An méid a dhéanann an tAontas Eorpach Tá an domhan ina mairimid ag athrú mar gheall ar dhúshláin atá ag dul i méid amhail an t-athrú aeráide, an intleacht shaorga agus teannas geopholaitiúil. Chun go mbeidh rath orainn sa saol nua seo, ní mór dúinn a chinntiú gur áit í an Eoraip inar féidir leanúint den fhás agus den nuálaíocht a chothú. Chun a chinntiú go mbeidh rath ar ghnólachtaí Eorpacha sa mhargadh domhanda agus chun rathúnas inbhuanaithe a chur ar fáil do gach duine san Aontas, tá an t-iomaíochas á chur i gcroílár a chláir oibre eacnamaíoch ag an gCoimisiún.Tá obair an Choimisiúin sa réimse sin á treorú ag tuarascáil Draghi agus ag an gCompás Iomaíochais. Na torthaí a bhfuiltear ag súil leo €470 billiún sin an maoiniú breise a d’fhéadfadh cuideachtaí Eorpacha a thiomsú ó mhargadh caipitil níos comhtháite€37.5 billiún sin na coigiltis bhliantúla a d’fhéadfadh a bheith ann do chuideachtaí an Aontais má bhainimid amach ár spriocanna simpliúcháin500,000 sin na poist nua réamh-mheasta i ngeilleagar ciorclach na hEorpa faoi 2030 Foinsí: Óráid a thug Uachtarán an Choimisiúin, Ursula von der Leyen uaithi an 23 Aibreán 2024 / Teachtaireacht maidir leis an gCompás Iomaíochais Réimsí gníomhaíochtaAn Compás IomaíochaisÁr dtreochlár chun dinimiceas na hEorpa a athdhearbhú agus borradh a chur faoin bhfás eacnamaíochComhaontú maidir le Tionsclaíocht GhlanAn chaoi a bhfuilimid ag tiontú an dícharbónaithe ina spreagadh fáis do thionscail na hEorpaAontas na scileannaAn plean atá againn chun na bearnaí saothair agus scileanna a líonadh a chuireann bac ar fhás na hEorpaAn tAontas coigiltis agus infheistíochtaDeiseanna airgeadais níos fearr a chruthú do shaoránaigh an Aontais, agus ag an am céanna ligean do ghnólachtaí ar fud na hEorpa fásSimpliúAn t-ualach riaracháin ar chuideachtaí an Aontais a laghdú chun gnó a dhéanamh níos éasca agus níos tapúlaTuarascáil DraghiTuarascáil chinniúnach maidir leis an gcaoi ar féidir leis an Eoraip a hiomaíochas a athbhunú Na príomhnithe a baineadh amach Cuireann an tAontas creat cobhsaí slán ar fáil do chuideachtaí a fhorbraíonn teicneolaíochtaí digiteacha trí bhearta amhail an Gníomh um Shonraí agus an Gníomh um Rialachas Sonraí, an Gníomh um Chibear-Athléimneacht agus an Gníomh um an Intleacht Shaorga.Forbraítear níos mó ná an cúigiú cuid de theicneolaíochtaí glana an domhain san Aontas, agus tá an Eoraip ar thús cadhnaíochta ar fud an domhain maidir le tuirbíní gaoithe, leictrealóirí agus breoslaí ísealcharbóin a fhorbairt.Tá an líonra comhaontuithe trádála is mó agus is tapúla fás ar domhan ag an Aontas, líonra a chumhdaíonn 76 thír. Is sinne an comhpháirtí trádála is mó atá ag 72 thír, agus tá 38% de OTI an domhain sna tíortha sin. In 2022, den chéad uair riamh, ba mhó ná €2 thrilliún luach thrádáil an Aontais trí chomhaontuithe saorthrádála le comhpháirtithe domhanda.Tá spriocanna uaillmhianacha leagtha síos ag an gCoimisiún chun ceanglais tuairiscithe a laghdú faoi 25% ar a laghad do gach cuideachta agus 35% ar a laghad do FBManna, agus sa deireadh thiar, chun na laghduithe sin a leathnú chuig gach cineál ualaigh riaracháin. Tá an méid sin mar chuid d’iarracht simplithe eiseamláireach an Aontais, arb é is aidhm dó dinimiceas gnó a spreagadh agus infheistíocht bhreise a mhealladh chun na hEorpa.Tá líon mór oibrithe oilte, córais láidre oideachais agus oiliúna, agus stát leasa láidir ag an Aontas. Sa lá atá inniu ann, tá níos mó ná 216.5 milliún duine, is é sin os cionn 75% den daonra, fostaithe, níos mó ná mar a bhí ag tráth ar bith eile i stair an Aontais. Sa spotsolas EU