Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

Todhchaí dhigiteach níos sábháilte: rialacha nua cibearshlándála ina ndlí anois

  • Alt nuachta
  • 10 Nollaig 2024
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  • Am léitheoireachta: 2 nóiméad
Close up of baby monitor in kitchen

 

Tháinig rialacha nua cibearshlándála an Aontais i bhfeidhm inniu, rud a fhágfaidh gur sábháilte a bheidh gach rud idir mhonatóirí leanaí agus uaireadóirí cliste. Le teacht i bhfeidhm an Ghnímh um Chibear-Athléimneacht, beidh feidhm anois ag ceanglais chibearshlándála éigeantacha shonracha maidir le gach táirge atá nasctha go díreach nó go hindíreach le gléas nó líonra eile (seachas eisiaimh shonraithe). Forchuirfear na ceanglais sin ar mhonaróirí agus ar mhiondíoltóirí.

Leis an nGníomh, déanfar an méid seo a leanas a ráthú:

  • rialacha comhchuibhithe maidir le táirgí nó bogearraí a thabhairt chun an mhargaidh a bhfuil comhpháirt dhigiteach ag gabháil leo
  • creat ceanglas cibearshlándála lena rialaítear pleanáil, dearadh, forbairt agus cothabháil táirgí den sórt sin, agus oibleagáidí le comhlíonadh ag gach céim den slabhra luacha
  • oibleagáid dualgas cúraim a chur ar fáil do shaolré iomlán na dtáirgí sin

Go praiticiúil, ciallaíonn sé sin go mbeidh ar mhonaróirí táirgí comhlíontacha a chur ar mhargadh an Aontais faoi 2027. Beidh an mharcáil CE ar na táirgí sin chun a léiriú go gcomhlíonann siad na caighdeáin nua. Trína cheangal ar mhonaróirí agus ar mhiondíoltóirí tosaíocht a thabhairt don chibearshlándáil, tabharfar de chumhacht do chustaiméirí agus do ghnólachtaí roghanna níos eolaí a dhéanamh.

Oibríonn an tAontas i réimsí éagsúla chun cibear-athléimneacht a chur chun cinn. Bonn taca leis an obair sin is ea Straitéis Chibearshlándála an Aontais, rud a cuireadh i láthair ag deireadh 2020. Cumhdaítear leis an straitéis slándáil seirbhísí bunriachtanacha, amhail ospidéil, eangacha fuinnimh agus iarnróid, chomh maith le líon síormhéadaitheach na n-oibiachtaí nasctha inár dtithe, inár n-oifigí agus inár monarchana. Is í Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA) gníomhaireacht an Aontais atá tiomanta ardleibhéal coiteann cibearshlándála a bhaint amach ar fud na hEorpa.

Is amhlaidh a bheidh tábhacht leis an gcibearshlándáil agus le forfheidhmiú dhlíthe digiteacha an Aontais le linn shainordú 2024-2029 an Choimisiúin. Molfaidh an Coimisiún go luath plean gníomhaíochta Eorpach um chibearshlándáil ospidéal agus soláthraithe cúraim sláinte chun na córais cúraim sláinte a chosaint. 

Tuilleadh eolais

Gníomh um an gCibear-Athléimneacht

Beartais chibearshlándála

Marcáil CE

Plean nua chun go mbeidh rathúnas agus iomaíochas na hEorpa inbhuanaithe

Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA)

Sonraí

Dáta foilsithe
10 Nollaig 2024
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide