An 10 Meán Fómhair 2025, thug Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, a céad aitheasc ar Staid an Aontais dá sainordú 2024-2029. Leag sí clár oibre misniúil amach ann do na míonna atá le teacht. Leag sí amach fís chun iomaíochas agus athléimneacht na hEorpa a neartú, ár gcomhpháirtíochtaí a dhoimhniú agus ár bhfondúireachtaí daonlathacha a threisiú, i measc rudaí eile. ‘Ní mór gurb é seo tráth neamhspleáchais na hEorpa. Creidim gurb é sin misean an Aontais seo againne. A bheith in ann aire a thabhairt dár gcosaint agus dár slándáil féin. Smacht a bheith againn ar na teicneolaíochtaí agus ar an bhfuinneamh a spreagfaidh ár ngeilleagair. Cinneadh a dhéanamh maidir leis an gcineál sochaí agus an cineál daonlathais inar mian linn maireachtáil. A bheith oscailte don domhan agus comhpháirtíochtaí a roghnú le comhghuaillithe, idir shean agus nua. Is éard atá ann an tsaoirse agus an chumhacht a bheith againn chun ár gcinniúint féin a chinneadh. Agus tá a fhios againn gur féidir linn déanamh amhlaidh. Mar, i dteannta a chéile, léiríomar an méid is féidir a dhéanamh nuair a bhíonn an uaillmhian chéanna againn, an aontacht chéanna againn, agus an díocas céanna orainn.Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Page contents Page contents Iomaíochasan nuálaíocht a mhéadú, leas a bhaint as acmhainneacht na dteicneolaíochtaí digiteacha, trí ghníomh an Aontais um fhorbairt néalríomhaireachta agus intleachta saorga agus tríd an 28ú córas agus an Ionstraim Eorpach um Nuálaíochtobair a dhéanamh ar fhuinneamh glan dúchasach, tríd an mbonneagar eangaí fuinnimh a neartú trí phacáiste nua eangaí, agus a chinntiú gur san Eoraip a leanfar de thodhchaí na teicneolaíochta glaine a dhéanamh, trí ghníomh um dhlús a chur leis an dícharbónú tionsclaíochan timpeallacht rialála a shimpliú le sraith aonair chomhchuibhithe rialacha, trí phacáistí simpliúcháin ‘omnibus’ breise a chuireann leis na sé cinn atá curtha síos cheana Féach ar an ráiteas maidir le hiomaíochas Cosaint agus slándáil infheistíocht a dhéanamh chun tacú lenár mBallstáit ag na teorainneacha oirthearacha le Faireachán ar Thaobh Thoir na hEorpa mar bhealach chun a chinntiú nach mbeidh aon ghluaiseacht fórsaí ann i ngan fhiosár dteorainneacha a chosaint ar bhealach níos fearr tríd an Rialachán maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach a fheabhsúcosaint na hEorpa a dhéanamh níos láidre agus níos inchreidte trí Threochlár um Ullmhacht Cosanta Eorpach, lena bhféadfaí suas le €800 billiún a shlógadh in infheistíochtaí cosanta agus trí sheimeastar cosanta Eorpach a chruthúrialacha nua maidir leis an gcoireacht eagraithe a chomhrac agus córas nua smachtbhannaí chun díriú ar smuigléirí agus ar gháinneálaithe Féach ar an ráiteas maidir le cosaint agus slándáil An Úcráinóstáil a dhéanamh ar chruinniú mullaigh den chomhghuaillíocht idirnáisiúnta chun leanaí na hÚcráine a thabhairt abhaile, arb é is aidhm dó a chinntiú go dtabharfar gach leanbh fuadaithe abhailetacú leis an tír le hiasacht chúitimh, agus sócmhainní Rúiseacha blocáilte mar thacú léiclár um Buntáiste Míleata Cáilíochtúil a sheoladh chun