Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Ráiteas inrochtaineachta maidir le hamharcscéalta

Amharcscéalta an Choimisiúin Eorpaigh

Is le hábhar a fhoilsítear ar an bhfearann agus san eolaire a bhaineann an ráiteas seo: https://ec.europa.eu/stories/

Is í Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide de chuid an Choimisiúin Eorpaigh a bhainistíonn an suíomh gréasáin seo. Tá sé deartha lena úsáid ag an oiread daoine agus is féidir, daoine faoi mhíchumas ina measc.

Ba chóir duit a bheith in ann an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • zúmáil suas le 200% gan aon fhadhb
  • nascleanúint a dhéanamh ar an gcuid is mó den suíomh gréasáin gan ach méarchlár a úsáid
  • nascleanúint a dhéanamh ar an gcuid is mó den suíomh gréasáin trí úsáid a bhaint as léitheoir scáileáin nua-aimseartha agus bogearraí aitheantais urlabhra (ar do ríomhaire nó ar do ghuthán)

Tá an suíomh gréasáin seo deartha chun cloí leis an gcaighdeán teicniúil le haghaidh suíomhanna gréasáin agus aipeanna móibíleacha, mar atá EN 301 549, v.3.2.1. Tá sé sin ag teacht go dlúth le leibhéal ‘AA’ de na Treoirlínte maidir le hInrochtaineacht Ábhair ar an nGréasán (WCAG) leagan 2.1.

Stádas comhlíontachta

Tá an suíomh gréasáin seo i gcomhréir go páirteach le caighdeán teicniúil EN 301 549 v.3.2.1 agus leis na Treoirlínte maidir le hInrochtaineacht Ábhair ar an nGréasán (WCAG) 2.1 Leibhéal AA. Féach ‘Ábhar neamh-inrochtana’ chun tuilleadh sonraí a fháil.

Rinneadh an suíomh gréasáin a thástáil go deireanach an 30 Lúnasa 2023.

Ullmhúchán an ráitis seo

Ullmhaíodh an ráiteas seo an 30 Lúnasa 2023.

Tá an ráiteas bunaithe ar athbhreithniú a rinne saineolaí inrochtaineachta a bhfuil cáilíocht IAAP aige ar shampla ionadaíoch de leathanaigh ghréasáin, agus úsáid á baint as meascán de thástáil láimhe agus tástáil uathoibrithe chuige sin.

Aiseolas

Fáiltímid roimh aiseolas uait maidir le hinrochtaineacht shuíomh gréasáin an Choimisiún Eorpaigh. Cuir in iúl dúinn é má thagann tú ar bhaic inrochtaineachta:

  • Guthán: 00 800 6 7 8 9 10 11
  • Foirm theagmhála: Scríobh chugainn (iarrtar ort gan eolas íogair a lua san fhoirm, e.g. aon eolas a nochtfadh eolas pearsanta airgeadais, eolas a bhaineann le do shláinte, nó aon ábhar íogair eile)

Déanaimid iarracht freagra a thabhairt ar aiseolas laistigh de 15 lá gnó ón dáta a fhaigheann an roinn den Choimisiún atá freagrach an fiosrúchán.

Comhoiriúnacht le brabhsálaithe agus teicneolaíocht chúnta

Tá suíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh deartha le bheith comhoiriúnach leis na teicneolaíochtaí cúnta caighdeánacha seo a leanas:

  • an leagan is déanaí de na brabhsálaithe Google Chrome agus Apple Safari
  • in éineacht leis na leaganacha is déanaí de JAWS, NVDA, VoiceOver agus TalkBack

Sonraíochtaí teicniúla

Braitheann inrochtaineacht shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh ar na teicneolaíochtaí seo a leanas chun oibriú leis an meascán ar leith de bhrabhsálaí gréasáin agus d’aon teicneolaíochtaí cúnta nó breiseáin atá suiteáilte ar do ríomhaire:

  • HTML
  • WAI-ARIA
  • CSS
  • JavaScript

Ábhar neamh-inrochtana

In ainneoin na n-iarrachtaí is fearr atá déanta againn chun an inrochtaineacht ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh a chinntiú, táimid ar an eolas faoi roinnt lochtanna agus táimid ag obair chun iad a réiteach. Anseo thíos tá cur síos ar na lochtanna a cuireadh ar ár súile dúinn agus ar na réitigh a d’fhéadfadh a bheith orthu. Déan teagmháil linn má thagann tú ar fhadhb nach bhfuil liostaithe thíos.

Na lochtanna a cuireadh ar ár súile dúinn maidir leis an suíomh gréasáin:

  1. Beochan: Tá roinnt beochan ann a chuireann isteach ar léamh an ábhair in aice láimhe, gan aon bhealach ann chun iad a stopadh, a chur ar sos nó a chur i bhfolach.
  2. Codarsnacht: Tá roinnt ábhair ann nach bhfuil codarsnacht leordhóthanach ann lena chúlra.
  3. Bloic a sheachaint: Ní úsáidtear ceannteidil ná sainchomharthaí i gceart go hiomlán, agus tá tionchar aige sin ar a n-úsáid chun codanna sonracha den leathanach a rochtain agus chun struchtúr foriomlán an ábhair a thuiscint le léitheoir scáileáin.
  4. Foirm aiseolais: San fhoirm aiseolais, tá roinnt cnaipí raidió ann nach bhfuil grúpáilte i gceart agus níl codarsnacht leordhóthanach ann i roinnt codanna. Ina theannta sin, níl an CAPTCHA inrochtana ag úsáideoirí atá bodhar nó dall.
  5. Foirm aiseolais – teachtaireachtaí earráide: Níl baint ag teachtaireachtaí earráide san fhoirm aiseolais leis an réimse inar aimsíodh an earráid agus ní léiríonn siad go soiléir cén réimse inar braitheadh an earráid. Tá sé beartaithe againn an fhadhb sin a réiteach faoi dheireadh mhí Dheireadh Fómhair 2023.