre.
- Sócmhainní cumarsáide a bhaineann leis na seirbhísí ceannaithe meán a tháirgeadh, a oiriúnú agus a aistriú.
Seirbhísí saotharlainne grianghraf, seirbhísí priontála agus soláthairtí gaolmhara
Spriocdháta 12/06/2025 – Creatchonradh iolrach chun feachtais faisnéise agus chumarsáide a eagrú
Tá an Coimisiún Eorpach ag féachaint le gníomhaireachtaí fógraíochta agus cumarsáide a chur ar conradh le haghaidh feachtais faisnéise agus cumarsáide. Baineann na seirbhísí is gá le feachtais chomhtháite faisnéise agus chumarsáide a dhearadh, a chur chun feidhme agus meastóireacht a dhéanamh orthu. Ina measc sin tá táirgeadh ábhair (e.g. uirlisí closamhairc, eagarthóireachta agus digiteacha), scaipeadh trí chainéil éagsúla meán, monatóireacht agus tomhas feidhmíochta, agus seirbhísí bainistithe tionscadal. Ina theannta sin, éilíonn na seirbhísí creatchonartha logánú, inbhuanaitheacht chomhshaoil, agus inrochtaineacht i ngach gné de na feachtais. Tiocfaidh deireadh leis an gcreatchonradh atá ann faoi láthair an 27/10/2025 agus baineann an Coimisiún úsáid fhorleathan as na seirbhísí faoi le haghaidh feachtais thábhachtacha chumarsáide corparáidí. Chun tuilleadh sonraí a fháil faoin mbealach le hiarratas a dhéanamh, téigh chuig: Tairseach Cistithe agus Tairiscintí an Aontais | Tairseach Cistithe agus Tairiscintí an Aontais
Seisiún Eolais ar Líne do Thairiscintí Ionad Teagmhála Europe Direct
Is í Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide (AS COMM) de chuid an Choimisiúin Eorpaigh a bhainistíonn Ionad Teagmhála Europe Direct (EDCC) agus a fhreagraíonn ceisteanna na saoránach faoin Aontas, faoina bheartais agus faoina chláir, ar an bhfón, ar ríomhphost, agus ar theachtaireachtaí meandracha. Soláthraítear oibríochtaí an ionaid teagmhála trí chreatchonradh tiomnaithe a dhéanfar a athnuachan go luath.
Roimh fhoilsiú an nós imeachta oscailte thiomnaithe, thug AS COMM cuireadh d’oibreoirí margaidh i réimse na lárionad teagmhála chuig seisiún eolais ar líne an 12 Nollaig 2024. Ba é an cuspóir a bhí leis eolas a thabhairt faoi EDCC agus faoin nós imeachta atá ar na bacáin agus aiseolas a bhailiú ó oibreoirí eacnamaíocha a bhféadfadh suim a bheith acu a bheith rannpháirteach mar thairgeoirí sa nós imeachta soláthair phoiblí chun seirbhísí EDCC a sholáthar.
Séanadh
Is faisnéis tháscach amháin í an fhaisnéis ar fad a chuireann an t-údarás conarthach ar fáil le linn an tseisiúin faisnéise ar líne agus is chun críoch faisnéise tosaigh amháin atá sí beartaithe.
Ní gealltanas ná oibleagáid dhlíthiúil ar thaobh an údaráis chonarthaigh dul ar aghaidh ar aon bhealach sonrach í an fhaisnéis a chomhroinntear.
Tá na mionsonraí uile, lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta dóibh, raonta feidhme, meastacháin agus nósanna imeachta, faoi réir athrú de rogha an údaráis chonarthaigh gan fógra a thabhairt roimh ré.
Ní féidir aon cheart, éileamh ná spleáchas a dhíorthú ná a dhearbhú bunaithe ar an bhfaisnéis a chomhroinntear sa chomhairliúchán seo.
Níor cheart d’oibreoirí eacnamaíocha aon fhaisnéis a sholáthraítear le linn an chomhairliúcháin seo a fhorléiriú mar fhorais le haon éileamh nó ionchas go ndéanfaí caidreamh conarthach leis an údarás conarthach.
Na fógraí dámhachtana is déanaí
Is féidir teacht ar eolas maidir le fógraí faoi dhámhachtain conarthaí ó bhlianta roimhe seo ach dul i gcomhairle leis an gCóras Trédhearcachta Airgeadais.