Page contents Page contents Iompar éifeachtúil sábháilte a sholáthar atá neamhdhíobhálach don chomhshaol Is ó earnáil an iompair a thagann timpeall 5% de OIT an Aontais agus tá níos mó ná 10 milliún duine fostaithe san earnáil san Eoraip. Dá bhrí sin, tá an córas iompair ríthábhachtach do ghnólachtaí na hEorpa agus do shlabhraí soláthair an domhain. Ag an am céanna, ní gan dochar don tsochaí na buntáistí: astaíochtaí gás ceaptha teasa, astaíochtaí truailleán, torann, timpistí bóthair agus plódú tráchta. Inniu, is iad astaíochtaí iompair is cúis le 25% d’astaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais ina n-iomláine, agus tá méadú tagtha ar líon na n-astaíochtaí sin le blianta beaga anuas. Is gá athruithe uaillmhianacha a dhéanamh ar an iompar chun an sprioc atá againn a bhaint amach, is é sin a bheith ar an gcéad mhór-roinn aeráidneodrach faoi 2050. Tá gá le bealach soiléir chun laghdú 90% a bhaint amach faoi 2050 i dtaca le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaineann leis an iompar.Ghlac an Coimisiún sraith tograí chun go mbeidh beartais aeráide, fuinnimh, iompair agus chánach an Aontais oiriúnach chun glanastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 55% ar a laghad faoi 2030 i gcomparáid le leibhéil 1990. Tuilleadh eolais maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip a chur i gcrích. Gníomhaíochtaí An Straitéis um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe Chliste Connecting Europe Express Doiciméid 12 AIBREÁN 2021Factsheet - The Transport and Mobility Sector Naisc ghaolmhara Ard-Stiúrthóireacht na Soghluaisteachta agus an IompairAn Gréasán Tras-Eorpach Iompair (TEN-T)An tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE)
Is ó earnáil an iompair a thagann timpeall 5% de OIT an Aontais agus tá níos mó ná 10 milliún duine fostaithe san earnáil san Eoraip. Dá bhrí sin, tá an córas iompair ríthábhachtach do ghnólachtaí na hEorpa agus do shlabhraí soláthair an domhain. Ag an am céanna, ní gan dochar don tsochaí na buntáistí: astaíochtaí gás ceaptha teasa, astaíochtaí truailleán, torann, timpistí bóthair agus plódú tráchta.