Inc. – gnó a dhéanamh níos éasca san Aontas EorpachLe EU Inc., sraith aonair nua rialacha corparáideacha, beidh sé níos éasca do ghnólachtaí tosú, oibriú agus fás ar fud an Aontais. Chuirfeadh a nósanna imeachta roghnacha lándigiteacha ar chumas cuideachtaí nuálacha méadú, dhreasódh siad iad chun fanacht san Eoraip agus spreagfadh siad iad siúd a bhreathnaigh ar áiteanna eile chun filleadh.Is cuid den 28ú córas nua níos leithne é lena dtugtar an deis do ghnólachtaí leas a bhaint as tairbhí an mhargaidh aonair. Le EU Inc. beifear in ann clárú níos tapúla agus nósanna imeachta níos simplí a chur i bhfeidhm, rud a fhágfaidh go bhféadfar cuideachta a bhunú laistigh de 48 n-uair an chloig, ar níos lú ná €100, agus nach gceanglófar uirthi eolas faoin gcuideachta a chur ar fáil ach aon uair amháin, trí chomhéadan ar leibhéal an Aontais.Tá an Coimisiún ag iarraidh ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle teacht ar chomhaontú i dtaca leis an togra EU Inc. faoi dheireadh 2026.Tuilleadh eolais Naisc ghaolmhara Tosaíochtaí 2024-2029: IomaíochasAn seimeastar Eorpach Nuashonraíodh an leathanach seo den uair dheireanach an 18 Márta 2026
Tá an domhan ina mairimid ag athrú mar gheall ar dhúshláin atá ag dul i méid amhail an t-athrú aeráide, an intleacht shaorga agus teannas geopholaitiúil. Chun go mbeidh rath orainn sa saol nua seo, ní mór dúinn a chinntiú gur áit í an Eoraip inar féidir leanúint den fhás agus den nuálaíocht a chothú. Chun a chinntiú go mbeidh rath ar ghnólachtaí Eorpacha sa mhargadh domhanda agus chun rathúnas inbhuanaithe a chur ar fáil do gach duine san Aontas, tá an t-iomaíochas á chur i gcroílár a chláir oibre eacnamaíoch ag an gCoimisiún.Tá obair an Choimisiúin sa réimse sin á treorú ag tuarascáil Draghi agus ag an gCompás Iomaíochais.
An Compás IomaíochaisÁr dtreochlár chun dinimiceas na hEorpa a athdhearbhú agus borradh a chur faoin bhfás eacnamaíoch
Comhaontú maidir le Tionsclaíocht GhlanAn chaoi a bhfuilimid ag tiontú an dícharbónaithe ina spreagadh fáis do thionscail na hEorpa
Aontas na scileannaAn plean atá againn chun na bearnaí saothair agus scileanna a líonadh a chuireann bac ar fhás na hEorpa
An tAontas coigiltis agus infheistíochtaDeiseanna airgeadais níos fearr a chruthú do shaoránaigh an Aontais, agus ag an am céanna ligean do ghnólachtaí ar fud na hEorpa fás
SimpliúAn t-ualach riaracháin ar chuideachtaí an Aontais a laghdú chun gnó a dhéanamh níos éasca agus níos tapúla
Tuarascáil DraghiTuarascáil chinniúnach maidir leis an gcaoi ar féidir leis an Eoraip a hiomaíochas a athbhunú
EU Inc. – gnó a dhéanamh níos éasca san Aontas EorpachLe EU Inc., sraith aonair nua rialacha corparáideacha, beidh sé níos éasca do ghnólachtaí tosú, oibriú agus fás ar fud an Aontais. Chuirfeadh a nósanna imeachta roghnacha lándigiteacha ar chumas cuideachtaí nuálacha méadú, dhreasódh siad iad chun fanacht san Eoraip agus spreagfadh siad iad siúd a bhreathnaigh ar áiteanna eile chun filleadh.Is cuid den 28ú córas nua níos leithne é lena dtugtar an deis do ghnólachtaí leas a bhaint as tairbhí an mhargaidh aonair. Le EU Inc. beifear in ann clárú níos tapúla agus nósanna imeachta níos simplí a chur i bhfeidhm, rud a fhágfaidh go bhféadfar cuideachta a bhunú laistigh de 48 n-uair an chloig, ar níos lú ná €100, agus nach gceanglófar uirthi eolas faoin gcuideachta a chur ar fáil ach aon uair amháin, trí chomhéadan ar leibhéal an Aontais.Tá an Coimisiún ag iarraidh ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle teacht ar chomhaontú i dtaca leis an togra EU Inc. faoi dheireadh 2026.Tuilleadh eolais