An 10 Meán Fómhair 2025, thug Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, a céad aitheasc ar Staid an Aontais dá sainordú 2024-2029. Leag sí clár oibre misniúil amach ann do na míonna atá le teacht. Leag sí amach fís chun iomaíochas agus athléimneacht na hEorpa a neartú, ár gcomhpháirtíochtaí a dhoimhniú agus ár bhfondúireachtaí daonlathacha a threisiú, i measc rudaí eile.
‘Ní mór gurb é seo tráth neamhspleáchais na hEorpa. Creidim gurb é sin misean an Aontais seo againne. A bheith in ann aire a thabhairt dár gcosaint agus dár slándáil féin. Smacht a bheith againn ar na teicneolaíochtaí agus ar an bhfuinneamh a spreagfaidh ár ngeilleagair. Cinneadh a dhéanamh maidir leis an gcineál sochaí agus an cineál daonlathais inar mian linn maireachtáil. A bheith oscailte don domhan agus comhpháirtíochtaí a roghnú le comhghuaillithe, idir shean agus nua. Is éard atá ann an tsaoirse agus an chumhacht a bheith againn chun ár gcinniúint féin a chinneadh. Agus tá a fhios againn gur féidir linn déanamh amhlaidh. Mar, i dteannta a chéile, léiríomar an méid is féidir a dhéanamh nuair a bhíonn an uaillmhian chéanna againn, an aontacht chéanna againn, agus an díocas céanna orainn.
Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh