D’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach a thuarascáil bhliantúil ar Staid na Deacáide Digití. Léirítear sa tuarascáil an dul chun cinn atá déanta i dtreo na gcuspóirí agus na spriocanna a leagtar amach le haghaidh 2030 i gclár beartais na Deacáide Digití.Tá athnuachan á déanamh ag an Aontas ar a iarrachtaí chun claochlú digiteach níos iomaíche, níos athléimní, níos cuimsithí agus níos ceannasaí a chur chun cinn. Mar sin féin, tá gá le gníomhaíocht phráinneach mhisniúil chun spriocanna 2030 a bhaint amach.Is iad seo a leanas príomhthorthaí na tuarascála:Bonneagair dhigiteacha: d’ainneoin dul chun cinn áirithe, tá dul chun cinn mall á dhéanamh maidir le leathadh amach an bhonneagair nascachta, cuir i gcás líonraí snáithín agus líonraí neamhspleácha 5GDigitiú gnólachtaí: tá feabhas tagtha ar ghlacadh na hintleachta saorga (IS), na néalríomhaireachta agus na mórshonraí ag cuideachtaí, ach ní mór dlús a chur léi fósScileanna digiteacha: níl bunleibhéal scileanna digiteacha ach ag 55.6% de mhuintir na hEorpa, agus tá infhaighteacht speisialtóirí TFC a bhfuil ardscileanna acu fós íseal. Freisin, tá deighilt mhór inscne ann, rud a chuireann bac ar dhul chun cinn sa chibearshlándáil agus san intleacht shaorgaDigitiú seirbhísí poiblí: in 2024, rinne an tAontas dul chun cinn seasta maidir le príomhsheirbhísí poiblí a dhigitiú, ach tá sciar suntasach den bhonneagar digiteach rialtais fós ag brath ar sholáthraithe seirbhíse lasmuigh den Aontas.Léiríonn na sonraí dúshláin leanúnacha, cuir i gcás margaí ilroinnte, rialacháin atá róchasta, slándáil agus spleáchas straitéiseach. Leagtar béim sa tuarascáil ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint le gníomhaíocht mhisniúil, rud a d’fhéadfadh borradh a chur faoi OTI an Aontais Eorpaigh.Déanfaidh Ballstáit den Aontas athbhreithniú ar na moltaí ón gCoimisiún chun spriocanna 2030 a bhaint amach agus pléifidh siad an bealach chun cinn leis an gCoimisiún. Tuilleadh eolaisBileog eolais: Staid na Deacáide Digití 2025Leathanaigh fíricí de réir tíre Sonraí Dáta foilsithe16 Meitheamh 2025ÚdarArd-Stiúrthóireacht na Cumarsáide