Ón 17 Feabhra i leith, beidh timpeallacht ar líne an Aontais ag éirí níos sábháilte, níos cothroime agus níos trédhearcaí nuair a thiocfaidh an leabhar rialacha cinniúnach i bhfeidhm go hiomlán, is é sin an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha. Leis an nGníomh sin, cuirfear freagrachtaí nua ar ardáin ar líne a bhfuil úsáideoirí san Aontas acu, agus é mar aidhm leo cosaint níos fearr a thabhairt do na húsáideoirí sin agus dá gcearta. Tá feidhm cheana féin ag na rialacha sin maidir le roinnt ardán agus inneall cuardaigh an-mhór ó 2023 i leith, ach beidh feidhm acu anois maidir le gach ardán agus gach seirbhís óstála. Ciallaíonn sin go mbeidh orthu go léir roinnt beart éagsúil a chur i bhfeidhm chun úsáideoirí a chumhachtú. Áirítear orthu sin: ábhar, earraí agus seirbhísí neamhdhleathacha a chomhrac trí mhodhanna a chur ar fáil d’úsáideoirí chun gníomhaíocht neamhdhleathach den sórt sin a chur in iúl mionaoisigh a chosaint, agus cosc iomlán ar dhíriú ar mhionaoisigh san áireamh, trí úsáid a bhaint as fógraí atá bunaithe ar phróifíliú nó ar a sonraí pearsanta úsáideoirí a chumhachtú le heolas faoi na fógraí a fheiceann siad, cuir i gcás an fáth a bhfuil na fógraí á dtaispeáint dóibh agus cé a d’íoc as an bhfógra cosc a chur ar fhógraí lena ndírítear ar úsáideoirí bunaithe ar shonraí íogaire, cuir i gcás tuairimí polaitíochta nó creideamh reiligiúnach, gnéaschlaonadh, etc. é a dhéanamh níos éasca gearáin a chur isteach agus teagmháil a dhéanamh leo Chun cuidiú leis an gCoimisiún monatóireacht a dhéanamh ar oibleagáidí sa Ghníomh nua seo agus iad a fhorfheidhmiú, cuideoidh na húdaráis fhreagracha lena chinntiú go bhfeidhmeoidh na hardáin i gcomhréir leis na rialacha i ngach tír san Aontas. In éineacht leis an gCoimisiún, oibreoidh siad mar chomhlacht comhairleach lena chinntiú go gcuirfear na rialacha i bhfeidhm go comhsheasmhach, sin agus go mbeidh na cearta céanna ag úsáideoirí ar fud an Aontais. Tuilleadh eolais: An Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha Ardáin agus innill chuardaigh an-mhór ar líne Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha Bí níos sábháilte ar líne Preaseisiúint: Feidhm anois ag an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha maidir le gach ardán ar líne san Aontas Eoraip atá oiriúnach don Aois Dhigiteach Sonraí Dáta foilsithe16 Feabhra 2024ÚdarArd-Stiúrthóireacht na Cumarsáide