- Sraith comhairliúchán d’Idirphlé maidir leis an Aistriú Glan a eagrú leis an tionscal chun cur chuige a fhorbairt do gach éiceachóras tionsclaíoch, an talmhaíocht san áireamh
- Pacáiste Eorpach um Chumhacht Gaoithe a mholadh chun maolú a dhéanamh ar na dúshláin atá roimh thionscal gaoithe an Aontais; tuilleadh dlúis a chur le ceadú agus feabhas a chur ar na córais cheantála
- Imscrúdú frith-fhóirdheontais a sheoladh ar fheithiclí leictreacha a thagann ón tSín
- Idirphlé straitéiseach a sheoladh maidir le todhchaí na talmhaíochta san Aontas Eorpach
- Cruinniú Mullaigh nua na gComhpháirtíochtaí Sóisialta a eagrú, chun díriú ar dhúshláin amhail ganntanas scileanna agus lucht saothair, agus athruithe a eascraíonn as an intleacht shaorga
- Toscaire an Aontais a cheapadh d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide, toscaire a thuairisceoidh d’Uachtarán an Choimisiúin
- Tograí reachtacha a chur ar aghaidh chun ceanglais tuairiscithe a laghdú 25% ar an leibhéal Eorpach chun gur fusa a bheidh sé gnó a dhéanamh
- Tuarascáil a iarraidh ar Mario Draghi maidir le todhchaí iomaíochas na hEorpa, chun a leagan amach conas is féidir leis an Aontas leanúint de bheith iomaíoch agus an t-aistriú glan a threorú ag an am céanna
- Tionscnamh chun ár ríomhairí ardfheidhmíochta a chur ar fáil do ghnólachtaí nuathionscanta i réimse na hintleachta saorga chun oiliúint a chur ar a gcuid samhlacha
- Tacú le painéal domhanda a chruthú ar a dtiocfaidh eolaithe, cuideachtaí teicneolaíochta agus saineolaithe le chéile chun deiseanna agus rioscaí a bhaineann leis an intleacht shaorga a shainaithint
- Oibriú leis an earnáil ghnó ar íoschaighdeáin dhomhanda maidir le húsáid shábháilte eiticiúil na hintleachta saorga
- A mholadh go gcuirfí síneadh leis an gcosaint shealadach do mhuintir na hÚcráine san Aontas Eorpach
- An togra le haghaidh Saoráid don Úcráin, ar fiú €50 billiún í, a chur chun feidhme le haghaidh infheistíochta agus athchóirithe sna ceithre bliana amach romhainn
- Tuarascálacha ón Aontas maidir leis an Smacht Reachta a leathnú chuig na tíortha aontachais sin a thiocfaidh suas leis na Ballstáit níos tapa
- Sraith athbhreithnithe beartais réamh-mhéadaithe a sheoladh chun a fháil amach conas is gá gach beartas den Aontas a chur in oiriúint don Aontas a bheidh níos mó
- Smaointe a chur i láthair ag idirphlé na gCeannairí a thionólfar faoi Uachtaránacht na Beilge ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh
- Cur chuige straitéiseach nua a mholadh don Afraic, chun comhpháirtíocht chomhthairbheach a fhorbairt maidir le saincheisteanna coiteanna don dá ilchríoch
- Comhdháil idirnáisiúnta a eagrú maidir leis an gcomhrac i gcoinne smuigleáil imirceach

Staid an Aontais 2023 - Na príomhthionscnaimh
- СЪСТОЯНИЕ НА СЪЮЗА ПРЕЗ 2023 г. - Основни инициативи
- ESTADO DE LA UNIÓN 2023 - Iniciativas principales
- STAV UNIE V ROCE 2023 - Hlavní iniciativy
- UNIONENS TILSTAND 2023 - Hovedinitiativer
- Lage der Union 2023 - Wichtigste Initiativen
- EUROOPA LIIDU OLUKORD 2023 - Peamised algatused
- Η ΚΑΤΑΣΤΑΣΗ ΤΗΣ ΕΝΩΣΗΣ ΤΟ 2023 - Κύριες πρωτοβουλίες
- State of the Union 2023 - Main initiatives
- État de l'Union 2023 - Principales initiatives
- Stanje Unije 2023 - Glavne inicijative
- Stato dell'Unione 2023 - Iniziative principali
- STĀVOKLIS SAVIENĪBĀ 2023. GADĀ - Galvenās iniciatīvas
- SĄJUNGOS PADĖTIS 2023 M. - Svarbiausios iniciatyvos
- AZ UNIÓ HELYZETE 2023‑BAN - Fő kezdeményezések
- L-ISTAT TAL-UNJONI 2023 - Inizjattivi ewlenin
- STAAT VAN DE UNIE 2023 - Belangrijkste initiatieven
- Orędzie o stanie Unii 2023 - Najważniejsze inicjatywy
- Estado da União 2023 – Principais iniciativas
- Starea Uniunii 2023 – Inițiativele principale
- Stav Únie 2023 – Hlavné iniciatívy
- Stanje v Uniji 2023 – Glavne pobude
- Unionin tila 2023 - Keskeiset aloitteet
- Tillståndet i unionen 2023 - De viktigaste initiativen






