Leis an ócáid gealltanais dhomhanda agus feachtas ‘Seasaimis ar son na hÚcráine’, bailíodh €9.1 billiún do dhaoine atá ag teitheadh ó ionradh na Rúise, laistigh den Úcráin agus thar lear, agus €1 bhilliún ón gCoimisiún Eorpach san áireamh ann. Anuas air sin, tá iasacht €1 bhilliún breise fógartha ag an mBanc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha (BEAF) chun freastal ar riachtanais na ndaoine atá easáitithe de thoradh an ionraidh. Is ábhar sóláis é dlúthpháirtíocht na dtíortha, na gcuideachtaí agus na ndaoine ar fud an domhain le linn na tréimhse dorcha seo. Tá €9.1 billiún tiomsaithe ag an bhfeachtas ‘Seasaimis ar son na hÚcráine’ do dhaoine atá ag teitheadh ó na buamaí, laistigh agus lasmuigh den Úcráin, agus tá billiún breise geallta ag BEAF. Agus tá tuilleadh le teacht fós. Leanfaimid de thacaíocht a chur ar fáil. Agus nuair a stopfaidh na buamaí de bheith ag titim, cabhróimid le muintir na hÚcráine a dtír a atógáil. Leanfaimid orainn ag seasamh ar son na hÚcráine. Inniu, thiomsaíomar os cionn CAD $12.4 billiún chun leanúint de bheith ag tacú le hÚcránaigh a easáitíodh mar gheall ar chogadh leanúnach gan údar Putin. Cé acu bia, uisce, foscadh nó cúnamh leighis atá i gceist – leanfaimid de bheith ag tacú libh agus an cúnamh atá de dhíth oraibh a chur ar fáil ag an am seo. Táimid ag seasamh ar son na hÚcráine. Leis an imeacht gealltanais ar líne ‘Seasaimis ar son na hÚcráine’ cuireadh clabhsúr ar fheachtas níos leithne ar na meáin shóisialta, feachtas a sheol an Coimisiún Eorpach agus an Rialtas i gCeanada an 26 Márta, i gcomhpháirtíocht le Global Citizen. Leis an bhfeachtas seo tugadh freagra ar ghlao ar thacaíocht a sheol Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelenskyy. Is é an aidhm a bhí leis an bhfeachtas maoiniú agus cineálacha eile tacaíochta a chur ar fáil chun freastal ar riachtanais na ndaoine a easáitíodh san Úcráin féin. Go háirithe:Maidir leis na 4 mhilliún duine a bhfuil dídean lorgtha acu cheana féin san Aontas agus na daoine eile ar dócha go dtiocfaidh siad: úsáidfear an maoiniú chun freastal ar a riachtanais ghearrthéarmacha agus mheántéarmacha i mBallstáit an Aontais, lena n-áirítear bia, tithíocht, cúram leighis, oideachas agus fostaíocht.Maidir leis na 6.5 milliún duine, 2.5 milliún páiste san áireamh, a raibh orthu teitheadh óna dtithe ach a d’fhan san Úcráin agus atá easáitithe ina dtír féin anois: úsáidfear an maoiniú agus na tabhartais chun cúram daonnúil ríthábhachtach a chur ar fáil dóibh.Mar aitheantas ar an ról ríthábhachtach atá ag an bPolainn maidir le tacaíocht a thabhairt do dhídeanaithe atá ag teitheadh ón ionradh ar an Úcráin, is i Vársa a eagraíodh an t-imeacht gealltanais, agus bhí an tUachtarán Andrzej Duda páirteach ann. Ilmheáin Tuilleadh ábhar closamhairc Pacáiste le haghaidh na meán sóisialta 28 MEITHEAMH 2022Stand Up for Ukraine: social media kit Tuilleadh eolais Na suimeanna atá gealltaCeisteanna agus freagraí Naisc ghaolmharaDlúthpháirtíocht an Aontais Eorpaigh leis an ÚcráinFreagairt Cheanada ar ionradh na Rúise ar an ÚcráinGlobal CitizenTacaíocht don Úcráin – suíomh gréasáin rialtas na Polainne Lean an dul chun cinn is déanaí agus bí páirteach annTelegramXFacebookInstagramLinkedInLíonraí sóisialta eile