Feachtas tiomsaithe airgid domhanda ‘Seasaimis ar son na hÚcráine’: Gealltanais fhoriomlána
Ag an imeacht gealltanais domhanda ‘Seasaimis ar son na hÚcráine’ a bhí ar siúl i Vársá an 9 Aibreán, tiomsaíodh €9.1 billiún do dhaoine atá ag teitheadh ó ionradh na Rúise, laistigh den Úcráin agus thar lear. Ba éard a bhí san imeacht toradh feachtais dhomhanda chun airgead a thiomsú, rud a sheol Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Ursula von der Leyen agus Príomh-Aire Cheanada Justin Trudeau an 26 Feabhra. Spreag an feachtas rialtais, institiúidí, daoine cruthaitheacha, cuideachtaí agus daoine aonair ar fud an domhain chun maoiniú agus tacaíocht a chruinniú do mhuintir na hÚcráine.