Cláir mhaoiniúcháin
Cuireann an Coimisiún Eorpach maoiniú ar fáil do thionscadail agus d'eagraíochtaí i bhfoirm glaonna ar thograí. Déantar maoiniú a sholáthar le haghaidh raon leathan tionscadal agus clár i raon leathan réimsí beartais, an t-oideachas san áireamh.
Is le gníomhartha díláraithe agus gníomhartha láraithe a thugtar an maoiniú
- na gníomhartha díláraithe, is gníomhaireachtaí náisiúnta atá suite sna Ballstáit a bhíonn á mbainistiú
- na gníomhartha láraithe, is é an Coimisiún Eorpach a bhíonn á mbainistiú ar an leibhéal Eorpach
Ní cuid d'institiúidí an Aontais Eorpaigh iad na gníomhaireachtaí náisiúnta. Is eintitis dhlíthiúla iad a chuirtear ar bun chun cúraimí teicniúla agus eolaíochta sonracha a dhéanamh, cúraimí a chabhraíonn leis an gCoimisiún Eorpach a chuid beartas a chur i bhfeidhm.
Maoiniú a fháil i réimse an oideachais
Tá deiseanna ann chun maoiniú a fháil i réimse an oideachais agus na hoiliúna faoin gclár Erasmus+. Is scéim mhaoiniúcháin é Erasmus+ arb é is aidhm di tacú le gníomhaíochtaí oideachais, oiliúna, óige agus spóirt. Is é an Coimisiún Eorpach atá freagrach as beartais Erasmus+ agus is é a dhéanann maoirseacht ar chur chun feidhme foriomlán an chláir.
Glaonna ar thairiscintí i réimse an oideachais
Tuilleadh eolais faoi Erasmus+
Is í an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Oideachas agus Cultúr (EACEA) a bhainistíonn na gníomhartha láraithe ar an leibhéal Eorpach.
Fostaíocht, scileanna agus oiliúint
Bíonn glaonna ar thograí a bhaineann le scileanna agus oiliúint á dtairiscint freisin ag an Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú.
Cuardaigh deiseanna maoiniúcháin i réimse na fostaíochta, gnóthaí sóisialta agus an chuimsithe.
Taighde
Faoi Ghníomhaíochtaí Marie Skłodowska Curie (GMSC), cuirtear deontais ar fáil do thaighdeoirí ag gach céim dá ngairmréim, idir iarrthóirí ar chéimeanna dochtúireachta agus taighdeoirí a bhfuil ardtaithí acu.