fórsaí armtha na hÚcráine a neartú, agus béim ar leith á leagan ar dhróin Féach ar an ráiteas maidir leis an Úcráin An Meánoirthearstop a chur le tacaíocht dhéthaobhach d’Iosrael, seachas an tsochaí shibhialta agus Yad Vashem, agus smachtbhannaí a mholadh ar airí antoisceacha agus ar lonnaitheoirí foréigneachaan Comhaontú Comhlachais idir an tAontas agus Iosrael maidir le cúrsaí trádála a chur ar fionraí go páirteachgrúpa deontóirí don Phalaistín a bhunú, ina mbeidh ionstraim thiomnaithe um atógáil Gaza san áireamh Féach ar an ráiteas maidir leis an Meánoirthear Cothroime shóisialta na hEorpatithíocht a dhéanamh níos inacmhainne agus níos inbhuanaithe agus feabhas a chur ar a cáilíocht, trí thograí amhail an plean um thithíocht inacmhainnedlús a chur leis an gcomhrac i gcoinne na bochtaineachta trí straitéis Eorpach i gcoinne na bochtaineachtalucht saothair na hEorpa a chumhachtú trí ghníomh um poist ardcháilíochta a mholadh, chun a chinntiú go mbíonn an fhostaíocht nua-aimseartha ag coinneáil suas leis an ngeilleagar nua-aimsearthatacú leis an tsochaí i gcoitinne, ó phobail tuaithe go ceantair uirbeacha, trí straitéis do na réigiúin is forimeallaí agus clár oibre do na cathracha Féach ar an ráiteas maidir le cothroime shóisialta Eorpach Cáilíocht saoilplean Eorpach um oiriúnú don athrú aeráide a chur chun cinn chun dlús a chur le hiarrachtaí na hEorpa maidir le hathléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide agus oiriúnú don athrú aeráidefeabhas a chur ar shlándáil an tsoláthair bia trí thacú lenár bhfeirmeoirí agus le hearnáil talmhaíochta an Aontais i gcoitinne le tionscnamh maidir le hathnuachan na feirmeoireachta ó ghlúin go glúin agus leis an bpacáiste omnibus maidir le biaan fiadhúlra agus an comhshaol a chosaint trí straitéis maidir le beostoc, ina bhfuil gnéithe maidir le leas ainmhithe agus an gníomh um an aigéan san áireamh Féach ar an ráiteas maidir le cáilíocht saoil An daonlathas agus ár luachannafeabhas a chur ar an gcumas monatóireacht a dhéanamh ar ionramháil faisnéise agus ar bhréagaisnéis agus iad a bhrath tríd an sciath Eorpach don daonlathas a chur i bhfeidhmcosaint níos fearr a thabhairt do thomhaltóirí ar líne tríd an ngníomh um chothroime dhigiteach agus d’úsáideoirí ar líne ar bhonn níos ginearálta le tionscnaimh amhail an plean gníomhaíochta i gcoinne na cibearbhulaíochtaan t-éilliú a chomhrac tríd an straitéis maidir le frithéilliú agus trí chlár nua athléimneachta na meán a sheoladh chun na meáin agus an preas neamhspleách a chosaint Féach ar an ráiteas maidir leis an daonlathas agus ár luachanna An Eoraip dhomhandaobair a dhéanamh chun an chaibidlíocht trádála atá ar siúl faoi láthair, amhail an comhaontú stairiúil leis an India, a thabhairt chun críchecomhpháirtíochtaí comhthairbheacha a neartú, amhail an Comhshocrú don Mheánmhuira bheith ar thús cadhnaíochta maidir leis an tsláinte dhomhanda trí Thionscnamh Domhanda nua um Athléimneacht Sláinte Féach ar an ráiteas maidir leis an Eoraip dhomhanda Buiséad an Aontais agus athchóiriúbailchríoch a chur ar bhuiséad uaillmhianach lena mbainfear torthaí amach do mhuintir na hEorpa