Page contents Page contents Is féidir gníomhaíochtaí neamhdhleathacha agus mí-úsáid dlí tarlú in aon eagraíocht, bíodh sé príobháideach nó poiblí, mór nó beag. Is iomaí cineál gníomhaíochtaí neamhdhleathacha ann, cuir i gcás éilliú nó calaois, míchleachtas nó faillí. Mura dtugtar aghaidh orthu, d’fhéadfaidís díobháil thromchúiseach a dhéanamh do leas an phobail. Is minic gurb iad daoine a oibríonn le heagraíocht nó a bhíonn i dteagmháil léi ina ngníomhaíochtaí oibre na daoine is túisce ar an eolas faoi na himeachtaí sin agus tá siad, mar sin, i staid phribhléide chun iad siúd ar féidir leo aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb a chur ar an eolas. Sceithirí, i.e. daoine a thuairiscíonn (laistigh den eagraíocht lena mbaineann nó d'údarás lasmuigh) nó a nochtann (don phobal) faisnéis maidir le héagóir a fhaightear i gcomhthéacs oibre, a chabhraíonn chun damáiste a chosc agus bagairt nó dochar do leas an phobail a bhrath, ar bagairtí nó dochar iad a d'fhéadfadh a bheith i bhfolach ar shlí eile. Ar leibhéal na hEorpa agus ar an leibhéal náisiúnta áfach tá an chosaint a fhaigheann sceithirí míchothrom agus gan leanúnachas. Is i ngeall air sin go dtagann lagmhisneach ar sceithirí agus nach dtuairiscíonn siad na rudaí is cúiseanna imní dóibh de bharr a n-eagla roimh fhrithbheart. Ar na cúiseanna sin uile, an 23 Aibreán 2018 chuir an Coimisiún Eorpach pacáiste tionscnamh i láthair, Togra maidir le Treoir i dtaobh cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais agus Teachtaireacht san áireamh, ar pacáiste é lena mbunaítear creat dlíthiúil cuimsitheach um chosaint do sceithirí chun leas an phobail a chosaint ar leibhéal na hEorpa, bealaí tuairiscithe a chur ar bun ar a bhfuil rochtain éasca, an oibleagáid a bhaineann le rúndacht a chur i dtábhacht agus toirmeasc ar fhrithbheart in aghaidh sceithirí chomh maith le bearta spriocdhírithe cosanta a bhunú. Glacadh an Treoir – (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais – an 23 Deireadh Fómhair 2019 agus tháinig sé i bhfeidhm an 16 Nollaig 2019. Tá go dtí an 17 Nollaig 2021 ag na Ballstáit í a thrasuí ina ndlíthe náisiúnta. Doiciméid 16 NOLLAIG 2019Press release - Entry into force of the directive on whistleblower protection 23 DEIREADH FÓMHAIR 2019Directive of The European Parliament and of The Council on the protection of persons who report breaches of Union law 20 AIBREÁN 2018Communication from the Commission to the European Parliament, the Council and the European Economic and Social Committee "Strengthening whistleblower protection at EU level" 20 AIBREÁN 2018Factsheet on whistleblowing Naisc ghaolmhara Cosaint níos láidre do sceithirí ar fud an Aontais – Seomra nuachta JUST